Tá sé fógartha gurb í Gearóidín Nic Cárthaigh buaiteoir an ghradaim do leabhar Gaeilge na bliana ag na An Post Irish Book Awards dá saothar Geansaithe Móra.
Fógraíodh na buaiteoirí uile ag ócáid speisialta san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath anocht agus ba é leabhar Mhic Cárthaigh a roghnaíodh mar bhuaiteoir ‘Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 2024’. LeabhairCOMHAR a d’fhoilsigh Geansaithe Móra.
Is scríbhneoir splancscéalta, gearrscéalta agus dánta í Gearóidín Nic Cárthaigh, atá ag cur fúithi in iarthar Chorcaí. Tá saothar dá cuid foilsithe in irisí éagsúla ach is é Geansaithe Móra an chéad chnuasach óna peann.
Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach, iad go léir faoi bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha agus ghrá, idir uaigneas agus dóchas.
Ba iad Cuimhní Poircealláin & Scéalta Eile le Majella Ní Dhomhnaill (Cló Iar-Chonnacht), Mná le Daithí Ó Muirí (Cló Iar-Chonnacht), Súile Éisc agus scéalta eile le Michelle Nic Pháidín (Cló Iar-Chonnacht), Saighdiúir le Cathal Ó Searcaigh (Leabhar Breac) agus Flaitheas le Proinsias Mac a’Bhaird (Leabhar Breac) na leabhair eile a bhí san iomaíocht do ghradam na Gaeilge i mbliana.
Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar ghradam na Gaeilge agus dúirt príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Seán Ó Coinn, go bhfuil “caighdeán agus éagsúlacht na scríbhneoireachta i nGaeilge ag dul i bhfeabhas bliain i ndiaidh bliana agus líon na seánraí ag méadú dá réir”.
“Tá Foras na Gaeilge an-sásta a bheith i gcomhpháirtíocht leis An Post le haird a tharraingt ar chuid de na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh in 2024, agus déanaimid comhghairdeas ó chroí le buaiteoir Ghradam Love Leabhar Gaeilge na bliana seo.”
Cuireann Love Leabhar Gaeilge leabhair Ghaeilge chun cinn ar fud na hÉireann i measc léitheoirí, i siopaí leabhar, ar líne agus trí acmhainní agus ócáidí do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu i leabhair Ghaeilge.
Bhuaigh dhá leabhar eile a bhfuil baint acu leis an nGaeilge gradaim i gcatagóir eile ag na An Post Irish Book Awards i mbliana.
Thug Hector Ó hEochagáin leis an geadam sa rannóg don leabhar is fearr ó fhoilsitheoir Éireannach dá saothar The Irish Words You Should Know (Gill Books).
Bhuaigh Gaeilge i Mo Chroí – Irish In My Heart: Your Guide to Loving and Living the Irish Language le Molly Nic Céile atá foilsithe ag Hachette Books Ireland an gradam sa rannóg nós maireachtála.
An t-údar Dónal Ryan a bhuaigh an gradam d’úrscéal na bliana dá leabhar Heart, Be at Peace (Doubleday, Penguin Random House).
Liam P. Ó Murchú
Comhghairdeas ó chroí do Ghearóidín. Is an-scríbhneoir í.
Liam P. Ó Murchú.