‘Buiséad’ nó ‘cáinaisnéis’, ‘bean dubh’ nó ‘bean dhubh’?

Tabharfaidh na saothair nua seo le colúnaí de chuid an tsuímh seo cabhair do mhic léinn, scríbhneoirí agus gnáthphobal na Gaeilge ar cás leo cúrsaí cruinnis ina gcuid scríbhneoireachta

Antain14-0018
Antain Mac Lochlainn

Cruinneas-WebFoilseofar leabhar nua ó láimh duine de cholúnaithe an tí seo, Antain Mac Lochlainn, inniu. Pléitear in Cruinneas na focail agus na struchtúir ghramadaí lena mbíonn daoine ag streachailt go minic.

Ar cheart ‘buiséad’ nó ‘cáinaisnéis’ a úsáid? Cé acu ‘bean dubh’ nó ‘bean dhubh’ a thugtar ar bhean na gruaige duibhe? Léireofar freagraí na gceisteanna seo agus tuilleadh ceisteanna le samplaí den cheartúsáid agus den úsáid lochtach sa leabhar atá á fhoilsiú ag Cois Life.

InOrd2Tá leagan nua den saothar In Ord is in Eagar leis an údar le seoladh inniu freisin. Is eagrán méadaithe den leabhar a bhfuil an-tóir air i measc eagarthóirí, aistritheoirí agus scríbhneoirí de gach cineál.

San eagrán nua, tá cleachtaí nua agus míniú ar na príomhghnéithe den Chaighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe a foilsíodh sa bhliain 2012.

Tá aonaid nua curtha leis an leabhar freisin ar conas seantéacsanna a chur in oiriúint don lá inniu ag baint leas as Friotal Soiléir Simplí (Plain Language), agus ar na deacrachtaí agus dúshláin a bhaineann le seánraí ar leith.

Fág freagra ar '‘Buiséad’ nó ‘cáinaisnéis’, ‘bean dubh’ nó ‘bean dhubh’?'

  • Aodán Ó Sé

    Sa chéad chás (Buiséad nó Cáinaisnéis) táid araon inghlactha. Is fearr liom an dara ceann toisc préamh an fhocail (faisnéis) a bheith sa teanga Ghaeilge.
    Is fearr liom bean dubh; múchtar an seimiú ar “dubh” sa chaint toisc go dtagann N agus D díreach i ndiaidh a chéile. (beaN Dubh)