Léamh taitneamhach ach tanaí ar cheisteanna casta in Green Book

Tugann Viggo Mortensen, agus Mahershala Ali taispeántais den scoth uathu i ‘Green Mile’ ar scannán taitneamhach, léargasach go pointe, é

Léamh taitneamhach ach tanaí ar cheisteanna casta in Green Book

Green Book

Stiúrthóir: Peter Farrelly

Cliar: Viggo Mortensen, Mahershala Ali, Linda Cardellini, Sebastian Maniscalco, Dimiter D. Marinov, Mike Hatton

Cuimhneoidh mórán ar Tony Lip mar an t-aisteoir a bhí i bpáirt Carmine Lupertazzi Sr. in The Sopranos. Sular thug Tony faoi iomaire na haisteoireachta chaith sé tréimhse mar phreabaire sa Copacabana sna seascaidí. I 1962 deineadh post neamhghnách a thairiscint dó; is é sin a bheith mar thiománaí, garda cosanta agus cúntóir ag an Dr. Don Shirley, pianódóir cáiliúil, cumasach den chine dubh a bhí ar tí dul ar chamchuairt i ndeisceart Mheiriceá.

Is é an turas bóthair úd atá mar bhunús leis an saothar seo agus leabhar uaine an teidil mar threoir acu. Comhghuaillíocht chorr agus comrádaíocht mar théama síos tríd agus an bheirt ag iarraidh dul i ngleic le ciníochas dhúthaigh Jim Crow.

Samhlófar Viggo Mortensen riamh le ról an ghaiscígh i dtriológ Lord of Rings. I gcaitheamh na mblianta, áfach, tá scata de thaispeántais bhreátha tugtha uaidh aige i leithéidí A History of Violence (2005), The Road (2009), Eastern Promises (2007) agus Captain Fantastic (2016). Thuill an dá cheann deireanach acu sin ainmniúchán Oscar dó agus tá a ról sa táirge seo tar éis ceann eile a thuilleamh dó. Tá sé deacair a chreidiúint gur chnag sé an trí scór mí Dheireadh Fómhair seo caite. Tá cuma na hóige air i gcónaí; in ainneoin go raibh air titim i bhfeoil dá ról sa scannán seo mar Tony Lip. Fear é Tony nach bhfuil mórán oideachais air agus a bhraitheann ar an dorn is an bhuatais lena chrústa a thuilleamh is a chuid fadhbanna a réiteach. Fear deisbhéalach, réchúiseach ina shlí féin é, fear a bhfuil grá mór aige dá bhean, dá chlann agus dá mhuintir Iodálach ach é ciníoch chomh maith, mar a bhí a lán de lucht a chomhaoise san áit sin san am úd. Feictear é i radharc amháin i dtús an scannáin agus dhá ghloine á gcaitheamh sa bhosca bruscair aige i ndiaidh d’oibrithe dubha ól astu.

Tá gaiscí déanta ag Mahershala Ali chomh maith. Ghnóthaigh sé duais Oscar dá ról in Moonlight (2016), tá an saothar seo tar éis ainmniúchán eile a ghnóthú dó agus tá moladh mór faighte aige as a thaispeántas sa tríú sraith de True Detective atá á craoladh fé láthair. Éan corr atá idir lámha aige anseo. Léirítear Shirley mar dhuine nach bhfuil ar a chompord i measc an chine bháin nó an chine dhuibh. Tá ardoideachas air, is ceoltóir go smior é agus níl aon easpa airgid air.

Gan amhras níl aon tuiscint ag an mbeirt seo ar a chéile ná aon lé acu le chéile dá réir. Leagan eile fós den ‘lánúin chorr’ chugainn agus is as sin a eascraíonn cuid mhaith den ghreann. Cad leis a bheifeá ag súil ón stiúrthóir/scríbhneoir a thug Dumb and Dumber (1994) dúinn?  Ní fhágtar an drámatúlacht in áit na leathphingine agus tugtar aghaidh ar cheist an chiníochais, na scoiteachta agus ar chúrsaí claonta gnéis. Ina dhiaidh sin féin d’fhéadfaí a mhaíomh gur léamh tanaí ar bhrúidiúlacht chiníoch na linne a fhaighimid. Bhí mac le Tony, Nick, sa mheitheal scríbhneoireachta agus sa chliar agus ní nach ionadh d’imir sin tionchar ar an léamh a deineadh ar Tony.

Tugann Ali agus Mortensen taispeántais den scoth uathu agus is radharcanna idir an bheirt a dhéanann tromlach mór an tsaothair a iompar. Scannán taitneamhach, léargasach go pointe, é seo. Beidh bá thar na bearta agat leis an mbeirt cheann feadhna agus tá tógáil croí ag baint leis an gcríoch.

Fág freagra ar 'Léamh taitneamhach ach tanaí ar cheisteanna casta in Green Book'