Leagan Gaeilge ar fáil do chluiche nua a chuireann an t-ilteangachas chun cinn i scoileanna

Coláiste na Tríonóide a d’fhorbair Babelar le tacú le daltaí agus múinteoirí buntáiste a bhaint as an ilteangachas sa seomra ranga

Leagan Gaeilge ar fáil do chluiche nua a chuireann an t-ilteangachas chun cinn i scoileanna

Tá leagan Gaeilge ar fáil de chluiche nua réaltacht bhreisithe a bhfuil sé mar aidhm aige tábhacht an ilteangachais a chur ar a súile do pháistí bunscoile.

Coláiste na Tríonóide a d’fhorbair Babelar le tacú le daltaí agus múinteoirí buntáiste a bhaint as an ilteangachas sa seomra ranga.

Deir lucht déanta an chluiche go bhféachtar rómhinic ar an éagsúlacht teangacha “mar dhúshlán don chóras oideachais seachas mar bhuntáiste”.

Dúirt Lorna Carson, Ollamh le Teangeolaíocht Fheidhmeach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, go mbíonn glacadh níos fearr le dalta sa seomra ranga nuair a thugtar cead cainte dó ina chéad teanga, go n-éiríonn níos fearr leis an dalta sin agus go mbíonn caidrimh “níos folláine” aige.

Deir an tOllamh Carson chomh maith go gcuireann an t-oideachas ilteangach “leis an tuiscint atá againn ar riachtanais pháistí”.

 “Cé go bhfuil cúlra ár ndaltaí éirithe níos ilteangaí, is annamh go fóill a chuirtear na teangacha a labhraíonn páistí sa bhaile, amhail Tuircis, Araibis, Portaingéilis nó Polainnis, san áireamh san oideachas príomhshrutha agus ní aithnítear go ginearálta iad mar shócmhainn foghlama. 

“Tá sé mar aidhm ag an gcluiche seo aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin agus bealach tarraingteach a chur ar fáil chun an t-ilteangachas a chur chun cinn.”

Tá an cluiche nua dírithe ar dhaltaí idir 7-12 bliain d’aois. Ar Babelar ní mór do leanaí sprioc choiteann a bhaint amach le cabhair a chéile agus a gcuid teangacha. An sprioc ná fónamh ar Babel, “créatúr beag a bhfuil a chuid eolais teanga go léir caillte aige”. Gealltar go dtabharfaidh Babel daltaí “ar thuras teangeolaíoch trí thrí shaol réaltachta breisithe”. I gceann de na saolta sin feicfear ainmhithe ag siúl na slí ar an urlár.

Tá teangacha “caighdeánacha, mionlaigh, imirceacha agus curaclaim” curtha san áireamh sa chluiche, ar féidir é a imirt i gceithre theanga dhéag – Araibis, Bascais, Ollainnis, Béarla, Fraincis, Freaslainnis, Gearmáinis, Gaeilge, Iodáilis, Polainnis, Portaingéilis, Rúisis, Spáinnis agus Tuircis.

Foireann VirtuLApp a rinne Babelar agus tá sé ar fáil saor in aisce do ghléasanna iOS agus Android. 

Táthar ag tabhairt cuireadh do scoileanna freisin tabhairt faoi #BabelARchallenge a bheidh ar siúl go dtí an 5 Bealtaine. Gheobhaidh an chéad 25 iontrálaí bronntanas agus tabharfar dearbhán €150 don bhuaiteoir.

Fág freagra ar 'Leagan Gaeilge ar fáil do chluiche nua a chuireann an t-ilteangachas chun cinn i scoileanna'