Leagan Gaeilge de Whatsapp le cur ar fáil go luath

Tá roinnt úsáideoirí in ann teacht ar an leagan Gaeilge den teachtaire cheana féin

Leagan Gaeilge de Whatsapp le cur ar fáil go luath

Tá leagan Gaeilge den teachtaire ‘Whatsapp’ á réiteach i láthair na huaire agus cuid d’úsáideoirí na haipe in ann an leagan sin a fheiceáil cheana féin.

Chuir Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge pictiúr ar Twitter ar maidin dá fhón agus comhéadan Whatsapp le feiceáil i nGaeilge ann. Dúirt sé le Tuairisc.ie nach ndearna sé féin aon athrú ar shocruithe Whatsapp ar an bhfón ach gur athraíodh an comhéadan go Gaeilge nuair a rinne sé uasdátú ar an aip.

Tá ráite ag an gcuntas Twitter ‘Acadamh Um Logánú’, a chuireann síos air féin mar “eagraíocht neamhbhrabúis a bunaíodh le logánú a dhéanamh ar bhogearraí agus ríomhchláir do phobal na Gaeilge”, gurbh iad féin a chuir an leagan Gaeilge de Whatsapp ar fáil ar an gcóras iOS agus go bhfuil leagan Android den aip le teacht “go luath” freisin. Thug siad le fios nach bhfuil an obair aistriúcháin críochnaithe go huile is go hiomlán ar an leagan iOS den aip go fóill.

Cuireadh feachtas ar bun i mí Eanáir 2015 chun brú a chur ar an gcomhlacht leagan Gaeilge dá sheirbhís a chur ar fáil. D’iarr ball den ghrúpa Facebook Gaeilge Amháin go seolfaí ríomhphoist chuig Whatsapp “le cur in iúl go bhfuil éileamh ar leagan Gaeilge” den teachtaire.

Thug urlabhraí Whatsapp le fios do Tuairisc.ie i mí an Mhárta 2015 agus arís i mí na Nollag seo caite nach bhfuarthas mórán litreacha ón bpobal a d’éiligh leagan Gaeilge den aip.

Tá an teachtaire ar fáil i 75 teanga anois, an Chatalóinis, dhá chanúint Phortaingéilise agus dhá chanúint Ioruaise ina measc. Cuirtear na leaganacha seo ar fáil tríd an slua-aistriú – úsáideoirí na seirbhíse á aistriú trína gcuntas Twitter nó Facebook ar an suíomh translate.whatsapp.com.

Is é Whatsapp an teachtaire is mó ar domhan agus seoltar os cionn 42 billiún teachtaireacht ar an aip gach uile lá.

Fág freagra ar 'Leagan Gaeilge de Whatsapp le cur ar fáil go luath'