Le cúnamh Dé agus Michel Barnier beidh deireadh go luath le próiseas anróiteach an Bhreatimeachta

Ní muide in Éirinn amháin atá ag tnúth le deireadh scéal an Bhreatimeachta agus tréimhse chinniúnach roimh an AE

Le cúnamh Dé agus Michel Barnier beidh deireadh go luath le próiseas anróiteach an Bhreatimeachta

Bíodh margadh déanta nó ná bíodh, beidh an Bhreatain imithe as an aontas custam agus an margadh aonair agus le cúnamh Dé agus Michel Barnier beidh próiseas anróiteach an Bhreatimeachta curtha i gcrích faoi dheireadh na míosa seo.

Ní muide in Éirinn amháin atá ag tnúth le deireadh an scéil seo ar fad. Tá an tAontas trí chéile sáinnithe ag an bpróiseas le ceithre bliana go leith agus fadhbanna móra eile le réiteach acu.

An tseachtain seo caite, dúirt Angela Merkel, seansailéir na Gearmáine agus Uachtarán Chomhairle na nAirí, go gcaithfear comhréiteach a aimsiú ionas go mbeidh an tAontas in ann buiséad a aontú. Baineann an tsáinn le cinneadh na hUngáire agus na Polainne bac a chur ar aontú an bhuiséid mar bhealach le cur in aghaidh an chórais ar a dtugtar riail an dlí. Tá bagairt déanta ag an dá thír an veto atá ag ballstáit a úsáid le bac a chur ar an mbuiséad mar nach bhfuil siad sásta leis an riail nua a aontaíodh idir Uachtaránacht na Gearmáine agus Parlaimint na hEorpa.

Nuair a ghlacann stát ballraíocht san Aontas Eorpach caithfidh siad glacadh agus cloí le sraith coinníollacha ar a dtugtar na Acquis Communautaire. Is éard atá i gceist ná dlíthe, polasaithe, rialacha agus breithiúnais chúirte an Aontais. Nuair a ghlacann tú leis na acquis glacann tú leis go gcloífidh tú leo. Tá an Ungáir agus an Pholainn ag rá nach bhfuil aon ghlacadh acu leis an bpionós a d’fhéadfaí a ghearradh orthu as gan cloí le riail an dlí.

Tá an tAontas i mbun fiosraithe faoi láthair faoin dá thír a bhfuil cáineadh déanta orthu as caighdeáin dhaonlathacha an Aontais a shárú. Cuirtear ina leith go bhfuil siad ag déanamh beag is fiú de neamhspleáchas na gcúirteanna, na meán agus eagraíochtaí neamhrialtais eile. Má deirtear go bhfuil siad ciontach cosnóidh sé na billiúin euro orthu i maoiniú ón Aontas.

Tá an Ungáir agus an Pholainn ag seasamh go daingean lena gcuid tuairimí féin agus le chéile. Deir a gcuid ceannairí go bhfuil an ceangal idir meicníochtaí airgeadais agus riail an dlí ag déanamh dochair don Aontas agus go bhfuil siad féin diongbháilte go ndéanann sé dochar do chórais dlí agus chirt a gcuid tíortha féin. Tá dúmhál curtha i leith an dá thír ag feisirí i bParlaimint na hEorpa.

Deir Seansailéir na Gearmáine gur cheart beagán géilleadh a dhéanamh ar an dá thaobh ar mhaithe le haontacht.

Bhagair Uachtarán an Choimisiúin Ursula Van der Leyen an tseachtain seo caite go bhfágfaí ar lár an Ungáir agus an Pholainn as aon socrú téarnaimh.

Sin mura mbíonn réiteach aimsithe faoi dheireadh na seachtaine seo nuair a bheidh an scéal á phlé ag cruinniú mullaigh de chuid an Aontais.

D’fhágfadh beart dá leithéid – bogadh ar aghaidh le 25 ballstát seachas 27 – go mbeadh buille eile tugtha don Aontas. Níor chuidiú ar bith beart dá réir sa tréimhse iarBhreatimeachta nuair atá tíortha eile ag machnamh faoin tairbhe a bhaineann le ballraíocht san Aontas Eorpach.

Fág freagra ar 'Le cúnamh Dé agus Michel Barnier beidh deireadh go luath le próiseas anróiteach an Bhreatimeachta'

  • Fearn

    Deireadh leis?
    Go dtuga Dia do chiall dhuit. Níl ábhaillí na Breataine ach ina thús!