‘Léargas ar a bhfuil déanta agus a bhfuil fós le déanamh don Ghaeilge i dtuarascáil nua’ – Aire Stáit na Gaeltachta

De réir na tuarascála nua, d’éirigh leis an Rialtas 53% de na spriocanna a bhí leagtha amach aige i leith na Gaeilge a bhaint amach idir 2018-2020

‘Léargas ar a bhfuil déanta agus a bhfuil fós le déanamh don Ghaeilge i dtuarascáil nua’ – Aire Stáit na Gaeltachta

Tá an dara tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn Phlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta.

Baineann an tuairisc faoin bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 leis an tréimhse idir mí Iúil 2019 agus Nollaig 2020. Maítear sa tuarascáil go bhfuil “dul chun cinn suntasach” déanta maidir le cur i bhfeidhm spriocannna an Rialtais i leith na teanga “in ainneoin na ndúshlán a tháinig chun cinn ó thús 2020 de dheasca COVID-19”.

Mar chruthúnas air sin luaitear beartais éagsúla atá curtha i gcrích i réimse an oideachais, cur chun cinn an bhille teanga i dTithe an Oireachtais, an córas pleanála teanga, foilsiú an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge, líon na bpostanna a cruthaíodh sa Ghaeltacht agus an infheistíocht a rinneadh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht.

Den 185 gníomh sa Phlean, bhí 51 díobh le cur i bhfeidhm in 2018-2020 agus maítear sa tuarascáil nua go bhfuil 27 (53%) de na beartais sin curtha i gcrích, go bhfuil 16 acu (31%) ‘idir lámha’ agus go bhfuil moill ar na hocht gcinn (16%) eile.

I measc na ngníomhartha a bhfuil moill orthu, tá an Bille Teanga a achtú agus córas na gcaighdeán a thabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna teanga.

Bhain ceithre cinn de na gníomhartha eile a bhfuil moill orthu le réimse na meán agus na teicneolaíochta. Tá Plean Digiteach don Ghaeilge a bhí le foilsiú in 2018 fós le foilsiú, tá RTÉ fós le haip do leanaí a fhorbairt chomh maith le tástáil a dhéanamh ar thionscadal a d’fhágfadh go mbeadh lucht éisteachta in ann craoladh Gaeilge a léamh agus tá forbairt le déanamh ar thionscadal an ‘Róbóglór’.

Tá moill freisin ar ghníomhartha maidir le dhá phost i réimse na luathbhlianta a chruthú sa Roinn Leanaí chomh maith le feachtas turasóireachta a fhorbairt a bheadh dírithe ar iarscoláirí na gcoláistí samhraidh a mhealladh ar ais chuig an Ghaeltacht.

Ina ainneoin sin, dúirt an tAire Catherine Martin gur “díol suntais agus misnigh” é gur éirigh leo gníomhartha go leor a chur i gcrích le linn na paindéime.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, gur “údar sásaimh” dó go bhfuil dul chun cinn “suntasach” le feiceáil sa dara tuairisc seo ar chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta.

Dúirt sé go gcuirfidh foilsiú na tuairisce seo “ar shúile an Oireachtais, an státchórais, na n-eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta agus an phobail trí chéile an méid atá déanta san 18 mí ó Iúil 2019 go Nollaig 2020”. Dúirt an tAire Stáit go dtugtar léargas maith sa tuairisc “maidir le cá háit is gá le tuilleadh oibre a dhéanamh chun cúram níos fearr a dhéanamh de na bearta úd sa Phlean a bhfuil moill luaite leo”.

Mheas sé go raibh an dul chun cinn a rinneadh le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga, bunú an chiste cobhsaithe i samhradh 2020 chun teacht i gcabhair ar earnáil na gColáistí Gaeilge agus an maoiniú breise a ceadaíodh don Ghaeltacht i bPacáiste Spreagtha Post an rialtais anuraidh i measc na nithe is suntasaí a baineadh amach i dtréimhse na tuarascála.

Fág freagra ar '‘Léargas ar a bhfuil déanta agus a bhfuil fós le déanamh don Ghaeilge i dtuarascáil nua’ – Aire Stáit na Gaeltachta'

  • Ciarán O Cofaigh

    Mar a chas John Lennon,

    “Just gimme some truth”