LÉAMHTHUISCINT: Níor cheannaigh mé aon éadaí nua le breis agus leathbhliain anuas

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Níor cheannaigh mé aon éadaí nua le breis agus leathbhliain anuas
  1. Níor cheannaigh mise aon éadaí nua le breis agus leathbhliain anuas agus níor cheannaigh sé péire jíons ó bhí 2016 ann. Ní hé an buiséad suarach in earnáil na hiriseoireachta clóite Gaeilge amháin is cúis leis sin, ach cúinsí timpeallachta freisin. An raibh a fhios agat go dtruaillítear an méid céanna uisce agus a úsáideann an cholainn dhaonna in imeacht deich mbliana, 7,000 lítear, chun péire amháin jíons a tháirgeadh?
  2. Is é an chaoi go bhfuil sé an-deacair an dath gorm úd a bhíonn ar jíons gorma a chur ar an gcadás, an t-éadach as a ndéantar jíons, gan an t-uafás uisce a úsáid sa phróiseas. Ar an drochuair, ní féidir na ceimiceáin sa dath a mbaintear úsáid as a ghlanadh amach go héasca as an uisce lena nitear na jíons arís is arís eile. Mar bharr ar an dochar, úsáidtear go leor nimhe ar na plandálacha cadáis chun feithidí agus lotnaidí a mharú agus an cadás á fhás.
  3. San Áise a tháirgtear 32% d’éadaí an domhain agus is baolach gur measa fós an dochar a dhéantar don timpeallacht i gcás na jíons a tháirgtear ansin. Ní hé amháin go mbíonn droch-choinníollacha oibre sna monarchana dúshaothraithe ag an lucht oibre ach is lú an tsúil a choinnítear ar rialacha comhshaoil i dtíortha ar nós na hIndia agus na Banglaidéise. Anuas air sin arís, is mó an t-aschur CO2 a bheidh ann i gcás éadaí a chaithfear a thabhairt leath bealaigh timpeall na cruinne ar long nó ar eitleán lastais ná éadaí a tháirgtear níos gaire do bhaile.
  4. Tá sé oibrithe amach ag lucht taighde san Ísiltír gur cheart go mbeadh costas €33 sa bhreis ar phéire jíons chun an dochar sóisialta agus timpeallachta a chúiteamh leo siúd a bhíonn thíos le droch-choinníollacha oibre, aibhneacha truaillithe agus ganntanas uisce.
  5. An moladh is fearr atá ag an Saoithín Aeráide: éadaí a cheannach a tháirgtear chomh gar do bhaile agus is féidir agus iad a chaitheamh go dtí nach féidir iad a dheisiú níos mó. B’fhéidir gur snáthaid fuála agus spól snáth gorm an uirlis ab fhearr do dhuine sa troid ar son an chomhshaoil.
  6. Mar fhocal scoir: nigh do chuid éadaí in uisce fuar, úsáid púdar níocháin nach ndéanann dochar don timpeallacht, agus triomaigh amuigh ar an líne iad seachas sa triomadóir!

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Cén fáth  nár cheannaigh an t-údar aon éadaí nua le déanaí? (alt 1)
  2. Cé mhéad uisce a theastaíonn chun péire jíons a tháirgeadh? (alt 1)
  3. Cén fáth go n-ídítear an oiread sin uisce i dtionscal na n-éadaí? (alt 2)
  4. Cén dochar a dhéanann ceimiceáin na déantúsaíochta don chomhshaol? (alt 2)
  5. An ndéantar go leor dár gcuid éadaigh anseo in Éirinn? (alt 3)
  6. Cén dá fhadhb a luann an t-údar le tionscal na n-éadaí san Áise? (alt 3)
  7. Cén fáth go ndeirtear gur chóir 33 euro breise a chur le praghas péire jíons? (alt 4)
  8. Cén moladh atá ag an údar chun rótháirgeadh éadaigh a stopadh? (alt 5)
  9. An dóigh leat gur maith an plean snáthaid agus snáth a cheannach in áit éadaí nua? (alt 5)
  10. Conas a chuideodh sé leis an gcomhshaol d’éadaí a ní in uisce fuar agus iad a thriomú amuigh faoin aer? (alt 5)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna arís agus déanaigí na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid lena chéile.

Gníomhaíocht 3 – Deis taifeadta:

  • Taifead thú féin ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leat féin.
  • Éist leis an taifeadadh a rinne daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – Nathanna cainte: bígí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairtí ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
  • Déan cuid eile acu a chur in abairtí scríofa.

Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí

  1. Aimsigh sampla d’fhocal baininscneach sa Tuiseal Ginideach sa chéad alt.
  2. Aimsigh aidiacht sa chéad alt.
  3. Aimsigh ainm briathartha sa dara halt.
  4. Aimsigh sampla de shárchéim na haidiachta sa tríú halt.
  5. Sracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach:

Tá an ghéarchéim (aeráid) ag dul in olcas.

Ceird na (iriseoireacht) a shlí bheatha.

Cheannaigh mé bosca (fuáil) dom féin.

Úsáidtear a lán (ceimiceáin) i dtionscal na n-éadaí.

Gníomhaíocht  6 – Bí ag scríobh agus ag caint

    • Scríobh cúpla abairt faoin ábhar atá san alt.
    • An dóigh leat féin go bhfuil na moltaí atá ag an údar réadúil?
    • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
    • Is féidir focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
    • Nodanna agus feidhmeanna teanga: Tuairimí a chur in iúl, seasamh a ghlacadh, moltaí a dhéanamh.
    • Féadfaidh tú tú féin a thaifeadadh agus tú ag cur do thuairimí féin in iúl.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Níor cheannaigh mé aon éadaí nua le breis agus leathbhliain anuas'