Leagan Gaeilge de scannán nua faoi 1916 ar fáil do scoileanna na tíre

Tá Gerard McCarthy ar camchuairt scoileanna lena scánnán nua faoi Éirí Amach na Cásca. I Scoil Naomh Pádraig i Leamhcán a bhí sé inné, mar ar casadh gaol do Thomas Clarke air

O'Connell Street 1916

Is duine é Gerard McCarthy a bhfuil suim sa stair aige le blianta móra fada. Is ann atá a chroí agus toisc go bhfuil comóradh céid an Éirí Amach ar na bacáin, shocraigh sé go ndéanfadh sé gearrscannán faoin tréimhse 1897-1922, ag díriú go sonrach ar aimsir an Éirí Amach anall go bunú an tSaorstáit.

Agus é ag tabhairt faoin scannán a dhéanamh, chuaigh sé ag féachaint ar scannáin staire le scrúdú a dhéanamh ar a gcur chuige inste.

“Bhraith mé go raibh go leor acu róchasta agus go dteastódh cur chuige níos simplí, sa chaoi is go bhféadfadh páiste nó duine fásta a bhfuil meirg ar a chuid eolais i dtaobh na staire breathnú air,” a dúirt McCarthy le Tuairisc.ie.

Ba é toradh an chur chuige sin scannán a insíonn scéal stair na hÉireann chaon taobh de bhunú an Stáit ar bhealach simplí, sothuigthe, go deas réidh. Tá guthú an scannáin déanta i nGaeilge agus i mBéarla araon agus deir McCarthy go bhfuil píosaí scannaíochta sa léiriú nach bhfuil feicthe ag éinne riamh roimhe seo, ina measc an óráid cháiliúil a thug Pádraig Mac Piarais cois uaigh O’Donovan Rossa.

Ar scoileanna, an pobal i gcoitinne agus cuairteoirí chun na hÉireann atá an scannán dírithe agus tá cuairt á tabhairt ag McCarthy ar scoileanna fud fad na tíre faoi láthair chun an scéal a scaipeadh ina thaobh.

Cífear píosaí scannánaíochta de Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1897, mar aon le giotaí de phearsana móra an Éirí Amach, agus míreanna a bhaineann le Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad.

Is iomaí scoil i mBaile Átha Cliath a bhfuil Gerard McCarthy tar éis cuairt a thabhairt uirthi agus deir sé gur beag ceann nach raibh gaol do dhuine de cheannairí an Éirí Amach le fáil inti. I Scoil Naomh Pádraig i Leamhcán a bhí sé inné féin, mar ar casadh gaol do Thomas Clarke air.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin scannán ach dul chuig an suíomh www.irelandbirthofanation.com.

Fág freagra ar 'Leagan Gaeilge de scannán nua faoi 1916 ar fáil do scoileanna na tíre'