Leabhair a léigh mé feadh na slí…

LEABHAIR A LÉIGH MÉ AR FEADH NA SLÍ: An tseachtain seo, is ag an scríbhneoir Pól Ó Muirí atá an rogha

PólÓMuirí2012


gotellitmount1

An leabhar ó na Stáit a thug léargas eile dom ar Éirinn…

Go Tell It on the Mountain – James Baldwin.

Úrscéalaí den scoth a bhí ann mar James Baldwin. Níl a fhios agam an mbíonn sé i mbéal an phobail mórán anois ach ba cheart go mbeadh. Seo an chéad úrscéal aige. Lonnaithe i Harlem sna 1930í atá sé agus, mar a scríobhtar ar chúl an leabhair, scéal Johnny Grimes agus a athair atá ann. Seanmóirí atá ina athair agus “bigotry, fear and fanaticism” faoi chaibidil ann. Ní raibh mé riamh i Harlem ná sna Stáit Aontaithe. Ach “bigotry, fear and fanaticism”? Aithním sin.

 

Celan


An leabhar Gearmáinise is mó a bpillim air arís agus arís eile…

Selected Poems – Paul Celan.

Is fada mé ag foghlaim Gearmáinise. Fada fada. Oiread céanna le mórán cainteoirí Gaeilge, santaím an tríú teanga, an teanga eile nach Béarla í, le misneach a thabhairt dom féin. Fear tragóideach a bhí ann mar Celan agus file, ar dóigh. Tá go leor den teanga agam gur féidir liom a chuid dánta a léamh i nGearmáinis – ach an leagan Béarla bheith ina aice láimhe. Agus na dánta féin? Paidir atá ann san uile cheann acu; machnamh faoin chroí; scrúdú coinsiasa; déanamh anama. Bás, beatha, draíocht, dúnmharú.

 

seanchas


An leabhar a chuireann cumha orm agus a thógann cian díom ag an am céanna!

Seanchas na Féinne – Niall Ó Dónaill

‘Earnáil’ na Gaeilge? Give my head peace! Seo an leabhar – i measc mórán eile – a choinníonn an chiall ionam agus mé ag cur suas le ‘hearnáil’ na teanga agus á fulaingt. Ná bac leis an fheidhmeannach agus leis an pholaiteoir agus leis an phlean agus leis an deontas agus leis an tionscnamh. Seo an chúis os do chomhair – Pádraig agus Caoilte, Fionn, Oisín i ndiaidh na bhFiann, seilg agus slógadh. Bíodh ag na pleananna nach léitear agus ag na briathra nach bhfuil iontu ach gaoth san aer. Tá mise ar shiúl “fán choill go héasca”.

 

audacity of spirit


An leabhar a chuir tús le cineál nua léitheoireachta…

The Audacity of Spirit: the Meaning and Shaping of Spirituality Today – Jack Finnegan.

Tír gan teanga, tír gan anam. Duine gan teanga, duine gan anam, mar sin? An í sin an bhunfhadhb atá againn mar Éireannaigh – níl go leor againn ann a bhfuil anam ionainn? Nó tá barraíocht againn anois ann a shéanann a leithéid agus anam agus a théann i muinín “pleananna straitéiseacha” le hanam na tíre a shlánú. Leabhar mór trom iontach dúshlánach mistéireach grámhar ag diagaire Éireannach faoin rud is spiorad ann. Diagaire Éireannach? Tá a fhios agam. Ní raibh a fhios agam féin a leithéid bheith ann ach tá ach is é atá maith mar dhiagaire.

 

culture if lies


An leabhar as ar fhoghlaim mé gur fearr snámh in éadan easa ná ligean don sruth tú a chartadh chun do bháite…

The Culture of Lies – Dubravka Ugresic.

I mBaile Átha Cliath dom. Books Upstairs. Ag amharc. Ag breathnú. Cad é seo? De thaisme a tháinig mé air. Cnuasach aistí ag údar as an Iar-Iúgslaiv. Í ag scríobh faoin tubaiste a bhain dá hiarthír, faoi na bréaga a insíonn polaiteoirí agus lucht bolscaireachta agus, leoga, scríbhneoirí. Aithneoidh tú stair agus polaitíocht na hÉireann sna haistí. “Ag snámh in éadan easa” an rud a thagann chun béil agus tú ag léamh na bpíosaí seo.

Fág freagra ar 'Leabhair a léigh mé feadh na slí…'