Léamhthuiscint – D’fhéadfadh go bhfuil sé in am teacht ar thuiscint nua ar céard is Gaeltacht ann

Léamhthuiscint 06 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint – D’fhéadfadh go bhfuil sé in am teacht ar thuiscint nua ar céard is Gaeltacht ann
  1. Bhuail mé isteach chuig ionad Gael-Taca i gCorcaigh le déanaí, mar a raibh fear ann agus a lá oibre deireanach san áit á dhéanamh aige. Tá sé ag dul sall go dtí Halafacs sa Nua-Albain chun Gaeilge a mhúineadh ag tús na scoilbhliana seo romhainn. Thosaigh muid ag caint faoin nasc idir Éire, Albain, agus Nua-Albain, nó ‘Alba Nuadh’, mar a thugtar uirthi i nGaeilge na hAlban. Bhí mé fiosrach faoin gceantar Gaelach sin ó rinne mé staidéar ar a’ Ghàidhlig san ollscoil, go háirithe nuair a d’fhoghlaim mé go raibh roinnt polaiteoirí Ceanadacha ag iarraidh go ndéanfaí an tríú teanga oifigiúil de chuid na tíre sin den Ghaeilge. Dá nglacfaí leis an éileamh sin, bheadh saol na Gaeilge i bhfad níos láidre, níos leithne, agus níos bríomhaire ná mar atá sí inniu. Faraor, ní féidir linn ach a bheith ag samhlú cén saghas athrú saoil a bheadh ann dá dtarlódh a leithéid. Nó an bhfuil ar ár gcumas fiú an méid sin féin a dhéanamh?
  2. Tá sé de nós ag pobal na Gaeilge agus na meáin Ghaeilge a bheith  ag labhairt faoin nGaeltacht gan stad agus faoi cé acu an bás nó beatha atá i ndán di. Tá a leithéid á dhéanamh againn ó bhí ár dtír uilig fós faoi choróin na Breataine, ach is éard atá difriúil faoi scéal na Gaeilge ó 1956 ná go bhfuil teorainneacha oifigiúla timpeall ar an nGaeltacht agus muintir na mbailte beaga agus móra laistigh de na teorainneacha sin buartha i gcónaí faoi chúrsaí infheistíochta, fostaíochta agus infreastruchtúir agus faoi sheirbhísí poiblí agus eile. Ar shlí, in ainneoin stádas speisialta na Gaeltachta sa Phoblacht iontach(?) atá againn, is minic muid míshuaimhneach míshocair faoi thodhchaí na teanga agus na Gaeltachta.
  3. ’Séard a rith liom, agus mé ag caint le mo chara i gCorcaigh, ná go mb’fhéidir go bhfuil an Ghaeltacht á cur chun báis go mall pianmhar againn, toisc an dóigh a n-amharcann muid féin, mar phobal teanga, uirthi. Murab ionann agus francophonie, an tsamhail den phobal domhanda a labhraíonn an Fhraincis, is ar bhailte beag nó ceantair bheaga aonaracha a smaoinítear nuair a smaoinítear ar cad is Gaeltacht ann. Ar shlí, seans gurbh fhearr dúinne eiseamláir na Lochlannach: grúpa tíortha, le teangacha a bhfuil gaol acu lena chéile ach nach ionann iad, a oibríonn go dlúth lena chéile mar phobal amháin.
  4. An bhfuil bealach ann, mar sin, chun gréasán a chruthú le go leathnófaí coincheap na Gaeltachta amach, ó Thalamh an Éisc go Tír an Iúir agus ó Halafacs Cheanada go Glaschú? Cad chuige nach smaoineofaí ar an nGaeltacht a athcheapadh mar cheantar ilnáisiúnta ilréigiúnach ina bhfuil nasc idir an uile chainteoir Gaeilge? Más ag smaoineamh go róchúng a bhíonn muid, an bhfuil deis mhór á cailliúint againn? Ar cheart dúinn Comhairle Cheilteach a chur i mbun gnímh, mar atá ann leis an gComhairle Nordach?
  5. Dar ndóigh, ní hionann cás na Gaeilge/Gàidhlig, cúpla mionteanga, agus tírdhreach leathan na Fraincise, teanga dhomhanda. Sin ráite, tá iarracht déanta ag go leor eagraíochtaí chun gréasán teanga a fhorbairt, le cláracha ar nós clár Fulbright agus an Ireland Canada University Foundation, a sheolann teagascóirí Gaeilge go Meiriceá Thuaidh chun an nasc Gaelach leis an Oileán Úr a chaomhnú. Cúpla bliain ó shin, chuir Kevin Scannell léarscáil le chéile, a thaispeáin líon na dtvuíteanna Gaeilge idir Éire agus an Bhreatain. Is cinnte go mbeifí in ann gréasán domhanda a chur le chéile ar líne, ach an féidir linn an coincheap sin a aistriú ón Twittersféar go dtí an saol go léir? An bhféadfadh pobal Gaelach na Nua-Alban aon rud a fhoghlaim faoi thionscadal éigin atá ar siúl sa Spidéal i gConamara, mar shampla? Nó cad é faoi na cosúlachtaí idir Bóthar na bhFál agus sráideanna Halafacs? Is cosúil go ndéantar an chorrchomparáid mar seo, ach an bhfeictear aon toradh orthu?
  6. Tá beocht ár dteanga(cha) ag brath ar níos mó ná an bealach a n-amharcann muid uirthi, ach tá seans go bhfuil peirspictíocht nua de dhíth orainn. Má shíltear gur rómhór an difríocht idir cás na Gaeilge agus cás na Breatnaise, mar shampla, ba cheart dúinn amharc ar mhúnla na Fionlainne agus na dtíortha Lochlannacha eile. Bíonn bród orainn, mar Éireannaigh, nasc a bheith againn le cultúr agus stair na nGael agus na gCeilteach. B’fhéidir gur cheart dúinn leas a bhaint as an mbród sin chun comhpháirtíocht nua-aimseartha Ghaelach (nó Cheilteach) a bhunú.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cén fáth a luaitear Halafacs in alt 1?
  2. Céard a bhí polaiteoirí áirithe i gCeanada ag iarraidh a dhéanamh?
  3. Cad é an nós atá ag pobal na teanga, dar leis an údar? (at 2)
  4. Cén fáth a luaitear 1956?
  5. Cén fáth a luaitear na tíortha Lochlannacha? (alt 3)
  6. Cén moladh atá ag an údar in alt 4?
  7. Céard atá déanta ag cláracha cosúil le Fulbright agus an Ireland Canada University Foundation? (alt 5)
  8. Cén fáth a luaitear Kevin Scannell in alt 5?

