Léamhthuiscint 02

Léamhthuiscint 2 - Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis.

“Níl aon tinteán mar do thinteán féin?”

  1. “Níl aon tinteán mar do thinteán féin.” An mó uair go bhfuil úsáid bainte as an seanfhocal sin in aistí agus óráidí? An bhfuil an seanfhocal chomh seanchaite ag an bpointe seo go bhfuil a bhrí agus a theachtaireacht ídithe? D’admhódh gach mac máthar go bhfuil ceangal faoi leith acu lena áit dhúchais. Déarfadh sé/sí go raibh, agus go bhfuil, tionchar ag an áit sin ar a phearsantacht agus a dhearcadh. Ach an bhfuil grá don áit dhúchais ábhartha nó oiriúnach sa saol nua-aimseartha?
  2. Ní hionann an áit dhúchais agus áit chónaithe, gan amhras. Áit chónaithe is ea an áit a bhfuil tú buailte fút i láthair na huaire, agus an áit dhúchais ná an áit ar rugadh agus ar tógadh thú. Fanann an áit dhúchais id chroí, imíonn an áit chónaithe nuair a bhogann tú ó theach. An mó Éireannach atá buailte fúthu i dtíortha thar lear ar feadh blianta móra fada (i bhfad níos faide ná ná a dtréimhsí in Éirinn) agus nár chaill a bhféiniúlacht Éireannach? An mó duine atá buailte fúthu i gcathracha móra na tíre seo le blianta ach a thugann tacaíocht don chontae dúchais i gcluichí CLG, agus go mbeadh muc ar gach mala acu dá dabharfaí Baile Atha Cliathach nó Corcaíoch orthu?
  3. Is dócha go maífeadh an pobal tuaithe gur mó de nasc atá acu féin leis an bhfód dúchais. I gceantair tuaithe tá teaghlaigh áirithe buailte fúthu sa cheantar, nó sa teach, céanna leis na glúinte, tá aithne ag an bpobal ar a chéile le glúinte, tá ról lárnach ag CLG agus neartaíonn an fheirmeoireacht an ceangal leis an talamh/áit. “Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine,” a deir seanfhocal seanchaite eile ach ní chiallaíonn sin nach bhfuil aon fhírinne ag baint leis. Déarfadh na daoine céanna go bhfuil saol na tuaithe níos simplí agus níos réchúisí, nach bhfuil na fadhbanna céanna le coiriúalcht, drugaí srl. É sin ar fad gan trácht ar an tírdhreach álainn, go mórmhór in Iarthar na tíre. Ní haon ionadh mar sin go bhfuil filí cosúil le Máirtín Ó Direáin agus Cathal Ó Searcaigh ag cumadh filíochta in omós dá n-áiteanna dúchais.
  4. Níl an scéal chomh simplí leis sin. Tá an choiriúlacht ag drannadh a cuid fiacla sa tuath díreach mar atá sa chathair, tá CLG chomh láidir céanna (agus níos láidre) i gceantair uirbreacha áirithe is atá sé amuigh faoin tuath agus níl scáth an phobail chomh láidir is a bhíodh sé. Ina theannta sin is fadhb thromchúiseach é bánú na tuaithe go mórmhór ó thosaigh an cúlú eacnamaíochta i 2008. De bharr an ghanntanais fostaíochta tá daoine óga na tuaithe ag ardú a seolta leo go Meiriceá agus gan iad tá bailte fearainn, sráidbhailte agus bailte ag teip.
  5. An mó uair le cúpla bliain anuas go bhfuil ionadaithe ó chumainn CLG áitiúla cloiste againn ar na meáin ag cáiseamh an oiread imreoirí atá caillte ag an gclub. Tá slad iomlán déanta ar chumainn áirithe. Tá stáisiúin Ghardaí, ospidéil áitiúla agus oifigí poist á ndúnadh. Níl an córas iompar poiblí thar mholadh beirte agus tá uimhreacha sna bunscoileanna ag titim le cónascadh pianmhar i ndán do mhórán a luaithe is a bheidh an rialtas sásta aghaidh a thabhairt ar an gceist.
  6. Ní haon ionadh ar shlí go bhfuil soilse geala na gcathracha, Baile Átha Cliath go háirithe, mealltach do dhaoine óga (agus do dhaoine nach bhfuil chomh óg sin). Ó TK Maxx go post le Google, Facebook nó Apple, ó thaisteal ar an Dart agus Luas go spaisteoireacht Domhnaigh in Ikea, ó bhéilí Iodálacha go beoir cheirde, níl aon dabht ná go bhfuil an tuath in áit na leathphingne ó thaobh phostanna, áiseanna, agus siamsaíochta. “Níl aon tinteán mar do thintéan féin”? Is dócha go mbraitheann sé ar cá bhfuil an tinteán agus cad atá timpeall air.

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Dar leis an údar, cad a d’admhódh gach mac máthar? (alt 1)
  2. Cad a deir an t-údar faoin seanfhocal “Níl aon tinteán mar do thinteán féin”? (alt 1)
  3. Céard é an difríocht idir áit chónaithe agus áit dhúchais? (alt 2)
  4. Cad a deirtear faoi Éireannaigh atá lonnaithe thar lear? (alt 2)
  5. Cén fáth a maífeadh pobal na tuaithe go bhfuil níos mó de nasc acu leis an áit dhúchais? (alt 3)
  6. Cén fáth a ndéantar tagairt do bheirt fhilí? (alt 3)
  7. Deirtear in alt 4 nach bhfuil “an scéal chomh simplí leis sin”. Cad atá i gceist leis seo?
  8. Céard atá daoine óga a dhéanamh ó thosaigh an cúlú eacnamaíochta? (alt 4)
  9. Céard atá na hionadaithe ó chumainn CLG ag rá le cúpla bliain anuas? (alt 5)
  10. Cén fáth a bhfuil soilse geala na gcathracha mealltach do dhaoine? (alt 6)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – Deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Tá roinnt acu marcáilte. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie.

Gníomhaíocht 5 – Cúinne na gramadaí:

  •  Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach in alt 2.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir láithreach in alt 3.
  • Aimsigh sampla den ainm briathartha in alt 4.
  • Sracfhéachaint ar an tuiseal ginideach (bain na lúibíní agus déan pé athruithe agus is gá):
    o Bhuail mé le Seán ag doras na (pictiúrlann).
    o D’éirigh mé ag breacadh an (lá).
    o Ní aontaím le tuairim an (fear).
    o Tá leithreas na (mná) ar an taobh eile den halla.
    o Rith an leanbh óg amach ar an mbóthar os comhair an
    o Tá an tacsaí ag tiomáint timpeall na (cathair).

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  •  Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

    o D’áit dhúchais féin?

    o An difríocht idir an tuath agus an chathair.

  • • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.

  • • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie.

  • • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair cur síos, tóg taobh, cuir mian in iúl, luaigh áiseanna, déan argóint.

  • • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.