Leabhair a léigh mé feadh na slí…le Simon Ó Faoláin

LEABHAIR A LÉIGH MÉ AR FEADH NA SLÍ: An tseachtain seo, is ag an údar Simon Ó Faoláin atá an rogha

 

C Mumhan Simon Ó Faoláin - An LAB

gmzeqwchjpku


An leabhar is mó go bhfuilim buíoch dó as mé a chur ar m’aimhleas

Earthly Powers le Anthony Burgess.

An samhradh a bhíos ag déanamh m’Ardteiste a bhí ann. Mar is dual di a dhéanamh agus na scrúdaithe i ngort an bhaile, bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Bhíos in ainm is a bheith ag déanamh staidéir, ach le fírinne bhíos san úllghort os comhair an tí in Imileá, luite ar ‘mhála pónairí’ ag ól tae dubh le liomóid ann is ag léamh Earthly Powers le Anthony Burgess. Cheapas nár ‘Bóihéimeach’ go dtí mé, dar ndóigh! I gcead do A Clockwork Orange, b’é Earthly Powers barr ghaisce an Bhurghéisigh: é greannmhar, truamhéileach, íorónach agus thar a bheith eipiciúil. Seo mé ag seoladh ar mo mhála pónairí ar thuras Raibléiseach, meisciúil, intleachtúil trasna fharraigí an fichiú céad i dteannta scéalaí neamh-iontaofa a mheascann stair, bréaga, leathfírinní agus míchuimhní. Agus ar chuma éigin níor theip orm sna scrúdaithe…

51I1+f6M2EL._SY344_BO1,204,203,200_


An Leabhar filíochta is minice im’ ghlac

Collected Poems 1945 – 1990 le R.S. Thomas.

Breatnach a scrígh dánta as Béarla ag cáineadh a chomh-Bhreatnach as na seanslite a thréigean. Sagart gur mhó a ghrá d’éanlaithe ná do dhaoine mar ba mhó, leis, a ghrá de bharr na gcnoc ná an taobh istigh dá sháipéil. Agus níl sa mhéid sin ach tús. Is minic contrárthacht agus paradacsa a bheith ag roinnt leis na filí is fearr, ach sháraigh R.S. Thomas a bhformhór mhór acu sa tslí seo, díreach mar a sháraigh sé iad i bhfeabhas a chuid filíochta. Cheannaíos an leabhar seo agus mé ag spaisteoireacht timpeall Aberystwyth ar m’ábhar féin Satharn amháin deich bliana ó shin. Gan cheangal, gan aithne agam ar éinne th’éis dhom bogadh ann chun glacadh le post, beagáinín uaigneach ar shlí phléisiúrtha. Bhraitheas go raibh sé in am dom dul i dtaithí ar mheon na tíre agus bhraitheas nach fearr áit chun tosnú amach ná dánta Thomas. Bhí an ceart agam mar a tharlaíonn, ach ba bheag an méid san taobh leis an iontas is an aoibhneas a bhaineas as na dánta, is a bhainim astu ó shin.

586992


An leabhar a mhíníonn na rudaí go léir a ghlacann daoine leo gan cheist

The Passion of the Western Mind le Richard Tarnas.

Fuaireas seo ar leatheuro sa Siopa Fiail ar Shráid na nGabhar sa Daingean agus mise ag rá leat gurb in an 50 cent is fearr a chaitheas riamh. Stair smaointeoireachta an Iarthair i 500 leathanach nach gá duit céim san fhealsúnacht a bheith agat lena thuiscint. Fós, ní hé an leabhar is fusa a léigh mé riamh agus ní shamhlóinn go mbeadh mórán á thabhairt chun tráigh leo ar na laethanta saoire. Ach más suim leat a thuiscint conas gur thánamar go dtí an áit ina bhfuilimid – agus tá sé deimhnithe ag an dream iontach doimhin san, na polaiteoirí, go bhfuilimid san áit ina bhfuilimid – seo an leabhar atá uait. Taithneoidh scríbhneoireacht Tarnas leothusan a aithníonn dea-litríocht as ucht a snoite is a chomhbhrúite is atá sí. Is diail an buachaill é chun abairt a luchtú le hualach ollmhór brí, rud a fhágann gur minic a léigh mé abairt trí nó ceithre huaire chun gach a raibh ann a shú isteach. Murach scil iontach an údair, bheadh 2000 leathanach leamh ann seachas 500 atá ar tí impléascadh le lastas tuisceana.

