Láthair champála Ghaeltachta le filleadh ar an Electric Picnic i mbliana

Idir an láthair champála, Puball na Gaeilge agus imeachtaí eile sa Chollchoill, tá súil cur le líon na nGaeilgeoirí ag an Electric Picnic i mbliana

Láthair champála Ghaeltachta le filleadh ar an Electric Picnic i mbliana

Beidh láthair champála speisialta ann do phobal na Gaeilge ag an Electric Picnic arís i mbliana agus é fógartha go mbeidh an láthair champála Ghaeltachta ag filleadh ar fhéile 2019.

Cuireadh an láthair ar fáil anuraidh chun spás a chruthú do lucht freastail na féile a bhí ag iarraidh a bheith i gcomhluadar na nGael agus ó d’éirigh chomh maith sin leis, beidh an láthair champála Ghaeltachta ann arís i mbliana.

Beidh áiseanna athchúrsála ag an láthair i mbliana agus an lucht eagraithe ag iarraidh béim a chur ar chúrsaí athchúrsála agus timpeallachta. Beidh siamsaíocht agus ceardlanna speisialta ar siúl ag an láthair chomh maith le ranganna ióga.

Níl aon chostas ar áit sa láthair champála Ghaeltachta a chur in áirithe ach níl ach líon teoranta spásanna ann.

Tá súil cur le líon na nGaeilgeoirí ag an bhféile i mbliana. Chomh maith leis an láthair champála do Ghaeilgeoirí, reáchtálfar an Puball Gaeilge arís agus tá súil ag lucht eagraithe na féile, i gcomhpháirtíocht le Conradh na Gaeilge, cur le himeachtaí Gaeilge sa ‘Chollchoill’.

“Tá muid ag súil go mór le fáilte a chur ar ais roimh Chonradh na Gaeilge agus an Ghaeilge chuig an gCollchoill, chuig #CroíNaFéile,” a dúirt Mary Kilduff ó Festival Republic, a reáchtálann an Electric Picnic.

“Is féile ealaíne agus chultúir í an Electric Picnic, agus déanfar ceiliúradh ar ár gcultúr agus ár dteanga álainn dhúchais sa Chollchoill.”

Beidh The Shandrum Céilí Band, Dó Fá Dó & Oisín Mac Giolla Bhríde agus a leithéidí ag seinm ar ‘Ardán na Collchoille’ i rith an deireadh seachtaine agus beidh filí REIC ar an láthair agus ag cur siamsaíochta ar fáil.

“Chonaiceamar an tionchar dearfach a bhí ag an teanga agus an cultúr a bheith os comhair an tsaoil ar lucht freastal na féile anuraidh,” a dúirt Síomha Ní Ruairc ó Chonradh na Gaeilge. “Táimid ag súil le fás agus forbairt a dhéanamh ar an ardán agus a thionchar a bheith le feiceáil, go háirithe ó tharla go mbeidh An Chollchoill lonnaithe i bpríomhlimistéir na féile.”

Reáchtálfar an Electric Picnic idir 30 Lúnasa agus 1 Meán Fómhair sa Sráidbhaile i gCo. Laoise.

– Is féidir áit sa láthair champála Ghaeltachta a chur in áirithe anseo

Fág freagra ar 'Láthair champála Ghaeltachta le filleadh ar an Electric Picnic i mbliana'