Léargas ar an ‘éiginnteacht’ a bhaineann leis na meáin Ghaeilge nach bhfuil fágtha ach cúrsa cumarsáide amháin

Cuireadh ar ceal arís i mbliana an cúrsa iriseoireachta Gaeilge a bhíodh á reáchtáil ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Léargas ar an ‘éiginnteacht’ a bhaineann leis na meáin Ghaeilge nach bhfuil fágtha ach cúrsa cumarsáide amháin

Léargas ar an “éiginnteacht” a bhaineann leis na meáin Ghaeilge nach bhfuil fágtha ach cúrsa cumarsáide Gaeilge amháin, a deir Aodh Ó Coileáin, léachtóir le Cumarsáid in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Tá an cúrsa iriseoireachta Gaeilge a bhíodh á reáchtáil ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU curtha ar ceal arís i mbliana.

Fágann sin gurb é an cúrsa ‘BA Gaeilge agus Cumarsáid’ atá a reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in OÉ, Gaillimh an t-aon chúrsa céime atá ar fáil d’ábhar iriseoirí Gaeilge.

Tá áit ar an chúrsa cumarsáide Gaeilge in OÉ Gaillimh do 15 mhac léinn. 430 pointe CAO a bhí ag teastáil i mbabhta na gcéad tairiscintí i mbliana, ardú 49 pointe ar an bhliain seo caite.

Tá amhras ann faoina bhfuil i ndán don chúrsa ‘BA Gaeilge agus Iriseoireacht’ in Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU óir nár glacadh le haon mhic léinn úra ó bhí 2019 ann.

Easpa éilimh ba chúis leis sin agus leis an éiginnteacht faoina bhfuil i ndán don chúrsa.

I ráiteas a chuir urlabhraí de chuid na hollscoile ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh gur cuireadh an cúrsa ar “athló” mar nach raibh tóir air.

“Cuireadh an cúrsa ar athló agus ní raibh sé luaite i lámhleabhar an CAO don bhliain acadúil 2021/2022 a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2020. D’fhéadfadh sé go reáchtálfaí an cúrsa arís ach éileamh a bheith ann.”

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Aodh Ó Coileáin, stiúrthóir chlár MA Cumarsáide an Acadaimh, go mbeadh  sé “i bhfad níos sláintiúla” d’earnáil na cumarsáide Gaeilge dá mbeadh níos mó ná cúrsa amháin ar fáil do mhic léinn ar suim leo céim a dhéanamh san iriseoireacht Ghaeilge.

“An rud a deirimse i gcónaí le mic léinn gur mó deiseanna atá ann don té atá ábalta ábhar a sholáthar i níos mó ná teanga amháin agus creidimse sin.”

Dúirt Ó Coileáin go bhfuil éileamh “réasúnta” i gcónaí ar an chúrsa BA Gaeilge agus Cumarsáid in OÉ na Gaillimhe ach go bhféadfadh sé go raibh an “éiginnteacht” a bhaineann leis na meáin chumarsáide, lena n-áirítear “na deacrachtaí maoinithe atá ag TG4” agus “staid an chraoltóra náisiúnta” ag dul i bhfeidhm ar dhaoine.

“Tá sé ráite ag TG4 le bliain anuas nach bhfuil infheistíocht maith go leor á déanamh sna seirbhísí nuachta Gaeilge agus tá sé ráite ag Ardstiúrthóir TG4 [Alan Esslemont] go bhfuil gá le níos mó infheistíochta agus go bhfuil gá le níos mó daoine a fhostú, go bhfuil gá le hiriseoireacht iniúchta a dhéanfadh grinnstaidéar ar scéalta nuachta thar tréimhse cúpla mí ar nós Primetime.

“San aeráid sin, caithfear an cheist a chur, ‘An bhfuil daoine ag iarraidh céim sa chumarsáid a dhéanamh?’”

Dúirt Ó Coileáin go raibh deiseanna ann do mhic léinn chumarsáide mar sin féin sna meáin dhigiteacha agus i réimse leathan post.

“Tá na bunscileanna iriseoireachta ag teastáil i gcónaí agus beidh go deo; eolas ar an saol poiblí, eolas ar an dlí, neamhclaontacht agus scileanna eile.

“Beidh ar dhaoine a bheith in ann scríobh i nGaeilge i gcónaí le teachtaireachtaí a chur amach ar Twitter, Facebook, Snapchat, Tik Tok nó cibé ardán a thiocfaidh ina ndiaidh,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Coileáin go mbeidh cinneadh “tábhachtach” le déanamh ag an Rialtas maidir leis na meáin Ghaeilge, idir chraolta agus scríofa, nuair a bheadh cinneadh le déanamh faoi fhorbairt na meán cumarsáide in Éirinn trí chéile. Tarlóidh sin, a dúirt sé, nuair a fhoilseofar tuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán níos deireanaí i mbliana.

Bunaíodh an Coimisiún mí Meán Fómhair seo caite chun cúrsa nua a leagan amach don chraoltóireacht phoiblí agus do na meáin eile sna blianta atá amach romhainn.

Dúirt an tAire Meán Catherine Martin an uair sin go raibh sí ag súil le moltaí a fháil ón Choimisiún faoi conas is féidir an iriseoireacht neamhspleách a chothú agus a chosaint amach anseo.

Dúirt an tAire Martin i mí na Bealtaine go raibh sí sásta gur cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi na dúshláin atá roimh na meáin Ghaeilge agus go raibh sí ag súil le moltaí an Choimisiúin i dtaobh chás na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Léargas ar an ‘éiginnteacht’ a bhaineann leis na meáin Ghaeilge nach bhfuil fágtha ach cúrsa cumarsáide amháin'