LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Straitéisí maireachtála don scríbhneoir, uimhir 1: an gnáthphost

An tseachtain seo: céard é an post lae is fearr a d’oirfeadh do scríbhneoir?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Straitéisí maireachtála don scríbhneoir, uimhir 1: an gnáthphost

Údair mhórdhíola agus sliocht millúnaithe as an áireamh, ní éireoidh le mórán scríbhneoirí teacht i dtír ar an scríbhneoireacht chruthaitheach amháin. Sa sárleabhar sin aige On Becoming A Novelist aithníonn an gúrú scríbhneoireachta as Meiriceá, John Gardner, ceithre mhórstraitéis a chuirfidh ar chumas an scríbhneora greim a choinneáil ina bhéal. Seachas ceann amháin nach bhfuil ach cleachtadh indíreach agam uirthi, tá triail bainte agam féin as na straitéisí sin ar fad agus ba mhaith liom an taithí sin a roinnt le léitheoirí Léamh agus Scríobh.

An tseachtain seo: an gnáthphost.

‘Almost all full-time jobs are hard on writing, even office work where one has practically nothing to do,’ a scríobhann John Gardner. Tá an ceart aige. Tógann sé an t-uafás ama agus fuinnimh saothar litríochta a scríobh agus a thabhairt chun foirfeachta – am agus fuinneamh nach mbeidh ag an scríbhneoir ach ar éigean má bhíonn post lánaimseartha aige.

Mar sin féin, tá buntáiste tábhachtach ag an ngnáthphost thar aon cheann eile de na mórstraitéisí maireachtála a aithníonn Gardner: seasmhacht. Pinsean, pá saoire, saoire mháithreachais agus bhreoiteachta, blianta sabóideacha: an cineál sin rudaí. Agus drochsheans go n-éireodh le scríbhneoir ar bith nach mbeadh gnáthphost aige morgáiste a fháil.

Lena chois sin, tá buntáiste cruthaitheach ag baint leis an ngnáthphost nach mbaineann leis na straitéisí maireachtála eile: beidh an scríbhneoir páirteach sa ghnáthshaol. Cuirfidh sé aithne ar dhaoine a spreagfaidh carachtair, agus beidh cur amach aige ar réimse oibre nach mbaineann leis an scríbhneoireacht. 

Ach cé hiad na réimsí oibre is fearr a d’oirfeadh don scríbhneoir a mbeadh gnáthphost uaidh? 

Bíonn saoire fhada ag an múinteoir scoile le linn an tsamhraidh, ach bíonn brú ollmhór air le linn na scoilbhliana. 

Bíonn luí nádúrtha ag an iriseoir le focail, ach tá a fhios agam ó mo thaithí féin nach mbíonn ar chumas na haigne ach líon áirithe focal a phróiseáil in aghaidh an lae: an rud deiridh a theastaíodh uaim a dhéanamh tar éis lá fada a chaitheamh ag plé le cúrsaí nuachta ná aghaidh a thabhairt ar thuilleadh scríbhneoireachta sa bhaile. Bíonn an fhadhb chéanna, ar ndóigh, ag an aistritheoir – agus tharlódh go bhfágfadh béarlagair a bpost lae lorg ar scríbhneoireacht chruthaitheach an iriseora agus an aistritheora araon. 

Tá rabhadh ar leith ag John Gardner dóibh siúd a cheapann gurb é teagasc na scríbhneoireachta cruthaithí an réiteach: ní hamháin go bhfuil an baol ann go mbeadh an iomarca airde ag an teagascóir ar thaobh teicniúil na ceirde, ach tá an chontúirt ann i gcónaí go mothóidh an teagascóir go bhfuil sé i gcomórtas lena chuid mac léinn.

Chuile sheans mar sin gur post lae nach bhfuil baint dá laghad aige le cúrsaí scríbhneoireachta an rogha is fearr. Tá obair mar fhreastalaí i mbialann, i dteach caife nó i mbeár tuirsiúil, ach cuirfidh an freastalaí aithne ar raidhse daoine a spreagfadh carachtair amach anseo. 

Obair uaigneach í obair fhear an phoist agus an mhaoir foraoise, ach cuirfidh an t-am leo féin agus an siúl ar a gcumas cuid mhór den mhachnamh a bhaineann leis an scríbhneoireacht a dhéanamh in am an tsaoiste.

Ag deireadh an lae, ní dóigh liom gur ann don ghnáthphost foirfe don scríbhneoir – ach ghabhfainn chomh fada lena rá nár mhór do scríbhneoir gnáthphost a bheith aige ar a laghad uair amháin ina shaol, ionas go mbeidh cur amach aige ar an ngnáthshaol.

Rabhadh tromchúiseach mar fhocal scoir: ná bunaíodh scríbhneoir a ghnó féin. Nuair a bheidh obair an ghnó sin críochnaithe don lá, beidh sé i mbun riaracháin nuair ba cheart dó a bheith ag scríobh.

Fág freagra ar 'LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Straitéisí maireachtála don scríbhneoir, uimhir 1: an gnáthphost'

  • derry o' sullivan

    Iontach!