LÉAMHTHUISCINT: Domhandú sa lá atá inniu againn

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Domhandú sa lá atá inniu againn

1. Bhíodh an-bhéim ar earraí Éireannacha a cheannach nuair a bhí mise óg. Go deimhin, bhí feachtas ‘Buy Irish’ nó ‘ceannaigh earraí na hÉireann’ ar siúl go dtí gur tháinig an lá nach bhféadfaí a leithéid a chur chun cinn a thuilleadh laistigh den Aontas Eorpach.

Agus mé i mbun diantaighde i siopa Penneys an lá cheana, chaith mé súil ar an ábhar a bhí ar díol don Fhéile Pádraig. Bhí gach rud a bhí ann ‘Made in China’. Meas tú céard a bhí ag dul trí intinn an oibrí sa mhonarcha Shíneach a rinne na mílte culaith leipreacháin agus iad maisithe le bróga na mbúclaí ‘práis’ do naíonáin bheaga na nGael?

Tá íomhá eile ó m’óige ag teacht chugam anois – na sluaite ollmhóra agus culaith ghorm á caitheamh acu uilig, gach duine acu ag rothaíocht agus gan oiread agus carr amháin le feiceáil ar na bóithre – sin mar a bhíodh sa tSín. Íomhá teilifíse í sin ar ndóigh toisc nach gcuimhneodh éinne an tráth sin taisteal go dtí tír chumannach na haindiagachta sin, mar a ceapadh ag an am.

Agus ní fhéadfá a shamhlú go dtiocfadh muintir na Síne chugainne, mar thurasóirí – nach raibh siad faoi ghlas beagnach ina dtír féin ag an réimeas míthrócaireach, cruálach Cumannach? Ag smaoineamh ar na sean-íomhánna sin a bhí mé agus mé ag féachaint ar American Factory ar Netflix an oíche faoi dheireadh.

2. Bhí trua agam do léiritheoirí For Sama, clár a rinneadh le linn an chogaidh sa tSiria, nár bhuaigh siad Oscar don scannán faisnéise. Ach thuig mé freisin cén fáth a mbeadh fonn ar lucht na scannán agus na teilifíse i Meiriceá, scannán faisnéise ar nós American Factory a chur chun cinn agus go deimhin an duais mhór a bhronnadh air.

Ní fhéadfadh éinne a shamhlú agus mise ag fás aníos go dtiocfadh an lá go mbeadh billiúnaí ón tSín ag bunú gnó mór in Dayton, in Ohio Mheiriceá. Nach ansin a bhí tionscal mór na déantúsaíochta carranna cheana féin agus saibhreas dá réir?

Sular dhún General Motors an mhonarcha a bhí acusan in Dayton (ón mbliain 1920) in 2008, bhíodh gnáthoibrí ansin ag saothrú $30 in aghaidh na huaire. Ach tháinig meath ar an tionscal – ní haon ionadh gur tosaíodh ag tabhairt an Rust Belt nó Crios na Meirge ar an gceantar a raibh cáil dhomhanda air mar lárionad thionscal na gcarranna.

Nuair a tháinig an tionsclóir Cao Dewang (‘Chairman Cao’) as an tSín lena ghnó Fuyao chun gaothscáthanna gloine do charranna a dhéanamh, ceapadh go mbeadh rath arís ar an áit. Ach le scéal fada suimiúil a dhéanamh gearr, léiríonn an méid a dúirt duine de na hoibrithe leis an léiritheoir an dul amú a bhí orthu: ‘Tá m’iníon ag obair i salon i dtionscal na n-ingne agus anuraidh thug sí abhaile $13,000 níos mó ná mar a shaothraigh mise sa mhonarcha.’

I gcomparáid leis an $30 san uair a bhídís a shaothrú, níl acu anois ach $12 san uair faoin úinéir nua Síneach. Ní íoctar iad ar an leathuair an chloig lóin. Ba ghearr go raibh a gcuid comhoibrithe Síneacha ag tabhairt amach faoi na Meiriceánaigh, á rá go rabhadar leisciúil agus go raibh an iomarca am saor acu – ocht lá in aghaidh na míosa, dochreidte!

3. Ach bhí an scannán an-tuisceanach freisin maidir leis an gcaoi ar láimhseáladh na scéalta pearsanta. Chonaic muid na hoibrithe Síneacha ag obair go dian dícheallach, iad uile ag iarraidh an oiread agus a d’fhéadfaidís a tháirgeadh chun sprioc an úinéara a bhaint amach. Agus cé go bhfuil an cumannachas mar a bhí ag maireachtáil taobh le taobh leis an gcaipitleachas sa tSín nua, ba léir go bhfuil rian den chumannachas i bhfeidhm, fiú amháin i dtionscal ar le billiúnaí é. Chonaic muid an comhlacht sa tSín nuair a tugadh roinnt oibrithe ó Mheiriceá go dtí an tSín chun é a fheiceáil. Agus cé go raibh ceardchumann sa mhonarcha, cé a bhí i gceannas air ach deartháir céile an úinéara Cao. Agus is beag an baol go mbeadh aon oibrí thall ansin ag clamhsán faoi choinníollacha oibre.

