Le bliain ní raibh ort ach cuimhneamh ar do threabhsar a tharraingt ort ar maidin is bhí tú togha

Tar éis na dianghlasála, is geall le buama deich dtonna a bheith ag pléascadh i mo chloigeann iad na himeachtaí spóirt

Le bliain ní raibh ort ach cuimhneamh ar do threabhsar a tharraingt ort ar maidin is bhí tú togha

‘Mamaí, tá mé chomh sásta go bhfuil an spórt ar ais,’ a deir an Bheainín liom agus luisne ina grua, mar a deirtí i ndán. Bhí muid beirt ar an bhfoscadh ón mbáisteach faoi sceach aitinn ar bharr cnoic ar bhruach chathair na Gaillimhe.

‘Mise freisin,’ a dúirt mé agus iarracht fhuarbhruite á déanamh agam an spreacadh céanna a chur i mo ghlór féin. ‘Breathnaigh,’ a dúirt mé ansin is mé ag tabhairt faoi deara an phúir míoltóg a bhí ag cruinniú thart orainn, ‘tá an samhradh tagtha.’

Deir siad go bhfuil an spórt go maith ag gasúir. Nach ndeir? Tá cúis mhaith leis. An spórt atá mé a rá. Nach bhfuil?

Go háirithe an spórt foirne. An-tábhachtach go deo atá sé. Nach bhfuil?

Agus aclaíocht. Sin ceann eile. Caitheann muid an iomarca ama suite ar ár dtóineanna ag breathnú ar scáileáin. Aontaím ó bhun mo 

choise go barr mo chluaise leis an ráiteas sin. Go bhfóire Dia ar an té a déarfadh gur sórt scal é atá buailte ar dhuine a bheadh ag tiomáint gasúr thart chuig spórtanna difriúla in áiteanna difriúla ag amanna difriúla gach lá den tseachtain.

Ba cheart duitse trí spórt a dhéanamh freisin, Mamaí,’ a deir an Bheainín liom an lá cheana is muid ag éalú ó na míoltóga. D’airigh mé ceann de mo shúile ag at. Rug ceann de na míoltóga orm, ba léir. ‘Ba cheart, is dóigh,’ a dúirt mé.

‘Dá ndéanfainn ceann féin bheinn go maith.’ Níl a fhios agam cén spórt a mbainfinn triail as. Chiceáil mé liathróid an lá cheana is mé amuigh sa ngarraí leis na gasúir is bhí mé bacach go ceann trí lá.

Bíonn spraoi i gceist leis an spórt freisin. Baineann siad an-spraoi as, feictear dom. Is nach géire ná riamh a theastaíonn an spraoi uainn ar fad is muid spíonta ag an bpaindéim le breis agus ceithre mhí dhéag.

An t-aon rud a déarfainn, agus is rud beag é, is ná bain an chiall chontráilte as seo, ach théis bliain a chaitheamh ag iarraidh dul i gcleachtadh ar an dianghlasáil, is geall le buama deich dtonna a bheith ag pléascadh i mo chloigeann iad na himeachtaí spóirt.

Caithfear cuimhneamh ar na sceidil, na cultacha, na hionaid éagsúla, na foirmeacha Covid-19 atá le líonadh amach… Le bliain anuas ní raibh ort ach cuimhneamh ar do threabhsar a tharraingt ort ar maidin is bhí tú togha.

Tá grúpa WhatsApp nua ann do chuile spórt. 

D’fhág mé an guthán sa mbaile inné nuair a chuaigh mé amach ar shiúlóid agus nuair a tháinig mé ar ais théis uair an chloig bhí 56 fógra ar an mboiscín dearg ar choirnéal an WhatsApp. 

Ní hé nach bhfuil mé go deas, ach tá a fhios agam nach bhfuil an oiread sin tóir orm. Fiú ag an mBabaí féin, ó d’fhoghlaim sé lena bhricfeasta féin a réiteach.

Ní cheapaim go bhfuil aithne agam fiú ar 56 duine, is níor ghlaoigh éinne orm le 10 mbliana ó tháinig na fóin chliste ar an saol. Céard a bhí tarlaithe san uair an chloig sin a spreag 56 teachtaireacht? An raibh tús le paindéim eile. An raibh víreas eile tagtha chun cinn? 

Ní raibh. 

Ní raibh ann ach síorchomhfhreagas na n-imeachtaí spóirt.

Fág freagra ar 'Le bliain ní raibh ort ach cuimhneamh ar do threabhsar a tharraingt ort ar maidin is bhí tú togha'