LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Straitéisí maireachtála don scríbhneoir, uimhir 4: duine saibhir a phósadh

Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: an bhfuil sé cothrom teacht i dtír ar chéile nó ar chompánach?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Straitéisí maireachtála don scríbhneoir, uimhir 4: duine saibhir a phósadh

Údair mhórdhíola agus sliocht millúnaithe as an áireamh, ní éireoidh le mórán scríbhneoirí teacht i dtír ar an scríbhneoireacht chruthaitheach amháin. Sa sárleabhar sin aige On Becoming A Novelist aithníonn an gúrú scríbhneoireachta as Meiriceá, John Gardner, ceithre mhórstraitéisí a chuirfidh ar chumas an scríbhneora greim a choinneáil ina bhéal. 

Bhain mé féin triail as trí cinn acu sin agus bhí na trí cinn sin faoi chaibidil agam le trí seachtaine anuas. An tseachtain seo, pléifidh mé an ceathrú straitéis, nach bhfuil ach cleachtadh indíreach agam uirthi.

‘The best way a writer can find to keep himself going is to live off his (or her) spouse,’ a scríobhann John Gardner.

Is ea, léigh tú sin i gceart.

‘The trouble is, psychologically speaking at least, it’s hard,’ a leanann Gardner air. 

Tá lán an chirt aige. Ní fhéadfainn féin teacht i dtír ar chéile nó ar chompánach ar an gcaoi sin, ach tá aithne agam ar dhuine (ceoltóir í seachas scríbhneoir, ach ealaíontóir í mar sin féin) a bhaineann úsáid as an straitéis mhaireachtála sin – agus d’admhaigh an bhean seo dom, agus braon faoin bhfiacail aici, go dtagann a straitéis mhaireachtála idir í agus codladh na hoíche ó am go chéile.

Leanann sí ar aghaidh ar an gcaoi sin toisc go ndeir a céile go bhfuil seisean lánsásta leis an socrú – tá sí féin agus an fear a íocann na billí pósta le tríocha bliain anuas – ach fágann socruithe mar seo go mbíonn an t-ealaíontóir spleách ar an duine eile sa chaidreamh. Agus ag deireadh an lae, cuma céard a deir siad, ní bhíonn socruithe den chineál seo cothrom ar an gcéile nó ar an gcompánach a íocann na billí ach an oiread. 

‘I do not mean that the writer should seek out someone on whom he can feed like a vampire,’ a scríobhann Gardner. ‘But if a writer finds himself living, for honest reasons, with someone glad to support his art, he or she should make every effort to shake off the conventional morality and accept God’s bounty, doing everything in his power to make the lover’s generosity worthwile.’

An bhuairt a bheadh orm féin, dá dtarlódh sé riamh go mbeadh orm féin triail a bhaint as an straitéis mhaireachtála seo lá éigin, go gcuirfinn oiread dua orm féin ag iarraidh carthanacht mo chéile nó mo chompánaigh a chúiteamh leis nach mbeadh am ar bith fágtha agam peann a chur le páipéar – agus is maith atá a fhios agam gur am, seachas airgead, an t-earra is luachmhaire i saol an scríbhneora.

Ní lia duine ná tuairim, ach leanfaidh mé féin orm mar atá, ag baint úsáid as meascán den trí mhórstraitéis mhaireachtála eile a bhí faoi chaibidil agam ar na leathanaigh seo le trí seachtaine anuas: an gnáthphost, an deontas agus a bheith beo ar an ngannchuid.

Fág freagra ar 'LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Straitéisí maireachtála don scríbhneoir, uimhir 4: duine saibhir a phósadh'