Léargas eile ar réimeas lochtach é an chumhacht a bhí ag an ‘Spad’ i Stormont

Tá drochmheas go forleathan ar an réimeas a bhí in Stormont ó 2007 go 2017 de bharr a bhfuil nochta le tamall. Cuid lárnach den chóras sin ab ea na comhairleoirí speisialta…

Léargas eile ar réimeas lochtach é an chumhacht a bhí ag an ‘Spad’ i Stormont

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

‘Céard é an ‘spad’ seo a mbíonn sibh ag caint air,’ a d’fhiafraigh fear tar éis comhrá faoi fhiosrú poiblí an RHI. ‘Uirlis feirme nó giuirléid chun an breosla a shluaisteáil isteach sna coirí ar mhaithe le hairgead mór a fháil ón sparán poiblí?’

Glacaim leis gur ag magadh a bhí sé ach bhí cúis mhaith aige a bheith fiosrach faoi na spadanna, na comhairleoirí speisialta a bhíodh ag na páirtithe agus a bhfuil oiread sin plé fúthu ag an bhfiosrú faoin bpraiseach de scéim fuinnimh inathnuaite. Tá dianscrúdú á dhéanamh ag an bhfiosrú ar ról na gcomhairleoirí speisialta sin i dtaca leis an scéim a choinneáil sa tsiúl nuair ba léir go raibh an costas imithe ó smacht.

Is amhlaidh a chothaigh easpa srianta ar dheontais ró-úsáid breosla seachas caomhnú fuinnimh. Dá mhéid millíní adhmaid a ídíodh sna coirí is ea is mó a shaothródh an gnó i ndeontais.

Comhairleoirí neamhthofa a roghnaigh páirtí ach a fostaíodh ar chostas an stáit ab ea na spadanna (special advisors). Bhí pá níos mó acu ná mar a bhí ag airí –idir £75,000 agus £92,000, ráta an-ard i gcomparáid le tuarastail i réimsí eile i dTuaisceart Éireann. Más fíor a leath dá bhfuil tugtha mar fhianaise ag lucht an DUP, agus ag státseirbhísigh agus feidhmeannaigh eile a bhí bainteach leis an RHI, ba dhaoine an-chumhachtach ar fad iad spadanna/comhairleoirí an DUP, níos cumhachtaí ná ionadaithe tofa, airí san áireamh.

Líomhnaíodh go raibh an fear atá ina Phríomhfheidhmeannach san DUP anois, Timothy Johnston, chomh sinsearach sa pháirtí mar chomhairleoir nach raibh éinne ach an ceannaire níos cumhachtaí ná é. Bhí stádas níos airde aige ná a bhí ag an leascheannaire Nigel Dodds agus ag teachtaí, feisirí agus airí eile. Bhí sé sin fíor i réimeas Peter Robinson agus Arlene Foster, dar leis an iarspad, Timothy Cairns.

Teastaíonn ón bhfiosrú a fháil amach cad a bhí ar eolas ag Johnston faoi moill a bhí ann sular cuireadh srianta i bhfeidhm ar an scéim. Arbh fhíor gurbh iad comhairleoirí an DUP faoi ndear an mhoill sin?

Ní cheistíonn éinne ábaltacht Johnston ach tá ceisteanna múscailte faoin dá ról a bhí aige, é in Stormont ar chostas poiblí agus mar ghníomhaire ag an DUP. D’fhágfadh sin go raibh comhairleoir neamhthofa a raibh an cáiníocóir ag íoc go daor as chun comhairle a chur ar aire ag déanamh obair an pháirtí don DUP freisin, sárú ar a choinníollacha fostaíochta. Thug an t-iar-aire Jonathan Bell fianaise gur sháraigh an DUP na rialacha maidir le ceapadh na gcomhairleoirí speisialta, gurbh é an páirtí seachas an t-aire a roghnaíodh comhairleoir ach go síníodh aire cáipéis oifigiúil chun an ceapachán a fhaomhadh.

