‘Léacht Uí Fhlatharta’ á heagrú den chéad uair in ómós don fhear léinn agus cearta teanga as Conamara, Peadar Ó Flatharta

Is é an sochtheangeolaí aitheanta an tOllamh Colin Williams as an mBreatain Bheag a thabharfaidh an chéad léacht in ómós don mhórscoláire as an gCeathrú Rua

‘Léacht Uí Fhlatharta’ á heagrú den chéad uair in ómós don fhear léinn agus cearta teanga as Conamara, Peadar Ó Flatharta

Eagrófar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath an mhí seo chugainn ‘Léacht Uí Fhlatharta’ den chéad uair mar chomóradh ar shaol agus saothar Pheadair Uí Fhlatharta, an fear léinn as Gaeltacht Chonamara a bhásaigh in 2016.

Thug Ó Flathartha seal ina Cheann Scoile ar Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath,

Is é an sochtheangeolaí aitheanta an tOllamh Colin Williams as an mBreatain Bheag, ar chara mór leis an bhFlathartach é, a thabharfaidh an chéad léacht in ómós don mhórscoláire as an gCeathrú Rua. ‘A Sigh Between Two Sorrows: Reflections on Language Policy’ is teideal den chéad ‘Léacht Uí Fhlatharta’.

Nuair a bhásaigh Peadar Ó Flatharta, dúirt Colin Williams, saineolaí idirnáisiúnta ar chearta teanga a d’oibrigh le Ó Flatharta ar thograí éagsúla teanga, gur “cailliúint mhór é d’Éirinn agus do gach duine ar domhan a bhíonn ag plé le cearta teanga”.

Dúirt Williams le Tuairisc.ie go raibh an-mheas ar Pheadar Ó Flatharta ar fud an domhain agus murab ionann agus go leor daoine léannta gur fear é “nach raibh aon suim aige ina bheith ag éisteacht lena ghlór féin”.

An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, a sheolfaidh Sraith Léachtaí Uí Fhlatharta agus beidh fáiltiú i ndiaidh na léachta a bheidh ar siúl ar an 12 Aibreán.

Iarrtar ar dhaoine clárú don léacht trí rphost a sheoladh chuig Rúnaí Fiontar & Scoil na Gaeilge, Margaret Quinn (margaret.quinn@dcu.ie).

Fág freagra ar '‘Léacht Uí Fhlatharta’ á heagrú den chéad uair in ómós don fhear léinn agus cearta teanga as Conamara, Peadar Ó Flatharta'

  • An Theanga Bheo

    Sea go díreach ” cearta teanga ” agus an laoch a d’ardaigh an seol dhúinn agus a choinnigh muid ar an mbóthar ceart is fanach muid anois gan á gceann rodai Beannacht Dé leis
    Ochon is ochon ó