Leagan Gaeilge foilsithe ag Fianna Fáil dá bhforógra agus na ‘geallúintí Gaeilge’ ar fad tugtha

Leagan iomlán Gaeilge dá bhforógra curtha amach ag Sinn Féin agus ag Fianna Fáil amháin agus geallúintí tugtha ag na páirtithe uile i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta

Toghchán Strap

Micheál Martin. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie
Micheál Martin. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá leagan Gaeilge foilsithe ag Fianna Fáil dá bhforógra toghcháin, roinnt laethanta i ndiaidh do Mhícheál Martin geallúint a thabhairt uaidh go mbeadh a leithéid ar fáil.

Fágann sé sin go bhfuil leagan iomlán Gaeilge dá bhfhorógra curtha amach ag Sinn Féin agus Fianna Fáil amháin. Forógra dátheangacha a d’fhoilsigh Sinn Féin.

Tá forógraí na bpáirtithe móra uile seolta acu agus geallúintí éagsúla le fáil iontu maidir leis an nGaeilge. Luaigh na sé pháirtí uilig cúrsaí oideachais agus na bearta a chuirfidís i bhfeidhm chun an teanga a chur chun cinn á leagan amach acu.

Dúirt Renua go gcuirfidís “the traditional and immersive ‘living language’ elements of education” chun cinn “with a renewed focus on grammar and accuracy”.

Is mar chuid den athstruchtúrú ar “mhúnlaí pátrúnachta na scoileanna” a ghabhfadh na Daonlathaigh Shóisialacha i ngleic le ceist an Ghaeloideachais. Dúirt siad freisin go mbeadh an luathoideachas ar fáil i nGaeilge ‘go háirithe sa Ghaeltacht agus i mbailte móra’ má bhíonn siad i mbun rialtais.

FF manifesto

Gheall Páirtí an Lucht Oibre go mbeadh “áit ollmhór ag an nGaeilge san earnáil oideachais” agus go leanfaí “le forbairt agus le cothú an Ghaeloideachais”. Mhaígh an páirtí as an gcuraclam nua a tugadh isteach do bhunscoileanna agus as na hathruithe a rinneadh ar an scrúdú béil don Ardteist ach níl de gheallúint uathu maidir le cúrsaí oideachais in iarbhunscoileanna ach go “ndéanfar machnamh” faoi chur chun cinn an oideachais dara-leibhéal i nGaeilge.

Bhain formhór na ngeallúintí i bhforógra Fhine Gael leis an oideachas Gaeltachta go háirithe. Gealladh go gcuirfí béim ar chúrsaí oideachais sa phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus go neartófaí na naíonraí Gaeltachta agus an luaththumoideachas i scoileanna Gaeltachta. Dúirt an páirtí go ndéanfadh siad “iniúchadh ar oideachas tosaigh do mhúinteoirí” freisin.

Tá trí gheallúint i bhforógra Shinn Féin a bhaineann le cúrsaí oideachais: go mbeadh cúntóir teanga in gach iarbhunscoil sa stát; go mbeadh a dhóthain acmhainní ag COGG lena gcúram a dhéanamh téacsleabhair agus acmhainní scoile a fhorbairt; agus go gcuirfí creidmheas cánach arbh fhiú €190 ar fáil do thuismitheoirí a chuirfeadh a ngasúir ar chúrsa Gaeltachta.

Is iad Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas amháin a dúirt gur cheart féachaint ar dhá ábhar éagsúla Gaeilge a thabhairt isteach do chainteoirí dúchais agus d’fhoghlaimeoirí. D’fhéachfadh Fianna Fáil ar ábhar Gaeilge breise a thabhairt isteach mar rogha do dhaltaí na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh chun freastal ar riachtanais an chainteora dúchais agus cainteoirí líofa eile.

Gheall Fianna Fáil freisin go mbeadh ‘an tsaoirse’ ag scoileanna Gaeltachta an teanga a mhúineadh ar bhealach ‘a bheadh éifeachtach agus oiriúnach’.

‘Litríocht na Gaeilge’ a bheadh mar theideal ar an dara siollabas a thabharfadh na Glasaigh isteach agus a chuirfí ar fáil do dhaltaí a mbeadh cumas ar leith acu sa Ghaeilge. Dhéanfaí cumas labhartha, scríofa agus tuisceana na ndaltaí a thástáil ar chúrsa eile dar teideal ‘An Ghaeilge’, a dúirt na Glasaigh.

Ba iad Fianna Fáil agus Sinn Féin an t-aon dá pháirtí a ghlac le gach aon cheann de na trí mhóréileamh réamhthoghcháin a rinne Conradh na Gaeilge: go gceapfaí Aire Sinsearach le Gaeilge a mbeadh cúram sonrach na Gaeltachta agus na Gaeilge air, go dtabharfaí maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge agus go mbunófaí coiste buan Oireachtais a phléifeadh le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Gheall Fianna Fáil go mbunóidís roinn nua a bheadh freagrach as cúrsaí pobail, tuaithe agus Gaeltachta, mar a bhí ann nuair a bhí an páirtí i gcumhacht cheana agus Éamon Ó Cuív ina Aire Gaeltachta.

Ní raibh aon tagairt i bhforógraí toghcháin an dá pháirtí rialtais d’éilimh Chonradh na Gaeilge. Tá geallúint tugtha ó Pháirtí an Lucht Oibre, áfach, go n-oibreodh siad chun a chinntiú go mbeadh “gach aon seirbhís stáit ar fáil i nGaeilge”. Níl a thuilleadh ráite faoi cad go díreach atá i gceist leis an ngeallúint sin ná faoin gcaoi a gcomhlíonfaí í.

Mhaígh Fine Gael go bhfuil siad “tiomanta ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm go córasach” agus gur léiriú an €1 mhilliún breise a cuireadh ar fáil cheana don Údarás ar a thiomanta is atá siad do chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht. Dúirt Fine Gael go bhfuil siad tiomanta deireadh a chur le maolú na Gaeilge san AE “de réir mar is indéanta”. Tá geallúint den chineál céanna tugtha uathu ag na Glasaigh agus ag Fianna Fáil.

Tá Fianna Fáil ag iarraidh go mbeadh an seasamh céanna ag an nGaeilge is atá ag teangacha eile an Aontais.

Fág freagra ar 'Leagan Gaeilge foilsithe ag Fianna Fáil dá bhforógra agus na ‘geallúintí Gaeilge’ ar fad tugtha'

  • padraig

    Dúirt Fine Gael go bhfuil siad ‘tiomanta deireadh a chur le maolú na Gaeilge san AE “de réir mar is indéanta”. Cad as a dtiocfaidh na haistritheoiri agus na dlitheangeolaithe? On gcoras oideachais? On nGaeltacht? O Europus?
    Nach ag brath ar a cheile ata siad ?
    Bhfuil suim ag daoine oga san aistriuchan? Bhfuil dothain Gaeilge acu chun tabhairt faoin obair seo ar bhealach criochnuil, coinsiasach? Bionn an fhirininne searbh.
    Feach an t-alt le Alan Titley ar an Irish Times;
    Enda Kenny was also lucky in training to be a teacher at a time which required that some modicum of knowledge of something or other, or even anything at all, was important. On the other hand he has presided over the destruction of knowledge-based teacher education in favour of tricky-dicky methodological banality which means that no young fella like him will ever learn Irish, or anything else, as he did.
    Opinion:
    Cancelled TG4 leaders debate speaks volumes about attitudes to Irish
    Many people pick up enough Irish to make do, but beyond that they are totally lost
    Alan Titley