Leagan Gaeilge d’acmhainní tacaíochta teaghlaigh geallta mí i ndiaidh an leagain Bhéarla

I mBéarla amháin a d’fhoilsigh an Rialtas Let’s Get Ready, na hacmhainní tacaíochta teaghlaigh a chuir siad ar fáil do pháistí óga atá ag filleadh ar sheirbhísí cúram leanaí, naíolanna agus scoileanna

Leagan Gaeilge d’acmhainní tacaíochta teaghlaigh geallta mí i ndiaidh an leagain Bhéarla

Tá acmhainní tacaíochta teaghlaigh atá dírithe ar pháistí óga atá ag filleadh ar sheirbhísí cúram leanaí, naíolanna agus scoileanna le cur ar fáil i nGaeilge mí ó foilsíodh i mBéarla iad.

Comhfhiontair de chuid na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige agus na Roinne Oideachais atá sna hacmhainní teaghlaigh Let’s Get Ready, a foilsíodh i mBéarla amháin ar shuíomh an rialtais gov.ie ag tús na míosa seo caite.

Cé nach mbeidh na hacmhainní ar fáil i nGaeilge do leanaí a d’fhill ar sheirbhísí cúram leanaí an tseachtain seo, dúirt an dá roinn le Tuairisc.ie go mbeidh na hacmhainní á bhfoilsiú i nGaeilge an tseachtain seo.

Treoir atá sna hacmhainní do thuismitheoirí chun tacaíocht a thabhairt dá bpáistí an t-aistriú a dhéanamh chuig seirbhísí cúram leanaí, naíolanna agus scoileanna agus iad sa bhaile ó thús mhí an Mhárta de bharr na paindéime.

Tá “céimeanna praiticiúla” ar fáil do thuismitheoirí sa phacáiste Let’s Get Ready maidir le cúrsaí sláinte, níochán lámh go rialta agus athruithe eile atá le cur i bhfeidhm ag seirbhísí luathbhlianta agus scoileanna le dul i ngleic leis an choróinvíreas. Tá ceachtanna siamsaíochta, físeáin eolais agus roinnt ábhar eile ann chomh maith atá dírithe ar pháistí.

Tá príomhoide scoil Ghaeltachta i gCiarraí i measc na ndaoine atá ag iarraidh go gcuirfí ar fáil na hacmhainní i nGaeilge.

Dúirt Príomhoide Scoil Dhún Chaoin, Malachaí Mac Amhlaoibh, i dteachtaireacht a chuir sé amach ar Twitter gur fiontar “iontach” a bhí ann agus go raibh sé ag súil go mbeadh na hacmhainní ar fáil do leanaí Gaeltachta a bhfuil an Ghaeilge mar theanga an tí acu.

Fág freagra ar 'Leagan Gaeilge d’acmhainní tacaíochta teaghlaigh geallta mí i ndiaidh an leagain Bhéarla'