Leabhar nua á sheoladh i nGaoth Dobhair agus Altan ag ceiliúradh 30 bliain

Tá 222 port, ón 12 albam a d’eisigh an banna Gaeltachta le 30 bliain anuas, le fáil sa leabhar ceoil

Leabhar nua á sheoladh i nGaoth Dobhair agus Altan ag ceiliúradh 30 bliain

Seolfaidh Altan bailiúchán scríbhinní ceoil anocht in Amharclann Ghaoth Dobhair.

Sa leabhar nua Altan: The Tunes, cnuasaítear 222 píosa ceoil a d’eisigh an banna ceoil Gaeltachta ar 12 albam stiúideo le 30 bliain anuas.

Tugtar léargas sa leabhar  freisin ar an stair agus ar an mbéaloideas a bhaineann leis na poirt sin chomh maith le heolas faoi na cumadóirí agus na ceoltóirí ónar bhailigh Altan féin iad.

Is í Áine Ní Churráin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a sheolfaidh an bailiúchán anocht ag a 8.30 in Amharclann nuachóirithe Ghaoth Dobhair.

Tosaítear gach caibidil sa leabhar le léargas ar chúlra na n-albam uilig a d’eisigh Altan i gcaitheamh na mblianta.

Is í Mairéad Ní Mhaonaigh, príomhamhránaí an bhanna, a scríobh réamhrá an leabhair  ina dtugtar léargas ar an áit as ar fáisceadh an banna ceoil agus ar na daoine, na háiteanna, agus na heachtraí a d’fhág a rian orthu agus ar a gcuid ceoil.

“Casann muid ceol a tháinig ó dhaoine a raibh ár gcroí istigh iontu, daoine a raibh meas againn orthu, agus a raibh bród orainn as a bheith mór leo. Tá go leor de na ceoltóirí sin imithe ar shlí na fírinne anois, ach tá na scéalta agus na cuimhní fágtha ina ndiaidh.

“Tá a n-oidhreacht anseo sa leabhar seo agus déanann muid uilig iarracht a ndaonnacht a thabhairt ar aghaidh i ngach aon nóta ceoil,” a dúirt Ní Mhaonaigh.

Fág freagra ar 'Leabhar nua á sheoladh i nGaoth Dobhair agus Altan ag ceiliúradh 30 bliain'