Leabhar nua lán tuisceana agus eolais faoi bhlianta na réabhlóide in iarthar na hÉireann

Leabhar é War and Revolution in the West of Ireland, 1913-1922 ar cheart d’aon duine ar suim leis stair ár dtíre é a léamh

Leabhar nua lán tuisceana agus eolais faoi bhlianta na réabhlóide in iarthar na hÉireann

Tá leabhar breá nua foilsithe faoi Éirí Amach 1916 agus faoi Chogadh na Saoirse i gContae na Gaillimhe. War and Revolution in the West of Ireland, 1913-1922 an teideal atá uirthi. Is é Conor McNamara a scríobh í agus is iad an Irish Academic Press na foilsitheoirí.

Ní raibh mé i bhfad á léamh nuair a chuimhnigh mé ar lá a raibh mé ag tórramh i gCill Fhínín in oirthear na Gaillimhe.

Thug mé cuairt roimh ré ar uaigh Raiftearaí agus ar uaigh na gCallanán, filí eile. Tá a n-uaigheanna siúd in aice le huaigh Raiftearaí.

Ba mhinic é féin agus iad féin ag ithe agus ag gearradh ar a chéile go binn fileata.

Chuimhnigh mé ansin gur ar an mbaile céanna a bhí a cheanncheathrú ag Liam Ó Maoilíosa i 1916. Ba le fear as Ros Muc, Hubert Breathnach, an teach. Bhí seisean básaithe faoin am sin ach bhí a bhean agus a gclann chomh dílis do shaoirse na hÉireann leis féin.

Tá an ceantar seo chomh stairiúil le haon fhód de thalamh na hÉireann, arsa mise liom féin agus mé ar mo bhealach isteach chuig an teach tórraimh.

Bhí bruscán deas daoine istigh, tae ag dul thart agus corrghloine fuisce.

Bhuail mé bleid ar sheanfhear a bhí ann. Ní mórán fonn cainte a bhí air i dtosach shílfeá ach bhog sé de réir a chéile.

‘Bhí mianach na réabhlóide sa taobh seo tíre i gcónaí nach raibh?’ arsa mise.

‘Ah sure they were always attacking landlords, agents and peelers,’ ar seisean.

Chuir mé tuairisc leis faoi réabhlóidí darbh ainm Hynes. ‘Do you know anything about him?’ arsa mise.

‘I should,’ a deir sé, ‘he was my father. He was to be hanged wan time you know.’

Peeler a maraíodh agus bhí Hynes ar dhuine acu siúd ar cuireadh an marú ina leith. D’éirigh leis a theacht slán ar éigean.

Is maith a léiríonn Conor McNamara ina leabhar gur as an ithir sin a phréamhaigh na hiarrachtaí a rinneadh ar son na saoirse i gContae na Gaillimhe idir 1913-1923.

Bhí sé léirithe go héifeachtach roimhe sin ag Fergus Campbell ina leabhar siúd Land and Revolution: Nationalist Politics in the West of Ireland, 1891-1921.

Tuigeann Cormac Ó Comhraí é freisin. Sin é an staraí cumasach a scríobh Sa Bhearna Bhaoil: Gaillimh 1913-1923.

Ní bheidh tú i bhfad amach i leabhar Chonor McNamara nuair a chasfar an t-ainm Eric Hobsbawm leat. Dea-chomhartha é sin. Staraí mór le rá a bhí ann a raibh dearcadh Marcsach aige.

Is maith a thuigfeadh Hobsbawm an abairt seo a scríobh Conor MacNamara: “a generational and class dimension to the political structure within nationalism was central to political discourse from the outset”.

Tá cur síos den scoth ag McNamara ar an gcumhacht a bhí ar feadh tamaill ag na feilméaraí móra a raibh talamh féaraigh ar conacra acu. Bhí na siopadóirí isteach leo, ar ndóigh.

Achrann a chaithfeadh a theacht as sin i gcontae a bhí lán le feilméaraí beaga nach raibh ag a bhformhór ach ón láimh go dtí an béal.

Léiríonn sé freisin an deighilt aicmeach a bhí idir muintir na gceantar tuaithe agus bunadh na mbailte móra. Sea go deimhin agus taobh istigh de na ceantair tuaithe féin.

Tugann sé creidiúint do Mháirtín Ó Cadhain faoin gcaoi ar ghearr sé tríd an rómánsachas a luaití le saol na tuaithe gur léirigh sé an cruatan a bhain leis. Níor luaigh sé an chaint seo a rinne Máirtín uair amháin ach is pointe é a chuirfeadh go mór leis an argóint atá déanta aige.

