FÍSEÁN: Leacht a bhfuil dán i nGaeilge air nochtaithe sa tSíle

‘Fé shleasa gorm Andes’ - leacht cuimhneacháin ar an dán ‘Valparaíso’ nochtaithe i Valparaíso sa tSíle

Nochtadh leacht ar a bhfuil an dán ‘Valparaíso’ leis an Monsignor Pádraig de Brún i dtrí theanga i gcathair Valparaíso sa tSíle.

I nGaeilge, i Spáinnis agus i mBéarla atá téacs an dáin greanta agus pictiúr den údar agus tuairisc air siúd os a gcionn.

Tá eolas ag mórán in Éirinn ar an dán seo a chuireann in iúl an fonn taistil agus an rómánsaíocht a bhaineann le tíortha i gcéin trína n-ainmneacha a chur inár láthair.

Bhí Ambasadóir na hÉireann chuig an tSíle, Paul Gleeson agus méara chathair Valparaíso i láthair ag an searmanas an tseachtain seo caite. Léigh an t-ambasadóir an leagan Gaeilge den dán agus léigh Michael Heavey, fear de bhunadh na hÉireann a tógadh i mbaile Viña del Mar in aice láimhe, an dán sa Spáinnis.

Ba é seo an imeacht deireanach ag an Ambasadóir ina thréimhse sa tír.

Tráchtann an dán ar long agus ar thuras fada farraige samhalta agus mar a tharlaíonn sé, tháinig seanathair Michael Heavey, Séamus Heavey as oirthear na Gaillimhe go Valparaíso agus é i mbun gnó lastais loinge.

Ba chara le Dúghlás de hÍde é Séamus Heavey chomh maith.

Chuir sé faoi in Valparaíso agus tá a shliocht ina gcónaí sa cheantar ó shin. Go deimhin tá cuid acu, ar nós Michael Heavey, i mbun gnó atá bainteach le tráchtáil agus loingseoireacht.

Ar ardán ag féachaint amach ar chalafort gnóthach Valparaíso atá an leacht suite. Is cinnte go mbeidh sé mar bhuanchomhartha ar an gceangal idir mír aitheanta de litríocht na Gaeilge agus an chathair.

Táthar ag súil freisin go spreagfaidh sé tuilleadh spéise sna ceangail atá idir Sile agus Éirinn.

-Tuairisc le hÉamon Ó Ciosáin agus Seosamh Ó Coigligh

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Leacht a bhfuil dán i nGaeilge air nochtaithe sa tSíle'

  • Eilís Ní Anluain

    Más fíor an seanchas – Máirtín Ó Direáin a d’inis dom athair Eoghan ó hAnluain – is ar chlár bia ag caitheamh béile le Oliver St John Gogarty a thaispeáin dán nua leis, The Ship dó, a rinne Pádraig De Brún an t-aistriúchán. Clasaic ann féin dar ndóigh a bhí ar na dánta ba dheise le daoine i bpobalbhreith a reáchtáil an Irish Times ag deireadh na bliana 1999.

  • Clive Geraghty

    Sílim go ndearna Pádraig de Brún aistriúchán ar dhán le Oliver St.John Gogarty a thug sé Valparaiso air, ach is annamh ainm Gogarty a fheiscint in áit ar bith mar scríobhnóir an dáin.