Éachtaint mhaith ar ráig na ngortuithe i gCLG tugtha ag ‘Tabú – An Taobhlíne’ ar TG4

Agus Máire Treasa Ní Cheallaigh ár dtreorú go deisbhéalach, tugadh léiriú soiléir dúinn ar TG4 ar chás an imreora CLG sa lá atá inniu ann

Éachtaint mhaith ar ráig na ngortuithe i gCLG tugtha ag ‘Tabú – An Taobhlíne’ ar TG4

Ceann de na smaointe a rith chugam nuair a bhíos ag féachaint ar Tabú – An Taobhlíne (TG4, Dé Céadaoin) ná go bhfuil uair na cinniúna ag teannadh linn go tréan maidir le leas imreoirí CLG. Le Máire Treasa Ní Cheallaigh ár dtreorú go heolgaiseach, deisbhéalach léirítear go soiléir go bhfuil fir agus mná óga ar fud na tíre gafa go hiomlán le cluichí CLG, ach léirítear freisin go bhféadfadh an traenáil dhian atáthar ag déanamh drochthionchar a imirt ar shláinte sciar shuntasach díobh amach anseo.

Máinlia ortaipéideach comhairleach é Patrick Carton agus ní chuireann sé siúd fiacail sa chur síos a dhéanann sé dúinn ar impleachtaí fadtéarmacha na ngortuithe a bhíonn ar imreoirí CLG. Dar le Patrick gur imreoirí spóirt iad 85% díobh siúd a théann faoi scian i gclinic Whitfield i bPort Láirge agus gur imreoirí CLG a bhformhór.

Bhí an grá agus an díograis i leith na gcluichí Gaelacha le sonrú go láidir i gcaint an uile rannpháirtí, ach ag an am céanna is léir go bhfuiltear imithe thar fóir leis an traenáil, an aclaíocht agus na híobairtí pearsanta ar fad.

Faoi mar a deir Maire Treasa linn ag tús an chláir tá na cluichí iad féin éirithe níos tapúla agus níos fisiciúla i gcaitheamh na mblianta. Níos mó ama á chaitheamh ar pháirc na himeartha agus uaireanta an chloig á gcaitheamh i gcairteacha gach seachtain ag taisteal chuig traenáil. Ní haon ionadh ar shlí go mbeidh impleachtaí fadtréimhseacha aige seo do dhaoine áirithe.

I suirbhé amháin thug imreoirí idirchontae le fios go slogann CLG aon uair an chloig déag ar fhichid in aghaidh na seachtaine. Deirtear linn chomh maith go bhfuil go leor imreoirí idir 18-21 ag imirt le ceithre fhoireann nó níos mó. Admhaíonn Gearóid Devitt, oifigeach leasa imreoirí CLG go bhfuiltear rite amach ón gcairt ar fad.

Cloisimid scéalta truamhéalacha ó imreoirí ar fud na tíre. Frustrachas orthu go bhfuil siad ag cailliúint amach agus go bhfuil bóthar fada téarnaimh os a gcomhair

Dhein Shona Barrett ó Bhleá Cliath scrios ar a glúin agus deich seachtaine ina dhiaidh sin bhí a deirfiúr i ngalar na gcás lena glúin féin.

Tá Mark Stokes ocht mbliana déag d’aois agus tá fadhbanna ollmhóra aige lena ghlúin. B’éigean dá athair na bróga caide a chaitheamh thar claí mar go raibh sé marbh le gortuithe. Ansin címid muintir Drohan; deartháir agus deirfiúr atá buailte go dona le gortuithe; strac Caoimhe a ballnasc croiseach faoi dhó nuair a bhí sí sna déaga agus cé nach bhfuil Evan ach sna déaga déanacha tá obráidí faighte aige ar an dá chromán cheana féin.

Clár cumasach, sollúnta a thug éachtaint dúinn ar ráig na ngortuithe i gCLG. An cheist anois cad is féidir a dhéanamh faoi?

Mar is iondúil ar na saolta seo bhí formhór an chláir as Béarla. Bíodh sin mar atá – níl ach méid áirithe gur féidir le haon léirmheastóir amháin a rá faoin méid sin.

Fág freagra ar 'Éachtaint mhaith ar ráig na ngortuithe i gCLG tugtha ag ‘Tabú – An Taobhlíne’ ar TG4'