“Tugann sibh faoi deara go mbainim leas as an bhfocal “aicme” sách minic, focal is ionann agamsa agus ‘class’,” arsa Máirtín. “Cuimhneoidh cuid agaibh ar an “gclass warfare”. Bhí an smaoineamh seo teáltaithe i m’intinn sular fhága mé an Ghaeltacht ná ar chuala mé caint ar Mharx ná ar an gConaolach ariamh … Mar thar áit ar bith in Éirinn tá an t-idirdhealú aicmeach, an “class distinction”, suntasach sa nGaeltacht.”

Maidir le cathair na Gaillimhe bhí an aicme cheannais ansin thar a bheith Gallda. Bhí agus cuid mhór de chosmhuintir na cathrach: bhí beairic na Rinne Móire in aice láimhe agus Máirtín Mór Mac Donncha ina rí ar an gcathair.

Go fiú muintir an Chladaigh bhí siad ar son na hImpireachta; baile iascaireachta a bhí ann agus bhí go leor d’fhir an Chladaigh i gcabhlach Shasana.

Tá rianú éifeachtach déanta ag Conor McNamara ar an gcaoi ar neartaigh Sinn Féin i rith na tréimhse atá faoi chaibidil aige. An feachtas in aghaidh an choinscríofa a d’athraigh intinn an phobail seachas rud ar bith eile.

Tugann sé cuntas ar Chogadh na Saoirse buille ar bhuille ar fud an chontae.

Is maith liom go dtugann sé a gceart do na mná agus do na sagairt óga a dhiúltaigh do threoir pholaitiúil na n-easpag.

Níl cás na bProtastúnach fágtha ar lár aige ach oiread.

Easnamh amháin atá ar an leabhar nár thug an t-údar aon aird ar an litir a scríobh Roger Casement chuig Emmeline Cadbury nuair a bhí sé i bpríosún Phentonville: “If only they had landed me at Carraroe things might have gone differently! They were waiting for me at Carraroe— armed men who would have protected me and hidden me. But the Germans chose instead to land me on an open beach at Tralee.”

Dá n-éireodh leis féin agus leis na gunnaí a theacht i dtír ar an gCeathrú Rua cá bhfios cén toradh a bheadh ar an Éirí Amach i gContae na Gaillimhe?

Leabhar í seo ar cheart do chuile Ghaillimheach í a léamh agus dream ar bith eile go deimhin ar suim leo stair ár dtíre.

Níor mhiste do Shinn Féinigh an lae inniu í a phlé ag a gcuid cruinnithe agus anailís as an nua a dhéanamh ar an gcogadh aicmeach atá á fhearadh lá i ndiaidh lae i gcúrsaí tithíochta, i gcúrsaí sláinte agus i chuile ghné eile den saol.

Is bocht an scéal é mura mbeidh le rá acu amach anseo ach an rud a dúirt Caoimhín Ó hUigín tráth: “We are the most conservative minded revolutionaries that ever put through a successful revolution”.

Fág freagra ar 'Leabhar nua lán tuisceana agus eolais faoi bhlianta na réabhlóide in iarthar na hÉireann'

  • Seán Mag Leannáin

    Léargas an-spéisiúil le Seosamh Ó Cuaig ar leabhar tábhachtach, War and Revolution in the West of Ireland 1913 – 1922 le Conor McNamara, atá anseo. Lón machnaimh do dhaoine, agus do pháirtithe, a bhfuil dúil acu a bheith ina bpolaiteoirí radacacha ar son na cosmhuintire.

    Díol spéise gurbh é “An feachtas in aghaidh an choinscríofa a d’athraigh intinn an phobail seachas rud ar bith eile.” Níl dabht ar bith ná gur mhaith leis an mbunaíocht pholaitiúil atá i réim anois fáil réidh leis an neodracht agus an tír a shleamhnú isteach i NATO. Is léir go bhfuil siad ag tláithínteacht le Ursula von der Leyen cheana féin.

    Mar a deir Seosamh Ó Cuaig “Leabhar í seo ar cheart do chuile Ghaillimheach í a léamh agus dream ar bith eile go deimhin ar suim leo stair ár dtíre. Níor mhiste do Shinn Féinigh an lae inniu í a phlé ag a gcuid cruinnithe agus anailís as an nua a dhéanamh ar an gcogadh aicmeach atá á fhearadh lá i ndiaidh lae i gcúrsaí tithíochta, i gcúrsaí sláinte agus i chuile ghné eile den saol.”