Leabhar Gaeilge do pháistí de chuid Futa Fata le haistriú go Cóiréis 

Tá leabhair de chuid Futa Fata aistrithe go 12 teanga éagsúla ina measc, Téalainnis, Afracáinis, Faróis agus Briotáinis

Leabhar Gaeilge do pháistí de chuid Futa Fata le haistriú go Cóiréis 

Tá leabhar Gaeilge do pháistí le Tadhg Mac Dhonnagáin, ón chomhlacht foilsitheoireachta Futa Fata, le haistriú go Cóiréis.

Fuair an t-údar agus bunaitheoir Futa Fata scéala an tseachtain seo go mbeidh an pictiúrleabhar do pháistí Uinseann Donn á fhoilsiú sa Chóiréis.

Scéal é Uinseann Donn, atá dírithe ar pháistí idir 3-6 bliana d’aois, faoi bhéar cantalach nach maith leis aon rud seachas dul a chodladh don gheimhreadh ach go gcasann sé le torc beag fiáin san fhoraois.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin gur “dea-scéal ar fad” é leabhar eile de chuid Futa Fata a bheith á fhoilsiú sa Chóiréis.

“Tá sé tábhachtach i gcás teangacha mionlaithe cosúil leis an nGaeilge mar go bhfuil an margadh baile beag. Is ioncam breise é don fhoilsitheoir agus don scríbhneoir, ioncam nach bhfuil ar fáil ar an margadh baile.

“Tá maoiniú stáit againn, agus is iontach é a bheith ann ach tá gach duine ag iarraidh a bheith ag seasamh ar a gcosa féin chomh maith is atá siad in ann,” arsa Mac Dhonnagáin.

Dúirt Mac Dhonnagáin gur “mór an sásamh” dó an borradh atá ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge agus ar an réimse leabhar atá ar fáil do pháistí i nGaeilge.

“Tá borradh mór ar an bhfoilsitheoireacht Ghaeilge trí chéile le roinnt blianta anuas agus is é an sciar a bhaineann le foilsitheoireacht do pháistí an áit is treise atá an borradh. Fiú ón uair a raibh mo pháistí féin óg, tá réimse i bhfad níos leithne ann.”

Dúirt Mac Dhonnagáin go bhfuil níos mó éilimh ar leabhair do pháistí ná mar a bhí cheana ó tharla méadú ar líon na nGaelscoileanna agus rath ar iarrachtaí atá á ndéanamh ag macasamhail Thuismitheoirí na Gaeltachta chun “an litríocht agus an léitheoireacht ar son an phléisiúr a chur chun cinn”. 

Thug Mac Dhonnagáin le fios go mbeidh lucht Futa Fata ag dul anonn go Bologna na hIodáile go luath le freastal ar aonach leabhar, áit a gcasfaidh gníomhairí idirnáisiúnta ar fhoilsitheoirí na hÉireann.

Tá leabhair de chuid Futa Fata aistrithe go 12 teanga éagsúla go dtí seo: an Téalainnis, an Afracáinis, an Fharóis agus an Bhriotáinis ina measc. 

Fág freagra ar 'Leabhar Gaeilge do pháistí de chuid Futa Fata le haistriú go Cóiréis '