Léargas ar fhear gnó is fear pobail as Gaeltacht Chonamara sa saothar is déanaí ó Margaretta D’Arcy

Is maith ann scannán a thugann léargas ar mheon agus ar shaol duine ar leith mar a dhéantar in ‘A Maverick Islander’

Léargas ar fhear gnó is fear pobail as Gaeltacht Chonamara sa saothar is déanaí ó Margaretta D’Arcy

Fealsúnaí is fear gnó, fear físe is fear pobail, fear gnímh is fear drámaíochta. Fear deisbhéalach teanntásach atá lán le diabhlaíocht. Sin agat Seán Ó Loingsigh, an té atá idir chamáin sa saothar is déanaí ón gceardaí agus feachtasóir Margaretta D’Arcy, scannán a taispeánadh ag Féile Scannánaíochta na Gaillimhe le déanaí. Tá D’Arcy sé bliana le cois an cheithre scór ach níl aon chuimhneamh aici a ceamara a leagadh uaithi go fóill.

Léirigh Seán gur ceannródaí misniúil é nuair a chruthaigh sé galfchúrsa ar thalamh a mhuintire in Eanach Mheáin i gConamara sna nóchaidí.

Bhí iontas is amhras ar lucht gailf go bhféadfaí a leithéid a dhéanamh i measc na gcloch agus na bportach i mBéal an Daingin. Deineadh an bheart, áfach. Tá an galfchúrsa ann go fóill agus é ag imithe ó neart go neart. Tá an tigh inar rugadh agus inar tógadh é fós in úsáid mar chlubtheach.

Tá sé chomh gleoite de ghalfchúrsa is a gheofá le cosán chuig oileán beag Laidhean ar pholl amháin. Go deimhin is cuimhin leis an léirmheastóir seo ladhar mhaith liathróidí gailf a chur san uisce san áit chéanna blianta ó shin, ach sin scéal eile. Tá údar ag an Loingseach a bheith bródúil as an ngalfchúrsa agus an iarracht atá déanta aige fostaíocht a chruthú agus an t-éilíteachas a bhaint as an spórt.

Is mó i bhfad ná cúrsaí gailf a phléitear sa chlár. Tá Seán ina chathaoirleach ar Chomhairle Ceantar na nOileán agus déanann sé dreasanna cainte faoi phleananna teanga, feamainn, claíocha, soláthar uisce agus cúrsaí eile. Tugann D’Arcy cead a chinn dó a scéal agus a thuairimí a chur os ár gcomhair agus sinn ag léimt ó ábhar go hábhar ar hap an tairne.

Gaeilge bhreá Chonamara atá ag Seán ar ndóigh agus is mór an trua nach raibh a thuilleadh di le cloisint i rith an scannáin. Déanann sé cur síos ar a chéad lá ar scoil nuair is Béarla a labhair sé murab ionann agus a chomhghleacaithe. Chuir sin abhaile air go raibh sé difriúil ós na leanaí eile. É sin agus an rachmas; chuir sé na bróga breátha a bhí ceannaithe ag a mháthair dó i bhfolach i gcruach mhóna ionas go bhféadfadh sé siúl ar scoil cosnochta amhail a chomhscoláirí.

D’fhéadfaí clár ann féin a dhéanamh ar an siar is aniar idir Seán agus Seosamh Ó Cuaig. Cad é gach re sea acu lena chéile cé gur léir i gcónaí go bhfuil meas agus cairdeas eatarthu. Seosamh á rá nach dtuigeann sé conas go bhféadfadh lé a bheith ag duine meabhrach cosúil le Seán le Fine Gael agus slais á chaitheamh ag Seán is é ag fógairt go raibh fear Chill Chiaráin i bhfad níos seiftiúla ná é i mbun na polaitíochta.

Cogadh na mba maol, áfach, agus gáire á bhaint acu asainn leis an gur síos ar a gcuid eachtraíochta i bhFlóndras is iad sa tóir ar infheistíocht don ghalfchúrsa.

Seán Ó Loingsigh, duine ann féin, duine ar leith. Is maith ann clár a thugann léargas ar a mheon agus a shaol.

Fág freagra ar 'Léargas ar fhear gnó is fear pobail as Gaeltacht Chonamara sa saothar is déanaí ó Margaretta D’Arcy'

  • Tomás

    Nach i mBéarla is mó a bhí an clár faraor