Dé Sathairn, an 3 Feabhra, nochtfar leac ag Céibh an Choradáin i Maíros, i bparóiste Charna i gcuimhne ar cheathrar d’Óglaigh na hÉireann a bádh i mí Feabhra 1921. B’in iad Seosamh Ó Caola, Seosamh Ó hUaithnín, Séamas Ó Fearráin agus Páraic Ó Cualáin.
I gcurach a bhí siad agus iad ar a mbealach go Cloch na Rón le hairgead a bhí bailithe i gcomhair Ghluaiseacht na Poblachta a chur i dtaisce.
Níor frítheadh ach corp amháin ariamh, corp Sheosaimh Uí Chaola. Tá sé curtha i reilig Mhaírois.
D’fhéadfadh sé go raibh baint acu leis an Iasacht Mhór Náisiúnta a bhí ar siúl ar fud na tíre ag an am le cúis na Poblachta a chur chun cinn.
Thug Colm Ó Gaora cuntas ina leabhar Mise ar gheábh a raibh sé féin ag eagrú an bhailiúcháin sin i gCarna. Seo mar a dúirt sé:
‘Baile Charna an áit ba dheacra a casadh orm leis an iasacht náisiúnta a chur faoi sheol ann. Bhíodh na póilíos chomh mór sin ar mo bhonn ansin is nárbh fhéidir liom iompú ar mo chois gan iad a bheith mar ghadhair fhiaigh i mo dhiaidh. Ba leis an damhsa sin, Ionsaí na hInse, a chuir mé tosach ar dtús ar an iasacht ann. Lá Domhnaigh a bhí ann tar éis an Aifrinn. Bhí focal na faire ag cuid de na daoine san áit go raibh fúm coiste leis an obair a dhéanamh a bhunú an lá seo. Dúirt mé féin leo seo a bhí ag fuireacht éirí agus go múinfinn an damhsa seo dóibh. Chuir mé fear ag casadh port béil agus níorbh fhada go raibh an rang fear sin ar a dtáirim ag déanamh Ionsaí na hInse. Chuaigh mé féin sa damhsa chomh maith le cách, agus thug seo faill dom labhairt ó dhuine go duine leo agus mo scéal a chur i gcéill dóibh. Bhunaigh mé coiste oibre san áit ar an gcaoi seo. Cheap mé beirt nó triúr a bheadh freagrach do litríocht na hiasachta. D’inis mé dóibh cén áit a bhfaighidís gach uile fhaisnéis faoin obair, agus muid i gcaitheamh an ama ar fad ag cur ár gcraicinn dínn ag damhsa. Nár bheag an ceapadh a bhí ag an sáirsint, agus ag an mbeirt phóilíos a bhí ina chuideachta ár bhfaire i ngach uile chor is cleas a chuireamar dínn, nach ag damhsa de réir an phoirt a bhíomar?’
Dhá mhí tar éis bháitheadh an cheathrar óglach rinneadh luíochán ar fhórsaí na Breataine i Scríb 26 ciliméadar soir as Carna. Lá arna mhárach dhóigh na Gaill cúig theach i bparóiste Ros Muc. Bhí teach Uí Ghaora agus Teach an Phiarsaigh orthu sin agus an teach a bhí ag an máistir scoile, Pádraig Ó Conghaile.
Ba i dteach Phádraig Uí Chonghaile a chuir Pádraig Mac Piarais faoi an chéad uair a dtáinig sé go Ros Muc.
B’éigean do Phádraig Ó Conghaile a dhul ar a theitheadh tar éis luíochán Scríb. Isteach ar an Oileán Iarthach a chuaigh sé, oileán nach bhfuil i bhfad as Ros Muc. Bhí aithne aige ar mhuintir Chatháin ansin agus bá acusan leis an bPoblacht.
Roinnt blianta ina dhiaidh sin, nuair a shocraigh an tír síos, socraíodh díon a chur aríst ar Theach an Phiarsaigh.
Tháinig na Catháin amach go dtí na daoine muintreacha i gCill Chiaráin agus iad ar thóir adhmaid a d’fheilfeadh don díon. Dúradh leo a dhul siar go dtí Meáirt Ó Caola, go raibh adhmad le spáráil aige. Chuaigh.
Chuir Meáirt fáilte mhór rompu. ‘Tugaigí libh an t-adhmad más le haghaidh Theach an Phiarsaigh é,’ a dúirt sé, ‘ní bhainfidh mise pingin ná leithphingin díbh mar an fear a cheannaigh an t-adhmad sin, agus atá curtha sa reilig, ní bhainfeadh seisean aon phingin díbh ach an oiread.’
Ba é a mhac a bhí i gceist aige ar ndóigh, an t-aon mhac a bhí aige.
Ag leathuair tar éis a haon Dé Sathairn a nochtfar an leacht. Siúlfaidh na daoine aníos an trá ansin go dtí an reilig agus leagfar bláthfhleasc ar uaigh Sheosaimh Uí Chaola.
Beidh fáilte roimh chuile dhuine. Cuirfidh Clíona Ní Chualáin braon tae agus greim bia ar fáil ina dhiaidh sin ina teach tábhairne, Tigh Mheaic. B’uncail lena hathair duine de na hóglaigh, Páraic Ó Cualáin.
Fág freagra ar 'Leac le nochtadh do cheathrar Óglach as paróiste Charna a bádh i 1921'