Léargas greannmhar caolchúiseach ar ealaíontóir mná den chine dubh in Harlem an lae inniu

Is mó téama a tharraingíonn Radha Blank chuici féin in The Forty-Year-Old Version, grá don fhód dúchais, baois na meánaoise agus cruachás an ealaíontóra dhuibh ina measc

Léargas greannmhar caolchúiseach ar ealaíontóir mná den chine dubh in Harlem an lae inniu

The Forty-Year-Old Version
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Radha Blank
Cliar: Radha Blank, Peter Kim, Reed Birney, Oswin Benjamin, Imani Lewis

I dtosach an scannáin címid an drámadóir Radha (Blank) in ísle brí; tá sí ag tarraingt ar an dá scór agus an chuma ar an scéal go bhfuil a lá mar dhrámadóir caite.

Is mór an bhéim síos sa saol é seo di mar deich mbliana ó shin ainmníodh í ina measc siúd faoi thríocha bliain d’aois a raibh gealladh fúthu. Anois, tá sí ag strácáil léi ar éigean, ag tuilleamh a crústa ag múineadh drámaíochta do dhéagóirí Harlem agus ag maireachtaint in árasán beag léi féin. Leis an uaigneas a chur i gceann na hainnise bhásaigh máthair Radha tuairim is bliain roimhe seo; ealaíontóir bocht a raibh tionchar mór aici ar a hiníon.

Ní cheileann Blank, atá ar an bpeann, ar an stiúir agus os comhair ceamara, an toise bheathaisnéiseach den saothar orainn. Ní saothar duairc a chuireann sí os ár gcomhair ach scannán greannmhar, tíriúil a thugann faoi théamaí difriúla go caolchúiseach agus go deaslámhach.

Is mó téama a tharraingíonn sí chuici féin: grá don fhód dúchais, baois na meánaoise, cruachás an ealaíontóra dhuibh, cúirtéireacht ghreannmhar, bochtanas, drámaíocht an tseomra ranga agus mugadh magadh ar stáitse.

Carachtair chaithiseacha théagartha shuimiúla ar fud na mball; na déagóirí ina rang drámaíochta, a cara agus gníomhaire Archie (Kim), a leannán D (Benjamin), an gaotaire d’fhear gan dídean trasna an bhóthair agus a lán eile nach iad. Cuid mhaith acu á gcur os ár gcomhair i míreanna a tharlaíonn i gcloigeann Radha.

Sí baois na meánaoise, na meánghairme seo a stiúrann í chuig, nó go deimhin ar ais, chuig an gceol hip-hop agus rap. Léirítear a cumas dúinn agus í ag baisteadh RadhaMUSprime uirthi féin. Cuirtear abhaile orainn go mb’fhéidir gurb í seo an ealaín is dual di. Tugann an fhoirm ealaíne seo deis agus saoirse di a smaointe agus a mothúcháin faoin saol a léiriú go hionraic tíriúil.   

Cuirtear seo i gcodarsnacht le hiomaire na drámaíochta mar a bhfuil sí faoi bhos an chait. Tá deis thábhachtach faighte aici an dráma is déanaí óna peann, Harlem Ave., a léiriú agus tá sí ar a croí díchill ag iarraidh gach duine a shásamh.

Tá an liúdramán liobrálach bán de léiritheoir, J Whitman (Reed Birney), gafa le “black poverty porn”, áfach. Dá bharr, tá ar Radha a script a chóiriú chun a sástachta. Tráchtaireacht á déanamh aici go caolchúiseach i rith an ama go gcaithfidh an ealaíontóir den chine dubh a s(h)aothair chruthaitheacha a chur in oiriúint do ghoile agus tnútháin lucht féachana den chine geal. Léiríonn a saol féin go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le Harlem, agus áiteanna eile nach é, seachas lámhach agus drugaí.

Ní thuigim canathaobh gur deineadh an cinneadh an scannán a thaifeadadh i ndubh agus bán agus is dóigh liom go raibh an saothar thíos leis. Ar an iomlán, áfach is saothar cumasach é seo a thugann faoin iliomad téamaí go cáiréiseach machnamhach.

 

Fág freagra ar 'Léargas greannmhar caolchúiseach ar ealaíontóir mná den chine dubh in Harlem an lae inniu'