James Brokenshire, Státrúnaí Thuaisceart Éireann ag caint leis na páirtithe ina gceann is ina gceann. An gnó céanna idir lámha ag Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha. Foláirimh tugtha nach bhfuil ach achar an-ghearr fágtha chun an tsáinn a fhuascailt ach gan trácht ar bith ar chainteanna idir na páirtithe. Níl cúrsa ar leith soiléir.
Níor mhaith liom a áireamh cé chomh minic is atá altanna scríofa agam faoi uair na cinniúna a bheith buailte linn nó faoi Stormont a bheith ar an dé deiridh. Dá réir, tá drogall orm é a rá arís ach is deacair a theacht ar mhalairt tuairime. Cuireadh fáilte roimh óráid Arlene Foster an tseachtain seo caite, go háirithe an t-athrú tuine ach ba léir don dall nár leor é. Tá an caidreamh idir páirtithe Stormont i bhfad róchorrach le go sásódh ‘mair a chapaill agus gheobhair féar’ éinne.
An raibh a fhios go maith ag Arlene Foster nach bhféadfadh Sinn Féin glacadh le tairiscint go bhfillfí ar an Tionól agus ar an bhFeidhmeannas gan aon cheann de na fadhbanna a bheith réitithe? Dúirt Sinn Féin agus an SDLP gur tugadh an t-eiteachas don tairiscint sin cheana féin sna cainteanna a theip cúpla babhta cheana i mbliana. Ba é an freagra ó Simon Hamilton an DUP nach raibh an tairiscint baileach mar an gcéanna. Mar sin féin ní foláir nó gur thuig Arlene Foster agus Simon Hamilton roimh ré gur thairiscint easnamhach í. Murar féidir leis na páirtithe a theacht ar réiteach nuair nach bhfuil gnó ar bith eile idir lámha acu, cén seans go mbeidís in ann ag an gcúram nuair a bheadh freagracht orthu as obair ‘rialtais’ nó riaracháin? Thairis sin, i bhfianaise iompar an DUP sa bhFeidhmeannas anuraidh b’amaideach an mhaise é d’aon pháirtí eile glacadh leis go mbeadh athrú saoil ann gan na socruithe a bheith dearbhaithe.
Céard a bhí ar siúl ag ceannaire an DUP mar sin? Bhí a cur chuige i leith na Gaeilge níos séimhe agus níos oscailte ná mar is dual don DUP agus caithfear fáiltiú roimhe sin. Ní fheadar an raibh gach duine sa seomra ar aon tuairim le Arlene Foster? Is léir go raibh sí ag iarraidh a chinntiú go mbeadh an milleán ar Shinn Féin as teip Stormont ach an raibh sí ag tástáil a páirtí féin chomh maith? Á n-ullmhú mar go bhfuil a fhios aici go maith go gcaithfidh an DUP a phort i leith na Gaeilge a athrú má theastaíonn cumhacht uathu?
Ní fheadar an dtuigeann an DUP go fóill gur saothar in aisce a bheadh ann a dhul ar ais go Stormont le leathshocrú nó meathréiteach. Bhí na fadhbanna a bhaineann le comhionannas, le roinnt na cumhachta, murab ionann agus roinnt na creiche, mar laincis ar an dea-riar le deich mbliana geall leis agus Sinn Féin ciontach as mí-iompar chomh maith leis an DUP. Ní léir fós ach an oiread go dtuigeann an DUP gurb é iompar an pháirtí i leith na Gaeilge, an maslú agus an drochmheas, a bhailigh tacaíocht fhorleathan do mhionlach a bhí ag éileamh Acht Gaeilge. Bhí feachtas den scoth ag daoine óga, bríomhara a chuir iachall ar Shinn Féin éisteacht leo ach ba é leagan amach tarcaisneach an DUP a ghríos daoine eile chun cearta teanga ar bhonn reachtúil a éileamh.
Shílfeá ón gcaint ghinearálta gurb é Acht na Gaeilge an t-aon chonstaic atá le sárú ach sin raiméis. Níor chabhair é fógra Gerry Adams, uachtarán Shinn Féin nach n-athnuafaí Stormont gan Acht Gaeilge. Chothaigh sé an tuairim gurb é sin an t-aon ‘líne dhearg’ agus ní léir gur fíor sin. Gan dabht, tá míshuaimhneas cothaithe faoin gcostas ollmhór a deir aontachtaithe a bheadh ar Acht Gaeilge den chineál a mhol Carál Ní Chuilín, Sinn Féin, cúpla bliain ó shin.
Tá leaganacha difriúla d’acht ag Pobal, ag Conradh na Gaeilge agus ag polaiteoirí. Níl sé soiléir cén sórt Achta a bheadh inghlactha ag na páirtithe ar fad atá ina fhabhar.
Tá obair le déanamh ach tá ceisteanna go leor le fuascailt thairis sin. Mí-úsáid á baint as an achainí chásmhaireachta – an veto — cearta do mhionlaigh, cúram d’íobartaigh, oidhreacht na dtrioblóidí agus caighdeán iompair agus freagrachta airí. Ba é an scannal faoi RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite a chuir an lasair sa bharrach sa gheimhreadh seo caite ach thug sé chun solais easnaimh sa chóras. Léirigh sé go raibh gá le bealach cinnte chun déileáil le hiompar airí, modh nach mbeadh móramh in ann a threascairt le veto.
Ar ndóigh tá práinn le cinntí faoi bhuiséad, faoin gcóras sláinte – foilsíodh figiúirí scanrúla faoi liostaí feithimh an tseachtain seo caite – agus faoi scoileanna atá i bhfiacha, gan ach dornán fadhbanna a lua. Ach an fiú feidhmeannas mífheidhmiúil a bhunú le déileáil leo sin? Arbh fhearr don dá rialtas féachaint chuige (le buiséad i Westminster agus feitheoireacht ag Brokenshire agus Coveney) go ndéanfaí socruithe chun déileáil leis na ceisteanna sin gan Stormont a athnuachan? Níl liosta mór roghanna ag an dá rialtas.
Caithfear breithiúnas a dhéanamh faoinar fiú cainteanna a athghairm sa ngearrthéarma. Cén cúrsa is mó tairbhe don phobal? Tá an DUP cíocrach le filleadh ar Stormont mar atá na mionpháirtithe. Níl brú ná deifir ar Shinn Féin chun filleadh agus a dtacaíocht méadaithe ó shiúil siad amach. Arbh fhearr Stormont a fhágáil folamh agus tabhairt faoi phróiseas radacach chun an pholaitíocht a chur ar bhonn seasmhach, más féidir a leithéid a dhéanamh?
Fág freagra ar 'Leanann na cluichí faoin nGaeilge agus eile. Arbh fhearr Stormont a fhágáil folamh?'