B5DFWGVIMAA5i5D


An leabhar a dheimhníonn tábhacht mo cheangal domhínithe lem’ taobh tíre

Landscape Perception in Early Celtic Literature le Francesco Benozzo.

Tá dúil ar leith agam sa taobh tíre. Agus mé suite ar chliathán sléibhe éigin, is minic go bhfaighim idir shúil agus intinn ag saothrú go huathoibríoch ag iarraidh ciall níos doimhne a bhaint as an tírdhreach romham amach, é a léamh ar chuma éigin. D’fhéadfadh teideal an leabhair seo duine a scanrú, agus ní cheilfinn go bhfuil a lán dó casta go leor.  Uaireanta, d’fhuaireas gurb fhiú leabhar a léamh as ucht an bhrú a chuir sé ar m’intinn í féin a leathnú, fiú mura dtugas an oiread san slán as: Physics and Philosophy le Heisenberg, cuirim i gcás, nó Creativity and Taoism le Chang Chung-Yuan. Ach léiríonn leabhar Benozzo cuid dos na slite a thug Ceiltigh na hÉireann agus na Breataine Bige fé bhrí a bhaint óna ndúthaí fisiciúla – nó a chur isteach iontu –mar atá le feiscint ina litríocht. Súil ar dhomhan aduain nuair a bhí tuiscint shainiúil dár gcuid féin againn lasmugh den traidisiúin Eorpach Críostaí. Tá an dearadh go hálainn, leis, idir chlúdach agus chló neamhghnáthach: píosa ealaíne ann féin.

toraiocht-dhiarmada-grainne


An leabhar (aonair) ar chúrsa Gaeilge na hardteiste a gcuirfeadh déagóir spéis ann

Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne Nessa Ní Shé (eag.).

Ag filleadh ar ré na hArteiste, seo an leabhar a d’oscail mo shúile ar litríocht na Gaeilge. Táim i mo Fhiannaghráthóir ó shin, agus scata leabhair bhreátha Fiannaíochta ar an tseilf – Duanaire Fhinn, Feis Tigh Chónáin, seanchas na Féinne agus mar sin de – ach an bhuachloch bheag seo a mhúscail mo shuim i gcéadóir. Ná bí ag caint fé shamhlaíocht… Cnuimh Chinn Chéin éinne? An áiféis seo a tharraing chuige mé ar dtúis nuair a bhíos ró-óg chun ard a thabhairt ar an tragóid ann (tháinig san níos déanaí, dar ndóigh). Anuas air sin, ó thaobh stíle de, is leabhar é atá scúite, bearrtha, piocaithe, gan chaint gan chúis ná cur síos gan chiall. Cuireadh cuma níos fearr fós ar a dhea-thréithe mar leabhar agus é á dhéanamh agam taobh le Hard Times Dickens ar chúrsa an Bhéarla: arrachtach gránna foclach fadálach d’úrscéal gan oidhre air ach oighearshruth chun luas gluaiseachta. B’in leabhar ar chosúil gur roghnaíodh é as chomh mí-oiriúnach is atá sé do dhéagóirí. Díreach a mhalairt atá fíor i dtaobh An Tóraíocht.

Fág freagra ar 'Leabhair a léigh mé feadh na slí…le Simon Ó Faoláin'

  • Fearn

    Ambaist!

    B’fhiú an t-alt seo a léamh ar mhaithe le moladh na Tóraíocht amháin: an -taon leabhar ón Ardteist a dhófainn ( go samhailteach ).

    Uaireanta déantar ár súile dúinn

  • seán ó ceallaigh

    Míle buíochas. Ceannófar is léifear.