Leabhar nua ag Tommy Peoples faoi na daoine agus an cultúr ‘ina chroí istigh’

Tá leabhar nua amuigh ag Tommy Peoples a thugann éachtaint ar leith ar shaol agus ar shaothar an cheoltóra

tommybk2

Seoladh ar na mallaibh Ó Am go hAm/From Time to Time: Tutor, Text and Tunes leabhar nua leis an bhfidléir iomráiteach Tommy Peoples ina bhfuil léargas iontach ar fáil ar ar a shaol agus a shaothar.

400 leathanach atá ann ar a bhfuil 130 fonn a chum sé, chomh maith le nodaireacht agus léaráidí óna pheann féin.

the mouse in the atticSa chéad chuid den leabhar, tá léargas glé curtha ar fáil ag Peoples ar a stíl áirithe féin. Déanann sé mionchur síos ar an fhrásaíocht, ar an bhoghadh, ar an mhéarú agus ar na cineálacha fonn a bhaineann lena chuid ceoil.

Díríonn an dara cuid den leabhar ar na foinn atá cumtha aige thar na blianta. Faightear anseo míniú ar theidil na bhfonn a bhaineann go minic le daoine agus le himeachtaí i saol an fhidléara a chuaigh i bhfeidhm air.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Peoples, ar as Inis Eoghain in oirthear Dhún nGall ó dhúchas dó, gur thosaigh sé ag cumadh píosaí ceoil sula raibh sé sé bliana déag d’aois.

“Bhí ag cumadh ceoil sular bhog mé go Baile Átha Cliath ó Dhún na nGall i 1965 cé nach bhfuil cuimhne agam ar na foinn ón am sin.”

Ar cheann de na píosa ceoil ba luaithe a chum sé, tá ‘The Green Fields of Glentown’, ríl a bhíonn fós á casadh go minic ag ceoltóirí na linne seo.

“Tá an t-ádh orm gur cosúil go dtaitníonn cuid de na foinn atá cumtha agam le ceoltóirí. Is mór an cuidiú é, agus táim an-bhuíoch gur féidir liom séis a chumadh gan tagairt a dhéanamh d’uirlis ceoil. Má bhuaileann séis mé, is féidir liom é a bhreacadh síos láithreach,” ar sé.

Dúirt an ceoltóir mór le rá, a tháinig i réim le ‘The Chieftains’ agus ar bronnadh Gradam Ceoil TG4 air faoi dhó as a chuid ceoil agus a chuid cumadóireachta, go mbíonn sé ag díriú ar fhoinn a chumadh a mbíonn “scéal bríomhar ag baint leo, ach amháin i gcás na bhfonn mall”.

‘The Lucky Bag’ is teideal don chéad fhonn sa leabhar, agus is léiriú ‘an-mhaith’ é ar a bhfuil sa chnuasach trí chéile, dar le Peoples.

hawkeye-1“Is meascán mearaí atá sa leabhar de nósanna, de dhaoine, d’áiteanna, de rudaí a thit amach, agus tá go leor mothúchán ann; idir shásamh, bhrón agus ghreann. Ach ar an chuid is mó, is in ómós do dhaoine agus do chultúir ceoil, a bhfuil mo chroí istigh ann, a rinneadh an leabhar,” arsa sé.

Bhí sé ag obair ar an leabhar le blianta.

“Tá ag obair air le fada an lá. D’fhágainn ar leataobh é agus phillfinn arís air agus dearmad déanta agam de cibé a bhí scríofa agam. Bheinn tamall ansin ag léamh siar ar an mhéid a bhí déanta agam agus ag tosú in athuair. Le tamall de bhlianta, ní raibh an tsláinte rómhaith agam agus thug sé spreagadh dom barrchríoch a chur leis.”

ardmholadh tugtha don leabhar ó thaobh ábhair agus dearaidh de ach níl tuairim mhaith ag an údar go fóill faoin dóigh a bhfuil ag dul i bhfeidhm ar dhaoine.

“Bheadh ort suí síos agus coimhéad ar dhuine nó ar dhream agus iad á léamh le fáil amach. Ansin bheadh a fhios agat,” ar sé.

go bhfuil an téacs i mBéarla ar an mhórgóir (tá an teideal féin dátheangach, mar bhíonn i gcás na n-eisiúntí aonair leis), bhí tábhachtach dó go mbeadh an nasc ann idir an ceol agus an Ghaeilge.

“Is Gael mé agus mar sin tá grá mór agam do gach rud atá Gaelach. Na cluichí, an teanga agus an ceol agus an tír uilig, mar thír amháin.”

Fág freagra ar 'Leabhar nua ag Tommy Peoples faoi na daoine agus an cultúr ‘ina chroí istigh’'