Leanaimis sampla beirt Ghael atá ar shlí na fírinne, beirt nach raibh aon duine ina ‘Eile’ acu

Níl naimhdeas seicteach chomh hoscailte ná chomh forleathan is a bhíodh ach is léir go bhfuil an cancar beo i gcónaí

Leanaimis sampla beirt Ghael atá ar shlí na fírinne, beirt nach raibh aon duine ina ‘Eile’ acu

Nuair is éigean do bhean óg an baile a fhágáil lena leanbh 18 mí le teann corp eagla roimh lucht imeaglaithe seicteach seans go bhfuil cuma neafaiseach air a bheith ag déanamh imní faoi ‘lipéadú’ ach níl bearna mhór eatarthu amanta.

Bhí an bhean óg agus a leanbh sa bhaile ar An Lorgain le déanaí nuair a tháinig fir nach raibh aithne aici orthu ag bualadh agus ag ciceáil a dorais, ag screadach go raibh ‘the Taig’ istigh. Taifeadadh an t-ionsaí ar chloigín leictreonach an dorais. Nuair a thug na fir an cloigín faoi deara rinne siad iarracht é a bhriseadh. Tá siad á gcúiseamh as eachtra fuatha.

Níor gortaíodh an bhean ná an páiste. Baineadh suaitheadh as an mbean áfach, ní nach ionadh. Deir sí in agallamh leis an Belfast Telegraph go bhfuil sí ag cur fúithi ar tholg carad, nach ligeann sí an leanbh as a radharc agus nach bhfuil sí in ann codladh istoíche.

Níl naimhdeas seicteach chomh hoscailte ná chomh forleathan is a bhíodh ach is léir go bhfuil an cancar beo beathach i gcónaí. Ní chraobhscaoiltear an col leis an “eile” go minic ach níl an fhadhb fuascailte.

Ní raibh drochrún seicteach taobh thiar den gcinneadh gur “eile” a thabharfaí ar aicme áirithe i scoileanna imeasctha ná go deimhin in Stormont dá ndéarfainn é. Mar sin féin nil an lipéad oiriúnach don fheidhm níos mó. Beidh a thuilleadh cainte, agus cás dlí seans, faoin lipéadú in Stormont amach anseo. Is é an córas oideachais imeasctha atá ar m’aire inniu.

Tá cónaí ar Yara Moustafa, aon bhliain déag d’aois, ar an Srath Bán i gcontae Thír Eoghain. Nuair a chuir sí isteach ar áit i scoil imeasctha, dúradh go gcaithfeadh sí roghnú an gcuirfeadh sí síos uirthi féin mar Chaitliceach, Protastúnach nó Eile. Is de bhunadh Moslamach í, ach ghoill an lipéad ‘Eile’ uirthi.

Risteard Mac Gabhann, sárcheoltóir, scoláire agus Gaeilgeoir, ar shlí na fírinne

Scríobh sí litir chuig Fóram na nInimirceach ag rá nár cheart go mbeadh ar pháistí glacadh leis an lipéad ‘Eile’. D’iarr sí ar an bhFóram rud éigin a dhéanamh faoi. Foilsíodh an litir san Irish News agus tá sí seolta chuig polaiteoirí agus institiúidí oifigiúla.

Deir Comhairle an Oideachais Imeasctha gurb é aidhm na hearnála pobal scoile le comhdhéanamh 40% Protastúnach, 40% Caitliceach agus 20% Eile a aimsiú. Nuair a bunaíodh an ghluaiseacht breis is dhá scór bliain ó shin ba dhaoine de bhunadh nó ó chúlra an dá mhórghrúpa gach EILE nach mór a bhí anseo ach ní hionann an scéal feasta.

Níl pobal mór ilchineálach abhus ach tá níos mó éagsúlachta ann ná mar a bhíodh. Má thugtar Eile ar dhalta sa scoil céard a thabharfar air/uirthi sa chlós nó ar an tsráid ar an mbealach abhaile? Táim lánchinnte nach mian le córas oideachais cumasú a dhéanamh ar mhaistíní nó bulaithe ach ní bhíonn uathu ach an nod. Ní hé go bhfuil aon bhréag-réasún riachtanach ach tugann lipéadú mar EILE leithscéal do lucht an fhuatha chun aghaidh an tseicteachais nó an chiníochais a iompú ar dhaoine. Tá sé in am na seanlipéid a athscrúdú, níor cheart gur dheacair é sin a thuiscint i réigiún atá chomh tógtha is atá le féiniúlacht.

Bhí aitheantas don chomharsa agus do dhínit gach duine go smior i mbeirt laochra a adhlacadh an tseachtain seo. Beirt nach raibh aon duine ina ‘Eile’ acu.

Ba iad sin an tAthair Kevin Mullan a d’fhóir ar mhuintir na hÓmaí i ndiaidh an uafáis inar maraíodh 29 agus inar gortaíodh na céadta i 1998. Bhí cáil air roimhe sin mar gheall ar eachtra i Léim an Mhadaidh. Nuair a thug sé féin agus an ministir Preispitéireach, David Armstrong. cuairt ar eaglaisí a chéile chun beannachtaí a ghuí ar a bpobail ruaigeadh an tUrramach Armstrong as an gcléir Phreispitéireach toisc go raibh teagmháil aige le Caitliceach. Bhí an tAthair Mullan gníomhach sa saol cultúrtha Gaelach freisin agus é ina chathaoirleach ar Fheis Dhoire Cholm Cille go lá a bháis.

Tá Doire faoi bhrón freisin ó fuair pearsa mhór na Gaeilge sa chathair Risteard Mac Gabhann bás ag an deireadh seachtaine. Scoláire, ceoltóir, bailitheoir amhrán, teagascóir ab ea é. Fear ciúin cneasta greannmhar a bhí ann a rinne cion fathaigh do gach fiontar Gaeilge sa chathair agus in áiteanna eile le leathchéad bliain. Bhí sé ina uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge nuair a bhí an fhéile i nDoire in 2006. Bhí sé cuiditheach agus cuideachtúil. Ní raibh aon duine ina ‘Eile’ aige. Cailliúint mhór dá bhean Joan, dá chlann, dá gharchlann, do lucht éigse is ceoil agus do shaol na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Leanaimis sampla beirt Ghael atá ar shlí na fírinne, beirt nach raibh aon duine ina ‘Eile’ acu'

  • Seán Mag Leannáin

    Alt smaointeach ómósach ar bheirt Ghael ón Tuaisceart a cailleadh le déanaí.

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Ní raibh aon duine ina ‘Eile’ aige.’ Éiteas fuaimintiúil ar mhéanar dúinn g’léir é a ghlacadh agus a chur i bpraitic.