Leabhar as cló? Choíche arís! B’fhiú go mór d’fhoilsitheoirí Gaeilge Espresso Book Machine a fháil

Cuireann an Espresso Book Machine leabhar i gcló san am a thógann sé cupán caife a dhéanamh. Seift phraiticiúil d’earnáil foilsitheoireachta na Gaeilge?

Screen Shot 2015-02-18 at 15.12.57

Bhí sé de phribhléid agam le deireanas úsáid a bhaint as Espresso Book Machine (EBM).

Gléas é seo a chuireann leabhair i gcló de réir mar a bhíonn éileamh ann. Cuirtear méaróg chuimhne ar a bhfuil leagan foirm pdf den leabhar isteach i bpoll usb, brúitear cnaipe, agus san am a thógfadh sé ort cupán caifé a dhéanamh cuireann an t-inneall do leabhar i gcló, clúdach air agus gach rud.

Ní féidir difríocht shuntasach a aithint idir leabhar a cuireadh i gcló ar EBM agus gnáthleabhar.

Togra féinfhoilsitheoireachta – beathaisnéis a scríobh mé ar choimisiún – a thug chomh fada leis an EBM mé. Bhí bealach uaim chun líon teoranta leabhar – 130 cóip – a mbeadh cuma phroifisiúnta orthu a chur i gcló ar phraghas réasúnta. Chosain sé €1,300 chun 130 leabhar 210 leathanach a chur i gcló, nó €10 in aghaidh an leabhair.

Má cheapann tú go bhfuil sé sin daor, cuimhnigh nach mbacfadh gnáthchlódóir leabhar le clórith chomh híseal sin, agus dá mbacfadh, bheadh costas i bhfad níos airde air.

Nuair a theastaigh caoga cóip bhreise ón té a choimisiúnaigh an bheatháisnéis uaim, níor ghá ach glaoch a chur ar lucht an EBM agus an lá dár gcionn bhí caoga cóip bhreise i gcló.

An rud is áisiúla ar fad faoin inneall seo ná gur féidir cóip amháin a chur i gcló muna dteastaíonn uait ach cóip amháin.

Seo an fáth go gceapaim go mbeadh EBM fíorúsáideach d’earnáil foilsitheoireachta na Gaeilge. Tarlaíonn sé go rialta go dtéann leabhair Ghaeilge as cló, agus cé go mbíonn éileamh áirithe orthu fós, ní bheadh an t-éileamh ann a chuirfeadh ar chumas an fhoilsitheora rith cló iomlán a ordú ó ghnáthchlódóir leabhar.

Tá a fhios agam go bhfuil a leithéid ann agus ríomhleabhar, ach ní hionann ríomhleabhar agus leabhar.

Chuirfeadh EBM ar chumas fhoilsitheoirí Gaeilge líon teoranta cóipeanna crua nua de leabhar atá as cló a phriondáil agus a scaipeadh ar na siopaí leabhar. Nó go deimhin chuirfeadh sé ar a gcumas cóip amháin de leabhar ar bith a sholáthar do chustaiméir a mbeadh cóip den leabhar sin uaidh. Ní rachadh leabhar Gaeilge as cló go deo arís.

Anois an drochscéal. Níl an EBM saor. Go deimhin, tá costas os cionn céad tríocha míle euro luaite leis an inneall, nach ndéantar olltáirgiú air.

Sin an fáth nach bhfeictear go forleathan iad. Go nuige seo, go bhfios dom, níl ach ceithre cinn san Eoraip: péire sa Bhreatain agus péire san Ísiltír. Tá fáil níos forleithne orthu i Meiriceá Thuaidh, áit a bhfuil roinnt mhaith ollscoileanna agus leabharlanna, mar aon le gnáthshiopaí leabhar, tar éis ceann a cheannacht nó a fháil ar léas.

Feictear dom nach mbeadh de dhíth ar earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge ar fad ach EBM amháin. D’fhéadfaí ceann a cheannacht le hairgead stáit; ós rud é nach bhfuil an t-inneall níos mó ná fótachóipeálaí oifige, táim cinnte go mbeadh spás don ghléas áit éigin ag 7 Cearnóg Mhuirfean.

Nó d’fhéadfadh foilsitheoirí na Gaeilge ceann a fháil ar léas le chéile agus d’fhéadfadh ceann de na foilsitheoirí an t-inneall sin a riaradh (rud a chruthódh postanna; tá beirt fostaithe chun aire a thabhairt don EBM ag an siopa leabhar in Amsterdam ar chuir mise mo leabhar i gcló.)

Nó – an cur chuige is praiticiúla sa ghearrthréimhse – d’fhéadfadh foilsitheoirí Gaeilge leas a bhaint as na hinnill EBM atá ar fáil sa Bhreatain nó san Ísiltír.

Fág freagra ar 'Leabhar as cló? Choíche arís! B’fhiú go mór d’fhoilsitheoirí Gaeilge Espresso Book Machine a fháil'

  • Lorcán

    Tá €10 an leabhar uafásach costasach. Ag tógáil luach do shaothair mar fhoilsitheoir, coatas an scríbhneora agus lacáiste don siopa 35% san áireamh bheadh ort gnáth leabhar, 120 -200 leathanach, a dhíol ar €25 le brabús a dhéanamh.

  • Alex HIjmans

    Mar réiteach ar leabhair atá as cló atá an córas seo á mholadh agam. Ní mar dhóigh chun gnáth-rith cló a phriondáil.

  • Michael Everson

    Bíonn na leabhair Gaeilge de chuid Evertype ar fáil ar na maísíní Espresso mar aon trí Amazon ⁊rl. Ach ˙€10—”uafásach costasach”? Ní thuigim é sin ar chor ar bith…