Údar míshuaimhnis freisin iad líomhaintí eile faoi nósanna imeachta in Stormont atá ag tarraingt droch-chlú ar na spadanna. Gan dabht bhí daoine cumasacha ina measc agus comhairleoirí ann a ghníomhaigh go hionraic de réir na rúibricí. Ach chuirfeadh cuid den fhianaise na cait ag gáire murach go gcuirfeadh sé alltacht orthu: éad agus formad, béadán agus cúlchaint, polaiteoirí dall ar a raibh ar siúl, más fíor, tuarascálacha nár léadh, comhairleoirí ag déanamh cinntí agus roinnt eile den bharúil gur orthu féin a chuirfí an milleán ar mhaithe le daoine eile a chosaint.

Mhaígh comhairleoir Arlene Foster, an Dr Andrew Crawford, gur roghnaíodh eisean le bheith ina cheap milleáin i dtús 2017 nuair a bhí Stormont ag titim as a chéile. Bhí sé míshásta faoi sin ach d’éirigh sé as oifig. D’fhostaigh an DUP in athuair é ina dhiaidh sin. D’admhaigh sé gur chuir sé gaolta leis ar an eolas go míchuí; bhí 11 coire teasa ag daoine muinteartha leis.

Nuair a bhí srianta ar chaiteachas ar an RHI á mbeartú sheol sé cáipéisí chuig a chol ceathrar agus chuir sé ollchomhlacht ar an eolas faoin bplean chomh maith. Níor chuimhin leis áfach ar inis sé dá aire, Arlene Foster, faoi chéimeanna riachtanacha nuair a bhí an scéim imithe ó smacht.

Bhí a fhios aige ó 2015, áfach, go raibh teas á ghiniúint i seideanna folmha chun airgead a shaothrú.

Is iad spadanna an DUP amháin (maille lena n-airí) atá i mbéal na conspóide seo agus ba chomhairleoir dá gcuid, Stephen Brimstone, a cáineadh as a iompar in 2013. Ach ní hiadsan amháin a tharraing achrann i gcaitheamh na mblianta.

Bhí oiread sin trioblóide faoi chinneadh Shinn Féin in 2012 Mary McArdle a cheapadh mar chomhairleoir gur athraíodh na rialacha. Iarphríosúnach ab ea McArdle a ciontaíodh as baint a bheith aici le dúnmharú Mary Travers in eachtra i 1984 nuair a d’ionsaigh an IRA athair Mhary, an giúistis Tom Travers. D’aistrigh Sinn Féin McArdle chuig post eile de bharr na conspóide agus rith an Tionól bille a chuirfeadh cosc ar aon chomhairleoir a cheapadh a ciontaíodh i gcoir thromchúiseach.

Níl a fhios cén breithiúnas a thabharfaidh Fiosrú an Bhreithimh Coghlin ar iompar na bpolaiteoirí agus na gcomhairleoirí speisialta atá faoi iniúchadh maidir leis an RHI. Ach tá a fhios againn go bhfuil drochmheas go forleathan ar an réimeas a bhí in Stormont ó 2007 go 2017 de bharr a bhfuil nochta ag an bhfiosrú. Cuid lárnach den chóras sin ab ea na comhairleoirí speisialta.

Is léir gur gá rialacha níos doichte a chur i bhfeidhm má fhilleann polaiteoirí agus comhairleoirí go Stormont. Is léir gur gá a bheith in ann obair agus iompar na spadanna a iniúchadh go poiblí.

D’fhéadfaí é sin a dhéanamh sna coistí, b’fhéidir, nó trí córas éigin eile. Níor mhór a chinntiú freisin go gcomhlíonfaí na rialacha maidir le ceapacháin, coimhlint leasa agus, tá a fhios ag Dia nach éileamh rómhór é seo, go gcaithfí cuntas nó miontuairiscí a choinneáil.

Fág freagra ar 'Léargas eile ar réimeas lochtach é an chumhacht a bhí ag an ‘Spad’ i Stormont'