Leabhar Gaeilge mar inspioráid d’albam ar ghearrliosta an Mercury Music Prize

Bhí Fiche Bliain ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin ar cheann de na rudaí a bhunaigh ceangal idir an t-aisteoir Jessie Buckley agus an ceoltóir Bernard Butler

Leabhar Gaeilge mar inspioráid d’albam ar ghearrliosta an Mercury Music Prize

Bhí leabhar Gaeilge i measc na n-ábhar mór inspioráide d’albam aisteoir mór le rá as Hollywood agus ceoltóir rac mór le rá as Sasana.

Bhí Fiche Bliain ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin ar cheann de na rudaí a bhunaigh ceangal idir an t-aisteoir Jessie Buckley agus an ceoltóir Bernard Butler sular thug siad faoi albam a dhéanamh le chéile, albam atá ar an ngearrliosta don Mercury Music Prize a fógraíodh an tseachtain seo.

Tugtar aitheantas díreach ar For All Our Days That Tear the Heart don leabhar cáiliúil ón mBlascaod Mór i dteideal ceann de na hamhráin atá air– ‘20 Years A-Growing’.

Tháinig an scéal aniar aduaidh ar Maura Kavanagh, iníon Mhuiris Uí Shúilleabháin.

“Ní raibh a fhios agam faoi sin,” ar sí. “Tá onóir mhór ag baint leis.”

Deir sí go bhfuil “an-áthas” uirthi an scéal a chloisteáil.

“Caithfidh mé éisteacht leis an albam anois,” ar sí. “Is maith liom Jessie Buckley. Thaitin an scannán Wild Rose go mór liom. Agus is ceoltóir iontach é Bernard Butler freisin. Tá an-áthas orm é seo a chloisteáil. Tháinig an leabhar amach i 1933 agus tá cáil fós air. Is mór an t-iontas é.”

Ba bheag coinne a bheadh ag aon duine leis an gcleamhnas ceoil idir Buckley, a fuair ainmniúchán Oscar i mbliana dá páirt in The Lost Daughter, agus Bernard Butler, ceoltóir a thuill cáil ar dtús leis an mbanna ceoil Suede sna 1990idí.

Ach rinne Butler, arb as Dún Laoghaire dá thuismitheoirí, teagmháil le Buckley, arb as Cill Airne di, nuair a chonaic sé ag amhrán ar an teilifís í. Ní fada go raibh snaidhm chairdis agus chruthaitheachta eatarthu mar gheall ar an spéis chéanna a bheith acu i gceol, in ealaín agus i litríocht áirithe.

Ach deir siad beirt gur leabhar amháin is mó a dhaingnigh an tsnaidhm sin eatarthu – cuimhní cinn Mhuiris Uí Shúilleabháin a foilsíodh i 1933.

Deir Butler, a théadh ar saoire ar Dhairbhre in Uíbh Ráthach nuair a bhí sé óg, mar a mbíodh radharc aige ar an mBlascaod Mór lá geal, go bhfuil Fiche Bliain ag Fás i measc na leabhar is fearr leis a léigh sé le 15 bliain anuas.

Fuair Jessie Buckley a suim sa leabhar óna seanmháthair, arbh é sin an saothar ab ansa ar fad léi.

Tá ardmholadh faighte ag For All Our Days That Tear the Heart ó tháinig sé amach.

12 albam ar fad atá ar an ngearrliosta don duais Mercury i mbliana, ceann de na gradaim is mó a bhfuil meas air i saol an cheoil chomhaimseartha.

Ar phainéal moltóirí na duaise i mbliana tá an DJ Annie Mac, an ceoltóir Jamie Cullum, an craoltóir Jamz Supernova, an t-amhránaí Anna Calvi, an craoltóir Danielle Perry agus an ceoltóir Hazel Wilde.

“Ní raibh sé éasca gan 12 albam a roghnú i mbliana, toisc go raibh an oiread sin cinn iontacha ann,” a dúirt na moltóirí.

“Is cruthúnas é sin go bhfuil rath ar cheol na Breataine agus na hÉireann le linn tréimhsí corraitheacha sa stair, agus clúdaíonn na halbaim a roghnaíodh gach rud ón bpopcheol samhlaíoch go rap ceannródaíoch go rac-cheol Coirnise.

“Measaimid go bhfuil rud éigin le rá ag gach ceann den 12 albam iontach seo…ina slite uathúla féin.”

Ar an 8 Meán Fómhair a fhógrófar buaiteoir na bliana seo.

I measc na gceoltóirí eile atá ar an ngearrliosta tá Harry Styles, Nova Twins, Wet Leg, Sam Fender, Fergus McCreadie agus Yard Act.

Arlo Parks a bhuaigh an duais mhór in 2021.

Fág freagra ar 'Leabhar Gaeilge mar inspioráid d’albam ar ghearrliosta an Mercury Music Prize'