Leabhar Gaeilge na Bliana ag na Irish Book Awards buaite ag Róise Ní Bhaoill

Fógraíodh na buaiteoirí uile ag ócáid speisialta san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath aréir agus ba é saothar Uí Bhaoill a roghnaíodh mar 'Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 2023'

Leabhar Gaeilge na Bliana ag na Irish Book Awards buaite ag Róise Ní Bhaoill

Tá an gradam do leabhar Gaeilge na bliana buaite ag Imram agus Scéalta Eile le Róise Ní Bhaoill ag na An Post Irish Book Awards.

Fógraíodh na buaiteoirí uile ag ócáid speisialta san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath aréir agus ba é saothar Uí Bhaoill a roghnaíodh mar ‘Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 2023’.

Is é Imram agus Scéalta Eile an chéad chnuasach gearrscéalta atá scríofa ag Ní Bhaoill, arb as Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill di. Éabhlóid a d’fhoilsigh an leabhar.

Is iad na leabhair eile a bhí ar an ngearrliosta don ghradam Gaeilge i mbliana ná Ceallach le Diarmuid Johnson (Leabhar Breac), Ag Dul i bhFad le Alan Titley (Cló Iar-Chonnacht), Béal na Péiste le Fionntán de Brún (Cló Iar-Chonnacht), agus Sa Pholl Báite le Anna Heussaff (Cló Iar-Chonnacht).

An t-úrscéal EL le Thaddeus Ó Buachalla a bhuaigh ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag An Post Irish Book Awards anuraidh.

Foras na Gaeilge a rinne urraíocht ar ghradam na Gaeilge ag na gradaim leabhar i mbliana.

Róise Ní Bhaoill lena gradam ó na An Post Irish Book Awards 

Fág freagra ar 'Leabhar Gaeilge na Bliana ag na Irish Book Awards buaite ag Róise Ní Bhaoill'