FÍSEÁN: Leagan Maracach de Sí do Mhamó í!

Tabharfaidh seisear ceoltóirí an bóthar orthu féin mar chuid d'oilithreacht siamsa ar an gcoigríoch agus iad ar 'Ceolchuairt' ar TG4 anocht

FÍSEÁN: Leagan Maracach de Sí do Mhamó í!

Tá leagan Gaeilge den amhrán tradisiúnta Maracach ‘Sí do Mhamó i measc na n-iontas sa dara sraith den chlár Ceolchuairt, a chraolfar ar TG4 anocht,

I ngach aon cheann de na cláracha faisnéise 40 nóiméad sa tsraith , tugann ceoltóir traidisiúnta Gaelach camchuairt tíre eile air féin, féachaint an bhfuil an cineál céanna ceoil le fáil san imigéin is a fhaightear abhus. Gealltar gur turas eolais agus tuisceana atá i gceist, áit a mbuaileann Éireannaigh le scoth na gceoltóirí áitiúla ar an gcoígríoch agus leis na seanóirí atá ag caomhnú an cheoil ansin.

Bíonn seisiúin buscála ar bun acu ar mhórshráideanna na n-ionad ceoil seo, ó Mharacó go dtí an Mhongóil, ó Iamáice go dtí an tSairdín, agus ón bPortaingéil go dtí an Airgintín.

Sa chéad eagrán, téann Fiachna Ó Braonáin ar thóir phréamhacha na Blues i Maracó. Is ar bharr shléibhte Rif a lorgaíonn sé sean-naisc le hamhránaíocht ar an sean-nós agus a chasann sé le Máistir-Cheoltóirí Joujouka ar oíche lán gealaí.

“Deis den scoth a bhí anseo chun mé féin a thomadh i gcultúr Mharacó agus dul ‘ag snámh’ ann – bhí an oilithreacht seo lán de dhathanna agus d’fhuaimeanna, rithimí agus foinn nár bhlais mé riamh cheana – ach atá anois mar chuid díom,” a dúírt Fiachna.

Sa dara eagrán den chlár, téann an file tuaisceartach Gearóid Mac Lochlainn  sa tóir ar fhréamhacha Reggae i Iamáice, an ceol is ansa leis féin ó bhí sé sna déaga.

An  t-amhránaí ar an sean-nós Róisín Elsafty atá romhainn sa tríú eagrán agus an gaol idir a cuid amhránaíochta féin agus stíl chanta Fado na Portaingéile á fhiosrú aici.

Téann Daire Bracken, an fidiléir leis an ngrúpa Slide ar oilithreacht chuig machairí bánta an Mhongóil agus é sa tóir ar an bhfidil ceann capaill a dtugtar an Morin Khuur uirthi sa cheathrú clár  agus an tseachtain dar gcionn tugann an píobaire aitheanta Mick O’Brien “faoi thóraíocht taisce cheolmhar timpeall ar oileán na Sairdíne agus é ag iarraidh dul i ngleic le píobaí na Launeddas – na píobaí is bunúsaí dá bhfuil ann”.

Sa chlár deireanach den sraith, beartaíonn Máire Áine Ní Iarnáin “scíth a thabhairt dá bróga damhsa ar an sean-nós agus a sála arda a chaitheamh ar feadh scaithimh agus í ar oilithreacht damhsa chun na hAirgintíne, an áit ar tháinig an damhsa Tango ar an saol ar dtús”.

Deir stiúrthóir na sraithe Paddy Hayes: “Is malartú ceoil agus cultúir atá i gCeolchuairt nach bhfeictear rómhinic ar an scáileán. Go minic sa tsraith seo, caitheann muid na ceoltóirí le chéile gan mórán ullmhúcháin; díríonn muid na ceamaraí orthu – agus níos minicí ná a mhalairt, draíocht a thoradhsean.”

Dar le Laura Ní Cheallaigh, gurb é an rud atá “áirithe” faoin sraith seo nach bhfuil lucht a déanta” ag lorg naisc le stíleanna ceoil Ceilteacha eile” ach ag dul “níos faide i gcéin sa tóir ar naisc le stíleanna atá an-éagsúil lena chéile”.

– Cuirfear tús leis an dara séasúr den tsraith Ceolchuairt ar TG4 ag 9.30 pm anocht, Dé Máirt an 13 Eanáir

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Leagan Maracach de Sí do Mhamó í!'