Cheap mé go mb’fhéidir gur sampla eisceachtúil a bhí i monarcha Fuyao – cén fáth a mbeadh na Sínigh ag infheistiú i Meiriceá? Ach oibríonn an ‘domhandú’ ar bhealaí aisteacha. Is le comhlachtaí Síneacha cuid de na comhlachtaí móra is mó cáil i Meiriceá anois – General Electric Appliances agus Stocmhargadh Chicago ina measc.

4. Deir cuid de na tráchtairí eacnamaíochta go bhfuil an tSín anois ag brú polasaithe domhanda a bhíodh go hiomlán faoi stiúir Mheiriceá sa tseanaimsir. Is léir ón méid a dúirt Uachtarán Mheiriceá go gceapann sé go bhfuil an tSín ag iarraidh forlámhas a bhaint amach i saol na cumarsáide leis an gcomhlacht Huawei.

I 1978 bhí 100% de tháirgeacht na Síne bunaithe ar an earnáil phoiblí – bhí gach duine ag obair don Stát. Bhí an billiúnaí Cao féin beo bocht agus é ag maireachtáil ar dhá bhéile anraith in aghaidh an lae an t-am sin agus an t-ocras ag goilliúint air. Sa lá atá inniu ann tá líon na mbilliúnaithe ag dul i méid ach tá an bhochtaineacht fós sa tSín agus difríocht mhór idir an t-ioncam ag an dream saibhir agus ag na boicht. Is amhlaidh an cás i Meiriceá – is ag 10% den dream is saibhre i Meiriceá atá 90% de shaibhreas na tíre.

Michelle agus Barack Obama a léirigh American Factory i gcomhar le Netflix. Ní clár i gcoinne na Síneach atá ann – is í an aidhm a bhí acu daoine a thaispeáint agus a léiriú trína gcuid focal féin agus iad i mbun oibre agus i mbun siamsaíochta. Taispeánadh na Meiriceánaigh agus na Sínigh le chéile, agus fuaireamar an-léargas ar an uaigneas a bhíonn ar lánúineacha óga Síneacha a mbíonn orthu a gclann a fhágáil sa mbaile agus nach bhfeiceann siad iad ach uair nó dhó sa mbliain.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Cén fáth nach féidir linn feachtas a rith sa tír seo anois ag iarraidh ar dhaoine earraí Éireannacha a cheannach? (alt 1)
  2. Cad is dóigh leatsa a bhí ina cheann ag an oibrí Síneach agus culaith leipreacháin do pháistí á déanamh aige? (alt 1)
  3. Cén íomhá a bhí ag an údar den tSín agus í ina hóige? Luaigh dhá phointe. (alt 1)
  4. Cén scannán a fuair duais Oscar? (alt 2)
  5. Luaigh dhá athrú mór atá tagtha ar shaol an oibrí i Meiriceá ó bhunaigh na Sínigh monarcha Fuyuo? (Alt 2)
  6. Cén locht is mó a bhí ag na Sínigh ar na hoibrithe Meiriceánacha? (alt 2)
  7. Cad atá le rá ag an údar faoin gceardchumann sa tSín? (alt 3)
  8. Cén t-athrú is mó atá tagtha ar gheilleagar an Síne le 40 bliain? (alt 4)
  9. Cén chosúlacht a fheiceann an t-údar idir an saol i Meiriceá agus sa tSín? (alt 4)
  10. Cén léiriú a fhaighimid san alt faoin domhandú? An dóigh leat féin gur chun leasa an chine dhaonna é?

Gníomhaíocht 2 – Nathanna Cainte  le cur in abairtí de do chuid féin

Go deimhin, scannán faisnéise, le scéal fada a dhéanamh gearr, sa tseanaimsir, beo bocht, is amhlaidh an cás, i mbun siamsaíochta, uair nó dhó

Gníomhaíocht 3- Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh sampla den aidiacht bhriathartha in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 1.
  • Aimsigh sampla den bhriathar saor aimsir chaite in alt 3.
  • Aimsigh sampla de shárchéim aidiachta in alt 4.

Scracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach

  • Bhí deartháir (an bainisteoir) i gceannas air.
  • Bhí oibrithe (an mhonarcha) an-díograiseach.
  • Is maith liom a bheith i mbun (obair).
  • Earraí (an tSín) is mó a bhí sa siopa.
  • Tá tionchar (an domhandú) le feiceáil i ngach áit.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Domhandú sa lá atá inniu againn'