Léamhthuiscint 16 – Mhínigh mé go rabhamar ag iarraidh an daonáireamh a líonadh i nGaeilge. ‘Tut!, tut!’ a deir sí (Cartlann 2016)

Léamhthuiscint 16 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

census LT

  1. ‘Sorry,’ a dúirt mé agus mé ag iarraidh aird bhean an daonáirimh a tharraingt. Bhí sí imithe síos trí nó ceithre dhoras ar an tsráid ón teach s’againne faoin am gur thuig mé nach raibh foirmeacha an daonáirimh dátheangach.Mhínigh mé di go raibh muid ag iarraidh an daonáireamh a líonadh amach i nGaeilge. Agus í sách corraithe, rinne sí torann lena teanga: ‘Tut, tut!’. Ón nóiméad a luaigh mé an Ghaeilge léi bhí sí mímhúinte agus gránna liom. Ní fhéadfainn cur síos ar bith eile a dhéanamh ar an iompar a bhí uirthi.
  2. ‘Well, I don’t have any in Irish,’ a dúirt sí agus cuma an oilc uirthi. Bhí muid inár seasamh i lár chathair dhátheangach na Gaillimhe nuair a tharla an comhrá seo. Shílfeá go mbeadh foirm nó dhó aici i nGaeilge ar eagla na heagla. Níor bhac mé le dada eile a rá. Ní raibh uaim ach an fhoirm Ghaeilge a fháil agus gan dul i bhfad scéil leis. ‘I’ll have to come back another day,’ a dúirt sí go gearánach sa deireadh.
  3. Tháinig lá an daonáirimh, bhí an fhoirm faighte i nGaeilge againn faoin am sin agus líon fear an tí amach é agus níor chuimhnigh muid air níos mó. Trí lá ina dhiaidh sin tháinig dhá chnag mhór ard ar an doras ag am dinnéir. Cheap mé go raibh duine de na comharsana ag magadh ar mhaithe le geit a bhaint as na páistí. Chaoch mé mo shúil ar na gasúir agus chuaigh mé amach sa halla. ‘An é sin é an mac tíre mór dána?’ a scairt mé agus an eochair á cur sa doras agam. Níor chuala mé aon fhreagra. D’oscail mé  an doras. ‘I’m here to collect your census form,’ a dúirt sí.
  4. Tharla go raibh fear an tí imithe ag an siopa agus ní raibh a fhios agam cá raibh an fhoirm leagtha aige. Níl a fhios agam an é go raibh muid ceaptha an fhoirm a bheith leagtha againn ar philiúr mín órga sa halla nó go dtiocfadh uaisle an daonáirimh chugainn, ach nuair a d’iarr mé uirthi ar chuma léi fanacht nóiméad go gcuardóinn é d’éirigh sí corraithe agus lig cneada aisti. Chuir mé glaoch ar fhear an tí. Bhí na páistí bailithe sa halla agus iad tosaithe ag bladráil chainte leis an gcuairteoir. ‘Dia dhuit,’ a dúirt an té is óige léi. Bhreathnaigh sí air, níor dhúirt tada agus bhreathnaigh suas ormsa ansin agus dúirt go crosta: ‘I’ve been here three times already, this is ridiculous.’
  5. Bhí a fhios agam nach bhféadfadh go raibh trí iarracht déanta aici an fhoirm líonta a bhailiú. Tá triúr páistí óga sa teach – tagann muid isteach tráthnóna agus ní chorraíonn muid amach arís go maidin. Is ag gearán mar go raibh uirthi a theacht ar ais leis an bhfoirm i nGaeilge a bhí sí. ‘Don’t bother,’ a dúirt sí, ‘don’t even bother.’ Bhain sí siar asam, ach bhí uaim an fhoirm a fháil, é a shíneadh chuici agus í a chur ó dhoras sa gcaoi is nach mbeadh orainn a bheith ag déileáil arís go deo léi. D’fhreagair fear an tí an fón is d’inis dom cá raibh an fhoirm leagtha. Shín mé chuici é. ‘That’s it,’ a dúirt sí agus tharraing sí uaim é agus d’imigh. Nár fheice muid arís í. Shílfeá, óir is dream mór ceisteanna iad, go mbeadh lucht an daonáirimh in ann ceist a chur ar na daoine a earcaíonn siad an bhfuil aon Ghaeilge acu. Nó fiú ceist a chur orthu an é go bhfuil siad chun ionsaí a dhéanamh ar dhaoine a iarrfaidh foirm trí Ghaeilge?

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Cé a tháinig ag teach an údair? (alt 1)
  2. Cén chaoi ar mhothaigh an bhean? (alt 1)
  3. Cén sórt cathair í Gaillimh? (alt 2)
  4. Cad dúirt an bhean leis an údar sa deireadh? (alt 2)
  5. Cé a líon an fhoirm? (alt 3)
  6. Cé a cheap an t-údar a bhí ag an doras? (alt 3)
  7. Cá raibh fear an tí? (alt 4)
  8. Cén tagairt a dhéantar don ‘philiúr mín órga’? (alt 4)
  9. Cén chaoi go raibh a fhios ag an údar nach é sin an tríú huair ag an teach aici? (alt 5)

10)  Cén chaoi a mothaíonn an t-údar faoin rud ar fad, meas tú?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach in alt 1.
  • Aimsigh sampla do bhriathar sa mhodh coinníollach in alt 2.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 3.
  • Aimsigh sampla d’aidiacht bhriathartha in alt 4.
  • Sracfhéachaint ar inscne an ainmfhocail:
    • Tá an (cóta) fágtha ansin.
    • Tá an (cloch) sin rómhór le bogadh.
    • Is breá liom an (Iodáil).
    • Tá an (pasáiste) an-salach.
    • Tá an (amharclann) lán go doras.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

An úsáideann tú féin an Ghaeilge taobh amuigh den scoil?

Cad iad na deiseanna atá i do cheantar leis an nGaeilge a úsáid?

Cad atá ar eolas agat faoin daonáireamh?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair cur síos agus míniú, tabhair cúiseanna, cuir taitneamh in iúl, léirigh tuiscint/easpa tuisceana, léirigh sástacht/míshástacht.
  • Is féidir tú féin a thaifeadadh arís.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 16 – Mhínigh mé go rabhamar ag iarraidh an daonáireamh a líonadh i nGaeilge. ‘Tut!, tut!’ a deir sí (Cartlann 2016)'