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Cén fáth ar scríobhadh an t-alt seo, meas tú?
  2. Cad a cheapann tú do thuairimí an údair? An aontaíonn tú leo?
  3. Seo sliocht as alt 2:

‘Ar shlí, in ainneoin stádas speisialta na Gaeltachta sa Phoblacht iontach(?) atá againn, is minic muid míshuaimhneach míshocair faoi thodhchaí na teanga agus na Gaeltachta.’

Cén fáth, dar leat, a bhfuil comhartha ceiste i lúibíní?

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir láithreach in alt 3.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 4.
  • Aimsigh sampla don bhriathar saor sa mhodh coinníollach in alt 4.
  • Sracfhéachaint ar an aimsir láithreach:
    • (Buail + mé) le Seán go rialta.
    • (Tosaigh) sé ag an obair ag a naoi gach lá.
    • Ní (glac) sé le comhairle riamh.
    • Níl a fhios agam an (smaoinigh) siad orm riamh.
    • (Seol) sí ríomhphost chugat gach seachtain.
    • Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:

An bhfuil aon mholtaí agat leis an nGaeilge a chur chun cinn?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
    • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
    • Nodanna: smaoinigh ar an nGaeilge i do cheantar féin, tabhair moltaí, smaoinigh ar dhaoine óga, céard atá ag oibriú go maith faoi láthair agus céard nach bhfuil ag obair.
    • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint – D’fhéadfadh go bhfuil sé in am teacht ar thuiscint nua ar céard is Gaeltacht ann'