Leagan amach nua ar chraobh peile na hÉireann molta ag CLG

Faoin struchtúr nua bheadh ar fhoirne trí chluiche grúpa a imirt roimh na babhtaí leathcheannais agus chuirfí deireadh leis na cluichí ceathrú ceannais agus le cluichí athimeartha

Leagan amach nua ar chraobh peile na hÉireann molta ag CLG

Tá plean fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael a dhéanfadh athstruchtúrú radacach ar chraobh peile na hÉireann. Maítear go mbeadh níos mó ama ag clubanna a gcluichí a imirt de thoradh an phlean ar fógraíodh ar maidin é.

De réir an phlean, bheadh níos mó cluichí á n-imirt i gcraobh peile na hÉireann ach d’imreofaí na cluichí thar thréimhse a bheadh níos giorra. Chuirfí deireadh chomh maith le cluichí athimeartha agus bheadh am breise i gceist i gcónaí sa chás go mbeadh comhscór ann.

Dá gcuirfí an moladh a fógraíodh inniu i bhfeidhm chuirfí deireadh leis an mbabhta ceathrú ceannais agus chuirfí ina áit struchtúr nua ina mbeadh dhá ghrúpa de cheithre fhoireann ann, buaiteoirí chraobhacha na gCúigí agus na ceithre fhoireann a thiocfadh slán ó bhabhta 4 de na cluichí cáilithe.

D’fhágfadh an struchtúr nua go mbeadh ar na hocht bhfoireann is fearr sa tír trí chluiche grúpa a imirt roimh na babhtaí leathcheannais. Bheadh cluiche amháin ag gach foireann sna grúpaí i bPáirc an Chrócaigh, bheadh cluiche amháin acu sa mbaile agus cluiche amháin eile as baile acu.

Ba iad na foirne a chríochnódh sa chéad agus sa dara háit sa dá ghrúpa a bhainfeadh áit amach i gcluichí leathcheannais na hÉireann.

Chuirfí tús le babhta na ngrúpaí ag deireadh mhí Iúil agus bheadh deireadh leis an mbabhta seo faoi lár mhí Lúnasa.

Maíonn CLG go mbeadh níos mó cluichí móra ar ardchaighdeán ann i lár an tsamhraidh de thoradh an struchtúir nua.

Moltar go n-imreofaí cluichí leathcheannais na hÉireann thar an deireadh seachtaine céanna agus go gcuirfí deireadh le cluichí leathcheannais na sraithe.

Fág freagra ar 'Leagan amach nua ar chraobh peile na hÉireann molta ag CLG'

  • Jamie Ó Tuama

    An-phlean a shásódh gach duine.