Leagnacha Gaeilge de ‘Danny, the Champion of the World ’ agus ‘Kidnapped’ le teacht go luath

Tá dhá aistriúchán nua ar na leabhair mhór le rá - ‘Kidnapped’ le Robert Louis Stevenson agus ‘Danny, the Champion of the World’ le Roald Dahl - le foilsiú ag Leabhar Breac go luath

Leabhar breac

Foilseofar an mhí seo aistriúchán ar an úrscéal Kidnapped . Is é Leabhar Breac, atá lonnaithe i gCois Fharraige, a chuirfidh An Fuadach i gcló agus an t-aistriúchán déanta ag Darach Ó Scolaí, bunaitheoir an chomhlachta.

“Scéal scleondrach atmaisféarach” atá i An Fuadach a áirítear ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil ar domhan. Insítear sa leabhar, a bhfuil cuid de lonnaithe i nGaeltacht na hAlban, scéal Dháibhí Balfúr.

“Tar éis longbhriseadh amach ón oileán Muileach, déanann Balfúr a bhealach go hApainn le casadh le cara leis, an Seacaibíteach aitheanta Ailean Breac Stíobhaird. Ar a bhealach ann, agus scíth á ligean aige ar thaobh an bhóthair, caitear piléar ó shleasa an tsléibhe ar Chailean Rua Caimbéal, Tiarna Ghleanna Iúir, nó an Sionnach Rua mar is fearr aithne air, agus é ar a bhealach go hApainn chun na tionóntaí a chur dá dtailte. Ón bpointe sin amach, tá Dáibhí Balfúr agus Ailean Breac Stíobhaird ar a dteitheadh agus breith an bháis orthu,” an cur síos a rinneadh Ó Scolaí ar an scéal cáiliúil a bheidh ar fáil i nGaeilge go luath.

Titeann imeachtaí an scéil amach timpeall an ama a maraíodh Cailleain Chaimbéil i ‘Dúnmharú na hApainn’ i mBaile an Chaolais tar éis Éirí Amach na Seacaibíteach sa bhliain 1745 agus tá cuid mhaith de na carachtair ann bunaithe ar dhaoine a mhair an t-am sin – Ailean Breac Stíobhaird agus Caimbéil san áireamh.

Chuir an t-aistritheoir Leon Ó Broin Gaeilge ar shaothar Stevenson sa bhliain 1931 mar chuid de scéim aistriúcháin an Ghúim. Ba é an an fear céanna é a d’aistrigh Cogadh na Reann (War of the Worlds) le HG Wells cúpla bliain ina dhiaidh sin.

Tá aistriúchán as an nua déanta ag Ó Scolaí, áfach, agus an leagan sin bunaithe ar an mbunleagan den scéal a scríobh an tAlbanach, Stevenson, sa bhliain 1886, ach é curtha in oiriúint do léitheoirí Gaeilge an lae inniu.

Maiseofar an t-eagrán nua Gaeilge le pictiúir ó eagrán Béarla 1913 den leabhar a rinne an t-ealaíontóir Meiriceánach NC Wyeth. Ba iad léaráidí Wyeth a úsáideadh do Oileán an Órchiste (Treasure Island), le Stevenson, a chuir Leabhar Breac amach dhá bhliain ó shin. Ba é an Scolach a chuir Gaeilge ar an scéal sin freisin.

Beidh aistriúchán eile ón mBéarla á fhoilsiú ag Leabhar Breac i mí Mhárta na bliana seo freisin – Danny, Seaimpín an Domhain. Leagan nua Gaeilge den úrscéal do dhéagóirí a scríobh Roald Dahl sa bhliain 1975. Tá Dahl ar dhuine de na scríbhneoirí do dhaoine óga is cáiliúla amuigh i saol an Bhéarla agus tá an bunleabhar, Danny, the Champion of the World, ar cheann de na leabhair is mó aistriúcháin ar domhan. Insítear scéal Danny agus a athair William san úrscéal agus pléitear an grá speisialta idir athair agus mac ann.

“Taispeánann an scéal cé mar a dhéanann daoine ‘maithe’ drochrudaí, nó go gcuirtear daoine i gcás go mbíonn orthu roghanna deacra a dhéanamh.

“Ina dhiaidh sin féin, tugann an leabhar seo dóchas do dhaoine óga. Taispeánann sé gur féidir leo céimeanna beaga a thógáil in aghaidh daoine atá ag déanamh géarleanúna orthu, agus cathanna beaga a bhuachan trí chlisteacht agus obair chrua,” a dúirt Ó Scolaí.

Rinneadh scannán den leabhar Danny, the Champion of the World, sa bhliain 1989 inar ghlac Jeremy Irons agus a mhac Samuel páirt William agus Danny faoi seach. Bhí ról ag an aisteoir Éireannach Cyril Cusack sa scannán freisin.

Fág freagra ar 'Leagnacha Gaeilge de ‘Danny, the Champion of the World ’ agus ‘Kidnapped’ le teacht go luath'

  • Fear Galltacha

    Ar foilsíodh an leagan Gaeilge de ‘Game of Thrones’ riamh?