Léacht agus Seimineár faoin ilteangachas in Éirinn ar siúl in OÉ, Gaillimh an deireadh seachtaine seo

Tabharfaidh an tOllamh Antonella Sorace léacht dar teideal ‘Why multilingualism matters: the view from linguistic an cognitive research’ agus beidh saineolaithe as an tír seo agus as an Eoraip ag tabhairt cainteanna faoi ghnéithe éagsúla den ilteangachas

Antonella Sorace
Antonella Sorace

Bhí beirt in Ard-Oifig an Phoist Luan Cásca 1916 nach raibh Béarla ná Gaeilge ar a dtoil acu – Sualannach agus Fionlannach. Bhí an t-ilteangachas mar chuid de shaol na hÉireann an uair sin mar atá sé sa lá atá inniu ann.

Beidh léacht phoiblí agus seimineár lae faoin ilteangachas in Éirinn na linne seo in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an deireadh seachtaine seo. Tá an dá imeacht á gcur ar siúl mar chuid de chlár comórtha 1916 na hOllscoile.

Is i mBéarla a reáchtálfar an dá imeacht ach díreofar ar theangacha éagsúla, an Pholainnis, an tSínis agus an Ghaeilge san áireamh. Dé hAoine, ag 7pm, tabharfaidh an tOllamh Antonella Sorace, ó Ollscoil Dhún Éideann léacht dar teideal ‘Why multilingualism matters: the view from linguistic an cognitive research’.

Saineolaí aitheanta ar an dátheangachas agus ar an ilteangachas í an tOllamh Sorace, duine de bhunaitheoirí ‘Bilingual Matters’,ionad eolais agus comhairleoireachta do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le dhá theanga.

An lá arna mhárach, beidh saineolaithe as an tír seo agus as an Eoraip ag tabhairt cainteanna faoi ghnéithe éagsúla den ilteangachas. Pléifear, i measc nithe eile, sealbhú teanga sa bhaile, páistí ilteangacha agus cúrsaí oideachais, an teiripe chainte agus urlabhraíochta.

Fág freagra ar 'Léacht agus Seimineár faoin ilteangachas in Éirinn ar siúl in OÉ, Gaillimh an deireadh seachtaine seo'