Leagan Gaeilge den Reifreann Pósta athraithe

Tá foclaíocht nua tugtha isteach ag an Rialtas d'fhonn débhríocht agus doiléire a chur de dhroim seoil

13/1/2015. Ireland Foreign Policy Reviews

Tá sé ráite ag an Taoiseach, Enda Kenny gur mhaith leis go ndéanfaí dlíthe agus leasuithe Bunreachta a dhréachtadh i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna, seachas an leagan Béarla díobh a scríobh ar dtús agus ansin Gaeilge a chur orthu.

Dúirt sé an méid sin leis na meáin tar éis don Rialtas a fhógairt go bhfuil an leagan Gaeilge d’fhoclaíocht an Reifrinn Phósta athraithe anois acu. Rinneadh an cinneadh seo i bhfianaise argóintí a cuireadh chun cinn le gairid ag áiteamh go bhféadfaí a thuiscint as an seanleagan Gaeilge go mbeadh pósadh idir fear agus bean ag teacht salach ar an mBunreacht.

Dúirt an Taoiseach go bhfuil an leagan Gaeilge athraithe anois d’fhonn soiléireacht a thabhairt don leasú a chuirfear faoi bhráid an phobail sa Bhealtaine.

Is éard a bhí sa bhunleagan Gaeilge: ‘Féadfaidh beirt, cibé acu is fir nó mná iad, conradh a dhéanamh i leith pósadh de réir dlí.’

Ba í an uimhir iolra a d’fhág go raibh débhríocht ag baint leis an leasú mar a bhí, a mhaígh an t-iriseoir Bruce Arnold.

Tháinig roinnt saineolaithe teanga agus dlí leis an áiteamh go raibh deacrachtaí ag baint leis an bhfoclaíocht Ghaeilge sa mhéid is gur admhaigh siad go bhféadfadh mearbhall agus míthuiscint éirí aisti mar a bhí.

Níor nocht an Taoiseach fós cathain a d’fhoilseofaí an fhoclaíocht leasaithe.

Fág freagra ar 'Leagan Gaeilge den Reifreann Pósta athraithe'