Léargas ar an saol mar a bhí i Loch Garman agus 2,300 logainm i leabhar nua

Déantar mionscrúdú ar na logainmneacha atá ar gach uile bhaile fearainn i Loch Garman i leabhar nua

Léargas ar an saol mar a bhí i Loch Garman agus 2,300 logainm i leabhar nua

Tá os cionn 2,300 logainm as Loch Garman faoi chaibidil i leabhar nua. Sa cheathrú imleabhar sa tsraith taighde Logainmneacha na hÉireann, pléitear na bailte fearainn i gContae Loch Garman.

Tá taighde cuimsitheach a rinne an Brainse Logainmneacha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le léamh sa saothar seo.

Is é cúram an Bhrainse leagan oifigiúil Gaeilge de logainmneacha na hÉireann a mholadh. Pléadh logainmneacha Luimnigh sa chéad eagrán a foilsíodh os cionn 25 bliain ó shin, agus sa dá eagrán a tháinig ina dhiaidh sin rinneadh mionphlé ar logainmneacha Thiobraid Árann a bhfuil ‘cill’ nó ‘cluain’ iontu.

San eagrán nua seo, déantar mionscrúdú ar na logainmneacha atá ar gach uile bhaile fearainn i Loch Garman agus tugtar léargas sa leabhar ar ghnéithe éagsúla den saol mar a bhí i Loch Garman. Dar le lucht an taighde, is léir gur iompaigh na Lochlannaigh agus na hAngla-Normannaigh a lonnaigh sa cheantar ar an nGaeilge den chuid is mó. I gceartlár lonnaíocht na nAngla-Normannach i ndeisceart an chontae, tá logainmneacha nua Gaeilge i measc na logainmneacha atá le fáil ann.

Tá rian na teanga, nó na canúna, Yola, a labhraítí go forleathan in oirdheisceart na tíre tráth dá raibh, le feiceáil i gcuid de na logainmneacha Angla-Normannacha freisin. Canúint Bhéarla a bhí sa Yola, agus meastar gur mhair an chanúint chomh fada leis an aois seo caite in áiteanna áirithe i Loch Garman.

Feictear freisin lorg na Gaeilge, nó na canúna Gaeilge a labhraítí i ndeisceart Chúige Laighean, i logainmneacha eile. Tá tagairtí freisin sna logainmneacha d’ainmhithe agus d’éanlaith nach maireann in Éirinn níos mó. Anuas ar na hainmhithe nach maireann, tá leideanna ann faoi na foirgnimh, mótaí agus bábhúin, mar shampla, a bhíodh san áit fadó.

Ba é an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne, a sheol an t-imleabhar inné.

““Blianta fada de thaighde cuimsitheach atá os ár gcomhair sa leabhar seo, leabhar a thugann léargas iontach ní hamháin ar chúrsaí na logainmneacha féin ach ar go leor réimsí eile de stair an chontae. Is saothar eiseamláireach é, agus is dea-shampla é den obair thábhachtach atá ar siúl ag an mBrainse Logainmneacha den Roinn,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne..

Is i mBéarla atá an leabhar scríofa agus é ar fáil ar €25 ó Fhoilseacháin Rialtais, siopaí leabhar i Loch Garman agus i mBaile Átha Cliath. Is féidir cóip a ordú ón mBrainse Logainmneacha féin freisin.

Fág freagra ar 'Léargas ar an saol mar a bhí i Loch Garman agus 2,300 logainm i leabhar nua'