Léargas nua ar chaiteachas Roinn na Gaeltachta i ngach contae Gaeltacha le cúig bliana anuas

Is mó airgead atá caite ag Roinn na Gaeltachta le cúig bliana anuas i nGaeltacht na Gaillimhe ná sa chuid eile den Ghaeltacht ar fad

Léargas nua ar chaiteachas Roinn na Gaeltachta i ngach contae Gaeltacha le cúig bliana anuas

Tá níos mó airgid caite ag Roinn na Gaeltachta le cúig bliana anuas i nGaeltacht na Gaillimhe ná mar atá caite acu sna cheantair Ghaeltachta eile ar fad.

Léiríonn figiúirí nua a bhfuil anailís déanta ag Tuairisc.ie orthu gur chaith an Roinn €37,740,891 sa Ghaeltacht le cúig bliana anuas, idir a gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus Scéim na bhFoghlaimeoirí Teanga.

Léiríonn na figiúirí céanna gur fíorbheagán maoinithe atá ag dul go dtí na ceantair Ghaeltachta is lú, agus gan ag Gaeltacht Phort Láirge, mar shampla, ach €48,563 as an gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga.

Go dtí Gaeltacht na Gaillimhe a chuaigh €19,965,010, nó 52.9%, den mhaoiniú a ceadaíodh faoin gclár sin agus faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Teanga.

Tá beagán faoi bhun 50% den 20,586 cainteoir laethúil Gaeilge lasmuigh den chóras Oideachais i nGaeltacht na Gaillimhe. €7,214,900 a fuair Gaeltacht Dhún na nGall le linn na tréimhse céanna, nó 19.11% den iomlán. 29% de na cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais atá i nDún na nGall. Tá méadú áfach tagtha ar sciar Dhún na nGall den chiste le cúpla bliain anuas, agus 30% de mhaoiniú an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga a chuaigh go dtí an contae sin in 2017.

€6,583,020, nó 17.43% den iomlán, a fuair ceantair Ghaeltachta Chiarraí, mar a bhfuil 10% de na cainteoirí laethúla Gaeilge. Tá laghdú leanúnach, áfach, tagtha ar sciar Chiarraí de mhaoiniú an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga le roinnt blianta anuas.

€1,105,932, nó 2.93% den iomlán, a chuaigh go dtí Gaeltacht Chorcaí as an gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus Scéim na bhFoghlaimeoirí Teanga le cúig bliana anuas. €527,500 ar fad a chuaigh go dtí Port Láirge le cúig bliana anuas, ach ní dheachaigh go dtí an contae sin ach €48,563 ón gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga, nó níos lú ná 1.38% de mhaoiniú iomlán an chláir sin.

€112,435 a chuaigh go dtí Gaeltacht na Mí as an gclár sin agus €389,068 san iomlán a chuaigh go dtí an contae sin nuair a chuirtear Scéim na bhFoghlaimeoirí Teanga san áireamh.

Sa bhreis ar an €37.7 milliún a chaith Roinn na Gaeltachta faoin gClár Tacaíochta Pobail agus Teanga sa Ghaeltacht, ceadaíodh €1.73 milliún eile d’eagraíochtaí a bhíonn ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta éagsúla. Dúradh nach bhféadfaí an caiteachas sin “a shonrú chomh héasca sin de réir contae” ach tá sé curtha san áireamh i dtábla uimhir a 2 mar airgead ‘ilghnéitheach’. San áireamh san airgead sin, tá an maoiniú a thugtar do Scéim na gCampaí Samhraidh agus Scéim na gCúntóirí Teanga. Ba é an Teachta Dála Peadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin a fuair na figiúirí ar a bhfuil anailís Tuairisc.ie bunaithe.

Faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid na Roinne cuirtear maoiniú ar fáil “chun tacú le bonneagar na Gaeilge agus chun pobail na Gaeltachta threisiú” agus bíonn idir chúnamh caipitil agus reatha i gceist leis an maoiniú sin.

Is faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a chuireann an Roinn maoiniú ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí na gcoláistí samhraidh.

Fág freagra ar 'Léargas nua ar chaiteachas Roinn na Gaeltachta i ngach contae Gaeltacha le cúig bliana anuas'

  • Feardorcha

    Tá polaiteoirí na Gaillimhe ábalta an claon a imirt ar scéim amháin, na Conallaigh ar scéim eile agus lucht Chiarraí is Mhaigh Eo trí chúlbhealach eile.
    Ní hin is spéisiúla faoi na figiúirí áirithe sin, cuirim geall leat, ach cén pócaí a líonadh leis an airgead céanna ar deireadh. Tá daoine ar leith ag déanamh go hana mhaith ó thionscal na teangan.