Leanann an bailiú i gcónaí i Raidió na Gaeltachta agus is maith an rud é…

Tá saibhreas faoi leith ag an Raidió ina sheilbh agus cás láidir aige a sciar féin den mhaoiniú a bheith aige

Leanann an bailiú i gcónaí i Raidió na Gaeltachta agus is maith an rud é…

Seán Ó hÉanaigh agus Áine Hensey. Pictiúr: Ben Taylor 2019

Ceann de na cuimhní is mó a thaitníonn liom faoi Raidió na Gaeltachta an oíche a raibh mé ag éisteacht le clár An Ghealach Ghorm, a chuireann Áine Hensey i láthair oíche Shathairn. Bhí ceoltóirí Meiriceánacha ann ag casadh amhráin nua-aimseartha i stíl folk, Bob Dylan ina measc. Istigh ina lár cé a thiocfadh amach ar an challaire ach Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha agus ‘An Buinneán Buí’. Cineál siombail dom an meascán áirithe sin. Léiríonn sé an tírdhreach ilghnéitheach measctha ceoil ina mairimid sa lá inniu.

Is tírdhreach é a bhfuil an raidió ag seasamh a chirt féin ann. Nuair a thosaigh RnaG i 1972, ba bheag ábhar a bhí ar fáil agus b’éigean do chraoltóirí dul amach sa ghort agus ábhar a thaifeadadh ó phobal na Gaeltachta. Murab ionann agus bailitheoirí an Choimisiúin Béaloidis rompu bhí sprioc níos géire ag bagairt ar na hiriseoirí – ábhar cláir a sholáthar don lá sin féin, b’fhéidir, nó cinnte do lá nach raibh níos faide ná seachtain amach ar a n-aghaidh. 

Bailíodh saibhreas mór agus tá an saibhreas sin ina bhunchloch ag Cartlann Raidió na Gaeltachta sa lá inniu. Leanann an bailiú i gcónaí agus is maith an rud é. Bhí an amhránaíocht ar cheann de na gnéithe ba mhinice a bailíodh sna chéad laethanta agus tá luach ar leith ag baint leis i bhfianaise na n-athruithe ollmhóra a tháinig ar an saol agus ar an Ghaeilge féin sa Ghaeltacht ó bunaíodh an stáisiún. Bhí airneán cois tine i mbaol an uair úd agus anois tá deireadh ag teacht le ré na teilifíse seans. 

Tá saibhreas ar leith san amhránaíocht. Tá teanga fhileata na n-amhrán ina heiseamláir ardchaighdeáin de na bealaí ar féidir le duine oilte an teanga a chur le chéile ar bhealach snoite ealaíonta. San am a caitheadh, bhí formhór na n-amhrán ar a dteanga ag sciar mór den phobal, fiú murar amhránaithe iad féin. Tá obair mhaith déanta ag RnaG ag coinneáil na n-amhrán sin os comhair an phobail, i gcláir ar nós Ceol Binn Ó na Beanna, Togha agus Rogha agus Cas Ceirnín. Tá éileamh ar an hamhráin sin agus ar an sean-nós i gcónaí agus an stáisiún ag feidhmiú mar chuimhne an phobail. 

Tá an chraoltóireacht mar sheirbhís náisiúnta agus áitiúil fíorthábhachtach agus fíorluachmhar. Tá sí faoi ionsaí ag fórsaí an mhargaidh agus maoiniú rialtais ag éirí an-ghann, ó tharla ioncam ó fhógraíocht agus ó cheadúnais a bheith tite.  

Dúshlán atá roimh RnaG anois maoiniú a fháil le cuimhne an phobail, na hamhráin agus an seanchas, a chaomhnú go buan. Tá cuid mhór sa Chartlann nach bhfuil catalóg iomlán déanta de. Dá réir sin, ní bhíonn fáil go héasca ag craoltóirí air i gcónaí. Is ar chistí an Aontais Eorpaigh a chaithfear a bheith ag tarraingt feasta agus an oidhreacht áitiúil á caomhnú. Beidh sé riachtanach cás na Gaeilge a chur chun tosaigh os comhair na gcistí seo le daoine a fhostú leis an chartlann a chur ar shlí a sábhála agus a chur ar fáil do ghlúinte eile iriseoirí. Beidh páirtithe le lorg i measc stáisiúin eile raidió atá ag craoladh i mionteangacha le luach ollmhór dochomhairthe an tsean-nóis agus an tseanchais a ghabhann leis a shábháil. Dúshlán mór go leor é sin, ach tá saibhreas faoi leith ag an Raidió ina sheilbh agus cás láidir aige a sciar féin den mhaoiniú a bheith aige. 

Ollamh Pearsanta le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus amhránaí sean-nóis é Lillis Ó Laoire. As Gort a’ Choirce i nDún na nGall dó

Fág freagra ar 'Leanann an bailiú i gcónaí i Raidió na Gaeltachta agus is maith an rud é…'