Leabhar faoi na Gardaí nach bhfuil de Ghaeilge inti ach roinnt abairtí gágacha

Cuntais ó Ghardaí agus ó oifigigh a bhí ar dualgas in imeacht na mblianta is mó atá in The Guardians

Leabhar faoi na Gardaí nach bhfuil de Ghaeilge inti ach roinnt abairtí gágacha

Is breá slachtmhar an leabhar atá curtha ar fáil mar chomóradh ar an nGarda Síochána a bheith 100 bliain ar bun.

The Guardians an teideal atá uirthi. Is iad O’Brien Press a d’fhoilsigh í.

Tá cló breá soléite inti agus pictiúirí den scoth.

Cuntais ó Ghardaí agus ó oifigigh a bhí ar dualgas in imeacht na mblianta is mó atá inti.

Leagtar béim go láidir ar an gcinneadh a rinneadh ón tús gur fórsa gan arm a bheadh sna Gardaí.

B’iontach an cinneadh a bhí ann. Tá sé dochreidte ar bhealach gur oibrigh sé nuair a chuirtear san áireamh an tús corrach a bhí ag an bhfórsa.

I mí Feabhra 1922 a chuaigh na chéad Ghardaí ar na sráideanna. Dhá mhí ina dhiaidh sin tharla ‘Ceannairc Chill Dara’ mar a tugadh air.

Formhór na n-earcach a bhíothas a thraenáil i gCill Dara d’éirigh siad amach agus chroch siad leo 400 raidhfil agus 1,000 gunnán. Cantal a bhí orthu faoi go raibh cuid mhaith iaroifigeach as an RIC á gcur i gceannas ar na Gardaí.

Bhí an Cogadh Cathartha ar an mbealach agus ní ar thaobh an tSaorstáit a bhí go leor de na hearcaigh ná baol air.

Ar an 16 Bealtaine cuireadh carr armúrtha chuig an mbeairic i gCill Dara leis na ceannaircigh a dhí-armáil. Tháinig 300 earcach amach agus b’éigean do lucht an chairr armúrtha cúlú.

Chuir seo lán a gcruite d’olc ar cheannairí an tSaorstáit.

An mhí dár gcionn thosaigh an Cogadh Cathartha agus, ní nach ionadh, chuir sin leis an gcorraíl sa nGarda Síochána arís eile.

Mar sin féin d’éirigh le rialtas an tSaorstáit deireadh a chur de bharr comhráití le ‘Ceannairc Chill Dara’.

Má d’éirigh féin bhí Gardaí i gcontúirt i gcónaí. Giollaí de chuid an tSaorstáit a bhí iontu de réir na bPoblachtach a bhí in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Bhí sé d’ádh ar na Gardaí gur thug Ceann Foirne na bPoblachtach, Liam Lynch, ordú dá chuid óglach gan Gardaí a mharú ná a ghortú.

Bheadh cead acu imeaglú a dhéanamh orthu, iad a dhíbirt as na ceantair tuaithe, a gcuid beairicí a scrios agus an chulaith a bhaint díobh.

Tá cur síos sa leabhar ar an gcéad Choimisinéir a bhí ar na Gardaí, Michael Staines agus ar an dara Coimisinéir, Eoin Ó Dufaigh. An bheirt sin, agus daoine eile a bhí páirteach leo, bhí meas acu ar an nGaeilge. Is beag dá dtionchar atá sa leabhar seo.

Níl de Ghaeilge inti ach roinnt abairtí gágacha ón Taoiseach sa réamhrá atá aige i dtús an leabhair agus an méid seo ar leathanach 169: ‘Mar chuid dá dtiomantas leanúnach don Ghaeilge, thug an Garda Síochána Tionscnamh an Fháinne isteach in 2022. Tá mar chuspóir aige seo an pearsanra go léir a spreagadh pé Gaeilge atá acu a úsáid agus bealach éifeachtach a chur ar fáil do bhaill den phobal pearsanra a labhraíonn an Ghaeilge a aithint.’

Go breá, arsa tusa ach céard faoin socrú atá déanta ag an rialtas nach dteastóidh Gaeilge ar bith le dhul sna Gardaí feasta?

Céad slán leis an am a raibh an Gaeilgeoir breá as Carna Dónall Ó Cualáin ina Choimisinéir Gníomhach. Mo léan géar níl aon chuntas uaidhsean sa leabhar seo.

Sa mbliain 1959 a tógadh mná sna Gardaí den chéad uair. Ní socrú a bhí ann a thaitin le chuile dhuine. I ndíospóireacht a rinneadh sa Dáil faoi dúirt Teachta amháin nár mhaith an rud go mbeadh bean a thógfaí san Gardaí ródhathúil. Níor ghá go mbeadh sí gránna, míofar, a dúirt sé, ach ba chosúil go raibh an-imní air go mbeadh mealladh na bhfear inti.

Rinne Cóilín Ó Cualáin as Maínis agallamh beirte barrúil faoi mhná a bheith ag dul sna Gardaí. Seo cuid de.

Mac:

Tá mé cinnte anois a Dheaide

Go mbeidh sí thar a bheith lách leat,

De réir a cainte séard í aingeal,

Is tá sí múinte mánla,

Malairt mhaith ag aon fhear í,

Ní bheadh sé choíchin a’sclábhaíocht;

Níor fhiafraigh mise di cén áit ab as í

Ach tá sí ins na Gardaí.

Athair:

Chuir tú an diabhal léi anois a mhaicín,

Nó meastú a’ raibh tú dallta;

Níor chuala mise riamh cheana

Go mbíonn bean ar bith sna Gardaí.

B’fhéidir gur fear é a bheadh fút ag magadh;

Tá gruaig mhór fhada ar a lán díobh,

Ach nuair a fheicfeas tú aríst í dearc go maith í

Sula gceannaíonn tú an fáinne.

Fág freagra ar 'Leabhar faoi na Gardaí nach bhfuil de Ghaeilge inti ach roinnt abairtí gágacha'

  • Seán Ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus i mbéal an Gharda cibé inscne a bheadh i gceist.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine agus an Gharda a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh SUIM sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh, leis na Gardaí agus leis an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Lean ar aghaidh leis an Ghaeilge a chur chun cinn ait ar bith.

    Labhair í agus mairfidh sí .

    Is mise le dóchas

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Bloc E,
    Ardán 1
    Príosún Phort Laoise

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-
    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

  • Pádraig O'hEipicín

    Ba chóir go mbeadh Gaeilge líofa ag na gardaí uilig.