Tá an Lárionad Forbartha Gaeilge agus Gaeltachta i mBaile an Fheirtéaraigh oscailte go hoifigiúil anois ag an Aire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra, Jimmy Deenihan, T.D. Is é is aidhm leis an an Lárionad díriú ar áiseanna, seirbhísí agus gníomhaíochtaí Gaeilge, pleanála teanga agus gnó a sholáthar don phobal, do scoláirí, d’ábhar oidí agus d’fhiontraithe.
Is ann a bheidh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Coláistí Chorca Dhuibhne agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne lonnaithe feasta, mar aon le hoifig réigiúnach Údarás na Gaeltachta ó dheas. Tá Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ann chomh maith ina bhfuil áiseanna don naíonra áitiúil agus seirbhísí réamhscoile, agus tá clós súgartha poiblí do leanaí forbartha ar an suíomh.
Deineadh an Lárionad a fhorbairt ar chostas €3.5 milliún agus is iad Údarás na Gaeltachta, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo a mhaoinigh an togra seo ó thús.
Dúirt an tAire Stáit, Jimmy Deenihan T.D., go raibh sé thar a bheith sásta go raibh infheistíocht shuntasach déanta ag an Stát sa leithinis seo in imeacht na mblianta, agus go raibh gar do €2 milliún curtha ar fáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don Lárionad seo ón uair a tosnaíodh ar an bpleanáil roinnt blianta ó shin.
Thug sé le fios chomh maith go gcuireann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta suas le €0.5 milliún ar fáil d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne gach aon bhliain le haghaidh gníomhaíochtaí sa réimse pleanála teanga.
“Ón uair a bunaíodh é, bhí Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ag reáchtáil gníomhaíochtaí trí Ghaeilge sa cheantar,” a dúirt an tAire Deenihan, “agus anois tá éacht faoi leith déanta acu, ag pobal an cheantair agus ag Údarás na Gaeltachta trí ionad breá a chur ar fáil chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun cinn.”
Dúirt Tomás Mac Gearailt, Cathaoirleach Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, go bhfuil an Comharchumann “thar a bheith bródúil as an Lárionad seo atá forbartha aige i gcomhar leis na páirtithe eile. Tá ról lárnach ag an gComharchumann i gcúrsaí forbartha eacnamaíochta, sóisialta agus teanga i leithinis Chorca Dhuibhne ó bunaíodh é”, a dúirt sé. Chinnteodh an Lárionad nua seo go mbeadh ionad buan ar fáil sa cheantar do na glúnta atá le teacht ar mhaithe le pobal láidir Gaeilge a bhuanú agus fostaíochta a chur ar fáil sa cheantar, a dúirt sé.
Beidh 2,500 scoláire ag freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Lárionad i mbliana agus is fiú luach €7 milliún iad do gheilleagar áitiúil Chorca Dhuibhne.
Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go raibh lúcháir ar an Údarás a bheith in ann an suíomh a chur ar fáil do phobal Chorca Dhuibhne, forbairt an Lárionad a bhainistiú, cómhaoiniú a sholáthar agus aonaid ghnó a fhorbairt mar chuid den togra.
“Bhí gá le spás fiontraíochta a sholáthar in Iarthar Dhuibhneach agus cinntíonn an Lárionad seo go bhfuil aonaid ghnó nua-aimseartha ar fáil anois le freastal ar riachtanais forbartha ghnó an cheantair agus le tuilleadh fostaíochta a mhealladh chuige.”
Dúirt an Príomhfheidhmeannach gur ceannródaí teanga é Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus go ndéanfadh an Lárionad an fhostaíocht theangabhunaithe atá cruthaithe sa cheantar ag an gComharchumann agus a chuid fochomhlachtaí a bhuanú agus a fhorbairt a thuilleadh.
“Beidh an Lárionad mar chrann taca leis an nGaeilge a neartú mar theanga teaghlaigh trí na seirbhísí tacaíochta atá á soláthar ann agus feidhmeoidh sé mar thearmann teanga do chainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí sna blianta amach romhainn,” a dúirt sé.
Stilla Mellis
Is maith ann é. Fáiltímis roimhe. Daoine a bhfuil sár-Ghaeilge acu agus fonn orthu í a labhairt a chruthóidh an tIonad Gaeilge áfach. Daoine a tógadh le Gaeilge agus a bhfuil sí sa chroí acu. Is iomaí foirgneamh breá a bhfuil teideal uasal Gaelach air agus gan smid den teanga bheo le cloisteáil laistigh ach “I’ve no Irish but I’m learning.” Guímis rath ar Mhuintir Chorca Dhuibhne agus iad ag iarraidh a dteanga dúchais a neartú sa sochaí ilteangach ina mairimid. Nára fada go raibh ionad mar é in gach póca Gaeltachta agus in aice le gach Gaelscoil ar fud na tíre.