‘Laughable’ – ‘timpiste’ a bhí i dtvuít ó nuachtán Feirsteach ag caitheamh anuas ar an nGaeilge

Tugadh le fios i dtvuít ón Belfast News Letter gur chúis gháire é gur caitheadh airgead ar bhileoga faoin athchúrsáil a aistriú go Gaeilge

‘Laughable’ – ‘timpiste’ a bhí i dtvuít ó nuachtán Feirsteach ag caitheamh anuas ar an nGaeilge

Tá tvuít a cuireadh amach ó chuntas an Belfast News Letter ag caitheamh anuas ar an nGaeilge scriosta ag an nuachtán Feirsteach.

Dúradh sa tvuít chonspóideach gur údar magaidh é gur caitheadh airgead ar bhileoga faoin athchúrsáil a aistriú go Gaeilge.

D’fhág an tvuít go raibh an chuma ar an scéal gur aontaigh an Belfast News Letter leis an méid a bhí le rá ag polaiteoir de chuid an DUP i dtuairisc de chuid an nuachtáin fhéin.

Dúirt Clement Cuthbertson go raibh sé “áiféiseach” gur chuir Comhairle Lár Uladh na bileoga amach i nGaeilge do Sheachtain na Gaeilge agus mhaígh sé nach raibh oiread is duine amháin i Lár Uladh arb í an Ghaeilge an chéad teanga aige.

“Seachas oideachas a chur ar dhaoine faoi athchúrsáil a dhéanamh, is amhlaidh go bhfuiltear ag cur acmhainní amú gan ghá ar rud a ráineodh gurb é an líonadh talún atá i ndán dúinn,” arsa Clement Cuthbertson, comhairleoir de chuid an DUP.

Agus tagairt á déanamh don cháineadh sin dúradh i tvuít an News Letter gur chúis gháire a bhí sna bileoga Gaeilge.

“Laughable. And this sort of thing will probably be indulged in the decades to come,” a dúradh.

 

Nuair a tharraing an grúpa feachtais An Dream Dearg agus daoine eile aird ar an tvuít, thug Eagarthóir an nuachtáin aontachtaigh Alistair Bushe le fios gur trí thimpiste a cuireadh an tvuít faoin nGaeilge amach ó chuntas an News Letter.

 

Thug an Dream Dearg suntas don scéal nár ghabh eagarthóir an nuachtáin leithscéal as an tvuít.

 

Fág freagra ar '‘Laughable’ – ‘timpiste’ a bhí i dtvuít ó nuachtán Feirsteach ag caitheamh anuas ar an nGaeilge'