Tá an leabhar Gaeilge Inis Mara roghnaithe mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar 2024.
Tá an leabhar do pháistí, a scríobh Tristan Rosenstock agus a mhaisigh Mark Wickham, ar cheann de 15 leabhar atá roghnaithe d’fheachtas na bliana seo chugainn.
Tá sé mar aidhm ag Lá Domhanda na Leabhar páistí a spreagadh le sult a bhaint as an léitheoireacht ar son spraoi agus rogha mhaith a thabhairt do gach páiste maidir lena léann siad.
Beidh páistí agus daoine óga ábalta Inis Mara a fháil saor in aisce ach é a mhalartú ar dhearbhán leabhair £1/€1.50 Lá Domhanda na Leabhar. Scaipfear na dearbháin trí scoileanna, suíomhanna luathbhlianta, agus in irisí do pháistí, agus is féidir iad a úsáid i siopaí leabhar agus ag miondíoltóirí atá ag glacadh páirt sa scéim, a mhairfidh ón 15 Feabhra go dtí an 31 Márta.
A bhuíochas do Chomhairle Náisiúnta na nDall in Éirinn, cuirfear Inis Mara, atá foilsithe ag LeabhairCOMHAR, ar fáil i bhfoirm braille agus beidh leagan digiteach ar fáil chomh maith.
Dúirt údar Inis Mara, Tristan Rosenstock gur “mór an tógáil croí é a bheith ag smaoineamh go léifidh na mílte léitheoir óg ar fud na tíre Inis Mara”.
“Tugann an léitheoireacht ar son spraoi deis dúinn go léir dul go háiteanna eile, agus ar Lá Domhanda na Leabhar tá súil agam go n-éalóidh léitheoirí óga go hInis Mara agus go leanfaidh siad eachtraí Éabha agus í ag dul i ngleic le ceannaire santach atá ag scriosadh an phláinéid ar mhaithe leis féin.”
Cuireann Clár na Leabhar Gaeilge ag Foras na Gaeilge tacaíocht ar fáil chun go mbeadh leabhair Ghaeilge páirteach i Lá Domhanda na Leabhar. Dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn, gur iontach an rud é go mbeidh an Ghaeilge mar chuid den fheachtas arís.
“Tá lúcháir orainn ár dtacaíocht leanúnach a fhógairt do Lá Domhanda na Leabhar Éire agus leabhar Gaeilge san áireamh san fheachtas don tríú bliain as a chéile.
“Tar éis an rath a bhí ar dhá leabhar Gaeilge do luathléitheoirí, tá lúcháir orainn go dtabharfaidh an leabhar i mbliana deis do léitheoirí líofa taitneamh a bhaint as scéal eachtraíochta Gaeilge faoin athrú aeráide, an luach a bhaineann le bheith ag obair le daoine eile, agus an tábhacht a bhaineann leis an bhfírinne.”
Ba iad Cluasa Capaill ar an Rí le Bridget Bhreathnach agus Rita agus an Dragún le Máire Zepf na leabhair Ghaeilge a roghnaíodh mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar in 2022 agus 2023 faoi seach.
Fág freagra ar 'Leabhar Gaeilge do pháistí roghnaithe mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar 2024'